Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn an 12 Meán Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,783 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé hAoine an 11 Meán Fómhair, cuireadh 159 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 30,730 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
SoláthraíonnDeais Covid-19 Deais faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Is i gCathair agus i gContae Bhaile Átha Cliath atá 47% de na cásanna a tuairiscíodh inniu. Maidir le muintir Bhaile Átha Cliath go háirithe, tá sé ríthábhachtach anois aghaidh a thabhairt ar scaipeadh an ghalair sa phobal. Is féidir le roghanna aonair difríocht mhór a dhéanamh – dean athmhachnamh ar do phleananna don deireadh seachtaine, laghdaigh líon na ndaoine a mbuaileann tú leo agus seachain gníomhaíochtaí sóisialta a mbíonn grúpaí móra daoine páirteach iontu.
"Is galar an-tógálach é COVID-19 agus is féidir leis scaipeadh fiú nuair nach bhfuil aon siomptóim agat. Cuimhnigh, nuair a bhuaileann tú le cairde, le do mhuintir agus le comhghleacaithe, is é an bealach is fearr le gach duine a choinneáil slán ná fanacht 2m óna chéile."
CRÍOCH