Fáiltíonn an tAire Donohoe riamh fheidhmíocht láidir chánach na bliana seo caite
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Úsáid bainte as fáltais farasbairr chánach corparáide chun barrachas dheireadh na bliana a fheabhsú, agus cur ar chumas na hÉireann déileáil níos fearr leis na rioscaí a bheidh ann amach
Bhí fáltais chánachais le haghaidh 2019 cothrom le €59.3 billiún, an leibhéal is airde riamh agus beagnach €1.4 billiún os cionn an fhigiúir a bhí luaite ar dtús. Sna príomh-cheannteidil chánach ar fad, bhí fáltais ag teacht lena raibh súil leis ach bhain eisceacht shuntasach amháin leis na fáltais cánach corparáide, a bhí €1.4 billiún níos mó ná mar a bhí tuartha.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D., agus é ag fáiltiú roimh na figiúirí:
“Fianaise ar an bhforbairt gheilleagrach agus ar an méadú ar fhostaíocht é feidhmíocht láidir na bhfáltas cánach arís anuraidh. I dteannta le méaduithe dea-bhainistithe ar chaiteachas, is ionann na fáltais chánach seo agus barrachas buiséid de 0.4 faoin gcéad de OTI don bhliain seo caite.
“Is é barrachas buiséid a rith an chéad mhodh cosanta chomh fada is a bhaineann lenár róbhrath ar fháltais chánach corparáide. Is é an aidhm atá againn, barrachas 1 faoin gcéad de OTI a bhaint amach faoi 2022 agus é sin a choimeád sa mheántréimhse – faoi réir fás geilleagrach leanúnach. I bhfocail eile, níl fáltais ‘farasbairr’ cánach corparáide in úsáid chun caiteachas laethúil a mhaoiniú, tá siad in úsáid chun fiachas a laghdú.”
CRÍOCH
Nótaí don eagarthóir:
Bhí an réamhaisnéis d’ioncam cánach sonraithe i mBuiséad 2019 (i nDeireadh Fómhair 2018).
Beidh olltoradh ginearálta an rialtais le haghaidh 2019 á thuairisciú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh in Aibreán 2020.
Anuraidh bhí an t-ioncam cánach cothrom le €59.3 billiún.
Anuraidh bhí an t-ollchaiteachas vótáilte ar sheirbhísí poiblí agus bonneagar cothrom le €67.4 billiún, lena n-áirítear breis is €10 mbilliún i gcaiteachas atá á mhaoiniú ón gCiste Árachais Shóisialaigh agus ón gCiste Náisiúnta Oiliúna.
Áiríodh san fhigiúr sin caiteachas reatha de €60 billiún (méadú bliantúil de 5.2 faoin gcéad) agus caiteachas caipitil de €7.4 billiún (méadú bliantúil de 22.5 faoin gcéad).