Spreagann an tAire Sláinte, an Príomhoifigeach Altranais agus an Príomhoifigeach Leighis glacadh le vacsaíniú don fhliú séasúrach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mhol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an Príomhoifigeach Altranais, Rachel Kenna agus an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Breda Smyth do gach duine a vacsaín fliú a fháil an séasúr geimhridh seo. Bhí an tAire Donnelly, Ms Kenna agus an tOllamh Smyth ag labhairt mar a fuair gach duine acu a gcuid vacsaíní fliú Dé Máirt.
Ó sheol FSS an clár vacsaínithe séasúrach don fhliú go luath i mí Dheireadh Fómhair, tá os cionn 600,000 vacsaín fliú tugtha.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Cuirim fáilte mhór roimh an glacadh dearfach den vacsaín fliú atá feicthe againn ó sheol FSS an clár níos luaithe an mhí seo. Tá a fhios againn go dtugann vacsaíní cosaint mhaith ó COVID-19 agus ón bhfliú séasúrach araon, agus molaim do gach duine atá incháilithe leas a bhaint as an deis seo a luaithe is féidir. Tá an vacsaín ar fáil saor in aisce d'oibrithe cúram sláinte freisin. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaidh ár n-oibrithe cúram sláinte gach beart is féidir chun iad féin a chosaint ar víris cosúil le fliú an geimhreadh seo."
Dúirt Ms Kenna:
“Tá an vacsaín fliú ar fáil ó Dheireadh Fómhair go hAibreán gach bliain. Is vacsaín shábháilte agus éifeachtach í a chuidíonn le cosaint ón bhfliú. Is é an t-am is fearr chun an vacsaín fliú a fháil ná sula dtosaíonn séasúr an fhliú. Riartar vacsaín fliú na leanaí mar sprae sróine agus tá sé ar fáil saor in aisce do gach leanbh idir 2 agus 17 mbliana d'aois ó dhochtúirí teaghlaigh agus ó chógaslanna. Mholfainn d'aon duine nár bhain leas as vacsaín fliú go fóill coinne a chur in áirithe duit féin agus do do leanbh chomh luath agus is féidir.
Dúirt an tOll. Smyth:
"Tá vacsaíní fliú agus COVID-19 ar fáil ó dhochtúirí teaghlaigh rannpháirteacha agus ó chógaslanna rannpháirteacha agus is féidir iad a thabhairt ag an am céanna.Is iad na vacsaíní, chomh maith lenár gcloí leanúnach leis an gcomhairle sláinte poiblí, an chosaint is fearr atá againn ó gach tinneas riospráide an geimhreadh seo. Cuimhnigh dea-shláinteachas lámh agus riospráide a chleachtadh, na fuinneoga a choinneáil oscailte, masc a chaitheamh nuair is cuí agus féin-aonrú má bíonn siomptóim COVID-19 ort."
Má tá tú i ngrúpa molta, tá sé tábhachtach socrú a dhéanamh chun do vacsaín fliú saor in aisce a fháil anois. Áirítear leis sin na daoine seo a leanas:
Mura bhfuil tú incháilithe do vacsaín saor in aisce, is féidir leat socrú a dhéanamh chun vacsaín fliú a fháil ó do chógaslann rannpháirteach áitiúil nó ó do dhochtúir teaghlaigh. Téigh chuig hse.ie/flu chun cógaslann áitiúil a aimsiú a thairgeann an vacsaín fliú.
Maidir le leanaí idir 5 agus 11 bliana d'aois, nach raibh vacsaín COVID-19 acu agus dóibh siúd a bhfuil córas imdhíonachta lag acu agus atá dlite teanndáileog a fhéil, tá coinní ar fáil ag ionaid vacsaínithe FSS trí choinne a dhéanamh ar www.hse.ie..
Cuir do chéad choinne teanndáileoige in áirithe ar www.hse.ie má tá tú 12 bhliain d'aois nó níos sine.
Tá daoine idir 50 agus 64 bliana d'aois, mná torracha (ó 16 seachtaine), oibrithe cúram sláinte, daoine 12 bliain d'aois nó níos sine le riocht a chuireann i mbaol mór breoiteachta iad ó COVID 19 (mar shampla, diaibéiteas nó galar croí) incháilithe anois clárú don dara teanndáileog COVID -19.
Tá daoine 65 bliana d'aois nó níos sine agus daoine 12 bhliain d'aois nó níos sine a bhfuil córas imdhíonachta lag acu i dteideal clárú anois dá dtríú teanndáileog.
Níl sé ró-dhéanach an phríomhdháileog den vacsaín COVID-19 a fháil. Is iad na vacsaíní an bealach is éifeachtaí chun muid féin a chosaint ar na héifeachtaí is measa de COVID-19.
Ba cheart d'aon duine a bhfuil siomptóim COVID -19 acu féin-aonrú go dtí 48 uair an chloig tar éis do na siomptóim a bheith réitithe go mór nó go hiomlán - ná freastal ar aon imeachtaí sóisialta, obair, scoil nó coláiste má tá siomptóim ort.
Ba cheart d'aon duine a ndearnadh diagnóis orthu le COVID-19 féin-aonrú ar feadh 7 lá ó dháta tosaithe na siomptóm, nó má tá siad aisiomptómach, ó dháta na chéad tástála deimhní. Ba cheart do dhuine ar bith a bhfuil deireadh ag teacht lena tréimhse féin-aonraithe ag lá a seacht leanúint ar aghaidh ag cloí le bearta cosanta sláinte poiblí eile.
Moltar maisc a chaitheamh ar iompar poiblí agus i suíomhanna cúram sláinte. Moltar maisc a chaitheamh freisin bunaithe ar mheasúnú riosca aonair. Níor chóir go gcuirfí in aghaidh duine ar bith ar mian leo masc a chaitheamh. Moltar do dhaoine aonair atá leochaileach i leith COVID-19 a bheith ar an eolas faoin riosca a bhaineann le gníomhaíochtaí a d'fhéadfaidís a roghnú páirt a ghlacadh iontu agus bearta a dhéanamh chun iad féin a chosaint ar an mbealach is fearr.
Moltar do dhaoine leochaileacha smaoineamh ar mhaisc a chaitheamh i suíomhanna plódaithe faoi dhíon a d'fhéadfadh baint a bheith acu, mar shampla, le cruinnithe sóisialta nó le gníomhaíochtaí agus imeachtaí eile.
Lean ort ag cleachtadh sláinteachas maith láimhe agus riospráide trí lámha a ní agus a dhíghalrú go rialta agus casacht/sraothartach a dhéanamh isteach i d'uillinn. Coinnigh achar fisiciúil nuair is féidir.
Buail le chéile lasmuigh más féidir. Agus tú ag bualadh le daoine taobh istigh, seachain spásanna nach bhfuil aeráilte go maith agus coinnigh fuinneoga ar oscailt.