Cuireann an tAire Humphreys agus an tAire Joe O’Brien fáilte roimh fhoilsiú mheastóireacht chomhpháirteach an ECFE, an Choimisiún Eorpaigh agus na Roinne Coimirce Sóisialaí ar Fhostaíocht Pobail agus Tús
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir An tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht ar leith aige i leith Forbairt Pobail, Joe O’Brien, fáilte inniu roimh fhoilsiú ‘Connecting People with Jobs: Meastóireacht tionchair ar Bheartais Ghníomhacha na hÉireann maidir leis an Margadh Saothair’, meastóireacht tionchair de chláir na hÉireann do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach.
Leagtar amach sa thuarascáil chomhpháirteach idir an ECFE, Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiún Eorpaigh agus an Roinn Coimirce Sóisialaí an tionchar dearfach atá ag an Fostaíocht Pobail (FP) agus Tús ar ionchais fostaíochta daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach.
Leis an tuarascáil ar an meastóireacht tionchair, déantar cainníochtú don difríocht a dhéanann rannpháirtíocht an FP nó Tús ar thorthaí do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach. I gcomparáid le daoine den chineál céanna nach raibh rannpháirteach sna cláir seo, laistigh de trí nó ceithre bliana i ndiaidh rannpháirtíochta, bíonn meántuilleamh bliantúil níos airde ag na rannpháirtithe agus fostaítear iad ar feadh níos mó seachtainí. Is lú dóchúlachta freisin go mbeidh rannpháirtithe ar an mBeochlár nó go mbeidh íocaíochtaí leasa sóisialaigh eile á fháil acu.
Chuir an tAire Humphreys fáilte roimh an tuarascáil agus dúirt sí:
Is dul chun cinn tábhachtach é foilsiú ‘Connecting People with Jobs: Meastóireacht tionchair ar Bheartais Ghníomhacha na hÉireann maidir leis an Margadh Saothair, chun bonn fianaise a fhorbairt d’iarrachtaí na hÉireann cúnaimh a thabhairt do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach dul i mbun oibre. Is mór an t-ugach é go fionntar sa tuarascáil go bhfuil tionchar dearfach ag an dá chlár (Tús agus FP) ar thorthaí fostaíochta.
“Aithnímid an dochar a dhéanann dífhostaíocht fadtéarmach agus aithnímid an tairbhe a thugann scéimeanna ar nós Fostaíocht Pobail agus Tús do phobail áitiúla. Cuireann an tuarascáil seo fianaise láidir in iúl den tionchar dearfach atá ag na scéimeanna seo ar rannpháirtithe agus ar bhealach suntasach, cén cohóirt de dhaoine in a bhaintear an tairbhe is mó as na scéimeanna seo.”
Agus í ag trácht ar na torthaí, dúirt an tAire Humphreys:
“Is dea-scéal é an fianaise seo den tionchar dearfach atá ag dhá cheann de na scéimeanna is mó i mo Roinn féin. Tá thart ar 23,000 duine ar scéimeanna an FP gach bliain, le thart ar 7,000 rannpháirtí in aghaidh na bliana ó 2011 i leith. Leithdháileadh níos mó ná €440 milliún le haghaidh na scéimeanna seo i 2024.”
Dúirt an tAire Stáit in a bhfuil freagracht ar leith aige i leith Forbairt Pobail, Joe O’Brien:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an EFCE agus Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiún Eorpaigh as a bheith ag obair leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ar an tuarascáil seo, a insíonn dúinn faoin gcaoi a n-éiríonn le daoine tar éis a bheith rannpháirteach san Fhostaíocht Pobail nó Tús. Is dea-scéal é go gcuireann na torthaí in iúl an dul chun cinn suntasach ar ionchais fostaíochta daoine mar thoradh rannpháirtíochta.
“Mar Aire a bhfuil freagracht ar leith agam i leith Forbairt Pobail, tá áthas orm go bhfuil iniúchadh cuimsitheach agus mionchúiseach ar céard is féidir leis na scéimeanna seo a bhaint amach do rannpháirtithe.”
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ag oe.cd/ireland-almp-2024.
Táirgeadh an tuarascáil seo mar chuid den tionscadal “Treoirstaidéir ar mheastóireacht tionchair ar mhargadh saothair agus beartais shóisialta trí úsáid sonraí riaracháin agus suirbhé nasctha” atá cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach (Ard Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú an Choimisiúin Eorpaigh) (VS-2020-0 368).
Cúlra an tionscadail:
Tá an tuarascáil seo mar an tríú cheann déag de shraith ar thuarascálacha na tíre ar bheartais chun daoine a nascadh le poist níos fearr. Tionscnaíodh é faoi chuimsiú thionscadal an ECFE leis an gCoimisiún Eorpach, chun cabhrú le tíortha cailíocht na sonraí a bhailítear a fheabhsú agus a n-úsáid sa mheastóireacht ar thorthaí agus ar éifeachtacht na cláir mhargaidh saothair. Tá Stiúrthóireacht ECFE um Fhostaíocht, Saothar agus Gnóthaí Sóisialta (ELS), Ard Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú an Choimisiúin Eorpaigh, agus Lárionad Inniúlachta um Meastóireacht Mhicreacnamaíoch in Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh ag obair le chéile ar thionscadail cúig bliana, a thacaíonn ceapadh beartais ar bhonn fianaise i réimse an mhargaidh saothair agus na mbeartais shóisialta. Tá dhá aidhm ag an tionscadal chun éifeachtacht na mbeartas gníomhach maidir leis an margadh saothair a fheabhsú bunaithe ar thorthaí na meastóireachtaí tionchair fríthfhíorasacha agus chun cumas na dtíortha i leith ceapadh beartais bunaithe ar fhianaise a neartú.
Déantar cur síos ar an tionscadal EFCE-FP ar bhealach níos mionsonraithe anseo.
Leagann an tionscadail seo béim ar éacht Gealltanas 78 de straitéis náisiúnta seirbhísí fostaíochta an Rialtais, Straitéis Bealaí chun Oibre 2021-2025 a bhaint amach, a gheallann ‘Anailís fhoirmiúil ar thionchair an chláir a chur i bhfeidhm, le tacaíocht ó Chomhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair, ag tosú in 2021 le hanailís ar an Scéim Fostaíochta Pobail
Príomhthorthaí:
Déanann an tuarascáil ‘Connecting Ireland with Jobs: Meastóireacht tionchair ar Bheartais Ghníomhacha na hÉireann maidir leis an Margadh Saothair’ 26 moladh faoi na ceannteidil seo a leanas: