Fógraíonn an tAire Humphreys €980 milliún i méaduithe coimirce sóisialaí nua atá le teacht i bhfeidhm inniu.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD inniu, go bhfuil €980 milliún i méaduithe Coimirce Sóisialaí le teacht i bhfeidhm inniu.
Déanann na feabhsuithe, atá mar chuid de Bhuiséad 2024, foráil maidir le méaduithe ar íocaíochtaí do phinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh ar ioncam íseal.
Is é €980 milliún costas iomlán na bhfeabhsuithe i mí Eanáir.
Is iad na bearta a thiocfaidh i bhfeidhm i mí Eanáir ná:
Tá na bearta seo sa bhreis ar na naoi gcnapíocaíocht, ar fiú breis is €1.2 Billiún iad, a fuair an tAire Humphreys mar chuid de Bhuiséad 2024 chun cabhrú le teaghlaigh leis an gcostas maireachtála.
Íocadh ocht gcinn de na híocaíochtaí seo roimh an Nollaig, lena n-áirítear Íocaíocht Bhónais na Nollag, íocaíocht dhúbailte den Sochar Linbh, €300 breise d’fhaighteoirí an Liúntais Breosla, €200 breise d’fhaighteoirí an Liúntais Maireachtála Aonair, €400 breise d’fhaighteoirí na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht, Íocaíocht €400 do Chúramóirí agus Deontas Tacaíochta Míchumais €400.
Beidh íocaíocht dhúbailte bhreise freisin sa tseachtain dar tús an 29 Eanáir 2024, íoctha ar an mbonn céanna le Bónas na Nollag, a íocfar ag na rátaí ardaithe a bheidh i bhfeidhm ón 2 Eanáir.
Agus bearta Coimirce Sóisialaí mhí Eanáir á bhfógairt aici, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil €980 milliún d’fheabhsuithe ar íocaíochtaí le teacht i bhfeidhm inniu.
“Fuarthas na méaduithe seo mar chuid den phacáiste Buiséid Coimirce Sóisialaí is mó i stair an Stáit agus rachaidh siad chun tairbhe do na céadta mílte teaghlach ar fud na tíre, lena n-áirítear ár gcúramóirí, ár bpinsinéirí, ár dtuismitheoirí aonair agus daoine faoi mhíchumas.
“Tá áthas orm go háirithe na híocaíochtaí i leith Leanaí Cáilithe agus na tairseacha um Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht a mhéadú arís. Is tacaíochtaí ríthábhachtacha iad seo a chabhraíonn le bochtaineacht na leanaí a laghdú.
“Tá na bearta seo sa bhreis ar an tsraith Íocaíochtaí Cnapshuime a eisíodh le seachtainí beaga anuas agus dearadh iad chun níos mó airgid a chur ar ais i bpócaí daoine agus chun cabhrú le teaghlaigh ar fud na tíre leis an mbrú a bhaineann le costais mhaireachtála.”
Nótaí do na hEagarthóirí:
Beart buiséid dar tús mhí Eanáir 2024 | Ag tosú | Líon na dTairbhithe |
Beidh méadú €12 in aghaidh na seachtaine ar uasráta na n-íocaíochtaí seachtainiúla ar fad le harduithe comhréireacha do dhaoine fásta cáilithe agus dóibh siúd atá ar rátaí laghdaithe íocaíochta. | Le héifeacht ón gcéad seachtain i mí Eanáir. | Os cionn 1.4 milliún. |
Beidh méadú €4 ar ráta seachtainiúil an Mhéadaithe i leith Leanaí Cáilithe do leanaí de gach aois; ó €42 go €46 in aghaidh na seachtaine do leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois, agus ó €50 go €54 in aghaidh na seachtaine do leanaí atá 12 bhliain d’aois agus níos sine. | Le héifeacht ón gcéad seachtain i mí Eanáir. | Os cionn 370,000 leanbh. |
Tá méadú €54 ar thairseach sheachtainiúil na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht do theaghlaigh de gach méid. | Le héifeacht ón 4 Eanáir 2024. | Thart ar 45,000 faighteoir na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht reatha. Ina theannta sin, beidh níos mó teaghlach incháilithe don íocaíocht mar thoradh ar an méadú seo. |
Beidh méadú €10 ar ráta an Liúntais Cúraim Baile go €340 in aghaidh na míosa. | Le héifeacht ón 1 Eanáir 2024. | Os cionn 63,000 leanbh. |