Dul chun cinn stairiúil maidir le hUathchlárú - an tAire Humphreys
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, ceadú an rialtais do Scéim Ghinearálta an Bhille um an Córas Coigiltis Scoir Uathchláraithe (AE).
Tá Scéim Ghinearálta an Bhille tarchurtha anois ag an Aire Humphreys chuig Comhchoiste an Oireachtais um Chosaint Shóisialta le haghaidh Grinnscrúdú Réamhreachtach.
Is dul chun cinn stairiúil é an fógra seo maidir le Córas Uathchláraithe a sheachadadh in Éirinn. Tá an córas nua deartha chun an cinneadh maidir le pinsin d'oibrithe a shimpliú agus é a dhéanamh níos éasca d'fhostóirí pinsean san ionad oibre a thairiscint.
Faoin Uathchlárú, beidh rochtain ag fostaithe ar scéim choigiltis pinsin san ionad oibre arna gcómhaoiniú ag a bhfostóir agus ag an Stát. Gné lárnach den chóras is ea cé gur rannpháirtíocht dheonach atá i gceist, go n-oibríonn sé ar bhonn ‘rogha an diúltaithe' seachas ar bhonn 'rogha an ghlactha'.
D'fhonn oibrithe a spreagadh chun páirt a ghlacadh, déanfaidh an fostóir a gcoigilteas pinsin a mheaitseáil ar bhonn aon d'aon. Cuirfidh an Stát breisiú €1 ar fáil freisin ar gach €3 a shábhálfaidh an t-oibrí. Ciallaíonn sé seo go n-infheisteoidh an fostóir agus an Stát le chéile €4 eile in aghaidh gach €3 a shábhálfaidh an fostaí.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Bhí seachadadh Uathchlárú ina phríomhthosaíocht dom ó ceapadh mé mar Aire Coimirce Sóisialaí. Níos luaithe i mbliana d'fhoilsigh mé na prionsabail deartha deiridh don Chóras Coigiltis Scoir Uathchláraithe d'Éirinn. Ó shin i leith, tá a lán oibre déanta maidir lena chur i bhfeidhm a chur chun cinn. Áirítear leis seo dréachtú Cheannteidil an Bhille agus tá áthas orm a rá go bhfuil siad ceadaithe anois ag an Rialtas. Is cloch mhíle stairiúil é seo san aistear i dtreo cur ar chumas daoine atá gan chlúdach pinsin ceirde faoi láthair airgead a shábháil dá scor. Tar éis na mblianta ag caint faoi hUathchlarú sa tír seo, tá áthas orm a rá go bhfuil AE de réir sceidil anois agus beidh sé á thabhairt isteach go luath in 2024."
Dúirt an tAire:
“Dréachtaíodh an Scéim Ghinearálta maidir le prionsabail an dearaidh deiridh a d'fhógair mé i mí an Mhárta seo caite. Táim ag tnúth anois le bheith ag obair le comhaltaí an Chomhchoiste Oireachtais um Chosaint Shóisialta, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin de réir mar a dhéanann sé Grinnscrúdú Réamhreachtach. Cabhróidh an obair thábhachtach seo ó bhaill an Choiste le hullmhú an Bhille Uathchláraithe, agus tá súil agam é a chur faoi bhráid an Oireachtais a luaithe agus is féidir tar éis don Choiste a gcuid oibre a thabhairt chun críche."
Dúirt an tAire Humphreys mar fhocal scoir:
“Tá daoine ag maireachtáil níos faide agus níos sláintiúla agus trí AE ba mhaith liom a chinntiú gur féidir leo taitneamh a bhaint as a mblianta scoir agus sláine airgeadais acu. Tá a fhios agam go measann go leor daoine go bhfuil an scor i bhfad ar shiúl agus go gceapann siad go bhfuil neart ama acu sula gcaithfidh siad smaoineamh ar phinsean. Tá pinsin casta agus mar sin bíonn claonadh againn go léir iad a chur ar an méar fhada – gheobhaidh mé é an bhliain seo chugainn nó fiú an bhliain ina dhiaidh sin.
“Is athchóiriú ó ghlúin go glúin é AE i dtírdhreach pinsean na hÉireann.> Rachaidh sé i ngleic le táimhe pinsin tríd an gcóras atá ann faoi láthair a athrú ó bhonn go dtí ceann ina mbeidh ar dhaoine “rogha an diúltaithe” a roghnú d'aon ghnó ó chlúdach pinsin fhorlíontach seachas “rogha an ghlactha”. Ní hamháin go bhfuil sé i gceist daoine a chur ag sábháil airgid níos luaithe ach tá sé i gceist tacú leo sa phróiseas sin trí roghanna pinsin a shimpliú agus, níos tábhachtaí fós, trí sholáthar a dhéanamh do ranníocaíochtaí suntasacha fostóra agus Stáit chomh maith.”
I mí an Mhárta 2022 cheadaigh an rialtas na [external-link https://www.gov.ie/en/publication/27bab-launch-of the-final-design-of-an-automatic-enrolment-ae-retirement-savings-system-for-ireland/ | prionsabail an dearaidh deiridh do chóras coigiltis scoir uathchláraithe (AE) ], de réir ghealltanas Chlár an Rialtais chun córas uathchláraithe pinsean a thabhairt isteach. Forálann cinneadh an rialtais go mbunófar an córas AE faoi dheireadh 2023, agus tosóidh na cláruithe in 2024. Is iad seo a leanas príomhghnéithe dhearadh an chórais AE:
Comhlánóidh an córas AE an Pinsean Stáit, a bheidh ina bhunchloch de chóras pinsin na hÉireann i gcónaí, ag soláthar leibhéal bunúsach ioncaim do lucht scoir agus á gcosaint i gcoinne bhochtaineacht pinsinéara.
Faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann i ndáil le Gnó Poiblí (Buan-Ordú 174A), ceanglaítear ar an rialtas dréacht-cheannteidil bille/Scéime Ginearálta a sholáthar don Choiste Oireachtais ábhartha le haghaidh grinnscrúdú réamhreachtach a luaithe a bheidh na dréacht-cheannteidil faofa ag an gComh-aireacht. Foráiltear leis na Buan-Orduithe do chreat ama caighdeánach ocht seachtaine i gcomhair grinnscrúdú réamhreachtach, agus ina dhiaidh sin féadfaidh an tAire dul ar aghaidh agus an Bille a fhoilsiú. Comhlíonann tarchur ceannteidil bille don chóras Uathchláraithe chuig an gComhchoiste Oireachtais um Choimirce Shóisialta, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin an ceanglas seo. I bhfianaise an fhráma ama chun Uathchlárú a chur i bhfeidhm, tá an tAire ag obair, i gcomhar leis an OPC, chun Bille Uathchláraithe a thabhairt isteach san Oireachtas go luath sa bhliain 2023.