Fógraíonn an tAire Humphreys laghdú ar thairseach uaireanta an chloig don Scéim Fóirdheontais Pá d’Fhostaithe faoi Mhíchumas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, laghdú inniu ar thairseach na n-uaireanta an chloig don Scéim Fóirdheontais Pá d’fhostaithe faoi mhíchumas.
Tá na huaireanta seachtainiúla ar ar féidir le fostóirí leas a bhaint as an Scéim Fóirdheontas Pá laghdaithe ó 21 go 15 uair ón 1 Aibreán.
Is tacaíocht fostaíochta í an Scéim Fóirdheontais Pá a bhfuil sé mar aidhm aici fostú daoine faoi mhíchumas a spreagadh sa mhargadh saothair oscailte.
Tugann an scéim dreasachtaí airgeadais d’fhostóirí ón earnáil phríobháideach chun daoine faoi mhíchumas a fhostú. Is é an bunráta fóirdheontais ná €6.30 in aghaidh na huaire, rud a fhágann gurb ionann fóirdheontas iomlán bliantúil agus €12,776 in aghaidh na bliana bunaithe ar sheachtain 39 uair an chloig.
Ón 1 Aibreán ní mór an obair a thairgtear a bheith ar feadh 15 uair an chloig ar a laghad in aghaidh na seachtaine (laghdaithe ó 21 uair an chloig mar thoradh ar an mbeart seo) agus tá an fóirdheontas ar fáil suas le 39 uair sa tseachtain.
Is féidir tuilleadh eolais faoin Scéim Fóirdheontais Pá a fháil ag Gov.ie Scéim Fóirdheontais Pá.
Agus an t-athrú a thiocfaidh i bhfeidhm an tseachtain seo chugainn á fhógairt aici, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD:
“Chun tacú le daoine faoi mhíchumas tá bród orm a fhógairt, le héifeacht ó thús mhí Aibreáin, go bhfuilimid ag laghdú na tairsí uaireanta seachtainiúla ar ar féidir le fostóirí leas a bhaint as an Scéim Fóirdheontas Pá ó 21 go 15 uair an chloig.
“In oirchill na moltaí a bhí san athbhreithniú ar an scéim seo, theastaigh uaim an t-athrú seo a dhéanamh chomh luath agus ab fhéidir.
“Tá sé bunaithe ar aiseolas ón earnáil tríd an bpróiseas comhairliúcháin agus cuideoidh sé le tacaíocht a thabhairt do níos mó daoine faoi mhíchumas dul i mbun fostaíochta.”
Tá gealltanas i gClár an Rialtais scéimeanna fostaíochta spriocdhírithe a mhionchoigeartú agus a leathnú, amhail an Scéim Fóirdheontais Pá, chun cabhrú le níos mó daoine faoi mhíchumas fanacht san fhórsa saothair. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn Coimirce Sóisialaí ar an scéim faoi láthair agus táthar ag súil go mbeidh sí tugtha chun críche sna míonna amach romhainn.
Áiríodh san athbhreithniú comhairliúchán poiblí ceithre seachtaine anuraidh le daoine faoi mhíchumas, fostóirí agus an pobal i gcoitinne, rud a fuair os cionn 1,000 aighneacht.
Is scéim faoi stiúir éilimh í an Scéim Fóirdheontais Pá agus faoi láthair tá 1,512 fostóir san earnáil phríobháideach ag baint leas as an bhfóirdheontas i leith 2,441 fostaí rannpháirtí.
Tá na tacaíochtaí airgeadais d’fhostóirí struchtúrtha faoi thrí shnáithe ar leith agus d’fhéadfadh sé dul chun sochair do chuideachtaí a bheith faoi shnáithe amháin nó faoi dhá nó trí shnáithe ag an am céanna ag brath ar líon na ndaoine faoi mhíchumas atá fostaithe: -