Seolann an Taoiseach an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Lár na Cathrach Thoir Thuaidh 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí an Taoiseach Micheál Martin in éineacht le Michael Stone, Cathaoirleach Bhord Forfheidhmithe Chlár Lár na Cathrach Thoir Thuaidh, inniu chun an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn 2022 Thionscnamh Lár na Cathrach Thoir Thuaidh a sheoladh.
Cuireadh tús le Tionscnamh Lár na Cathrach Thoir Thuaidh (NEIC) i mí Iúil 2016, nuair a sheol an Rialtas tionscnamh mór do Lár Chathair Thoir Thuaidh Bhaile Átha Cliath chun maoirseacht a dhéanamh ar athghiniúint fhadtéarmach shóisialta agus gheilleagrach an cheantair. Tá an obair seo faoi stiúir Bhord Cur Chun Feidhme an Chláir NEIC (PIB) agus a Fhoghrúpaí, agus tá sé i gceist leis go mbeadh príomhranna agus príomhghníomhaireachtaí an rialtais ag obair go dlúth le hionadaithe pobail.
Ó 2016 i leith, tá os cionn €38.2 milliún infheistithe ag an rialtas faoin Tionscnamh seo a bhfuil dul chun cinn suntasach déanta aige ó thaobh feabhas a chur ar shaol na ndaoine atá ina gcónaí i Lár Chathair Thoir Thuaidh Bhaile Átha Cliath agus atá ag obair ann.
Is é seo an séú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Tionscnamh an NEIC agus leagtar amach ann an obair mhór ar thug Bord Forfheidhmithe an Chláir fúithi in 2022 chomh maith le tosaíochtaí le haghaidh 2023.
Ag labhairt dó in Ionad Acmhainní Teaghlaigh Shráid an Chnoic, dúirt an Taoiseach:
"Tá an-áthas orm ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir leis an bhfís atá againn do Lár na Cathrach Thoir Thuaidh mar thimpeallacht mhaireachtála agus oibre atá sábháilte, tarraingteach agus bríomhar.
"I mí Iúil, ba chúis áthais dom Stáisiún Gardaí Shráid Mhic Giobúin a athoscailt go hoifigiúil agus é ar an gcéad stáisiún póilíneachta pobail dá leithéid sa tír.
"Ina theannta sin, rachaidh an athfhorbairt ar an suíomh ina mbíodh neachtlann Mhaigdiléana roimhe seo go mór chun sochair don cheantar agus Ionad Náisiúnta Taighde agus Cuimhneacháin, tithíocht shóisialta agus réimse áiseanna don phobal áitiúil, i gceist leis.
"Cuirfidh an fhorbairt seo an NEIC chun tosaigh arís agus tionscadal uathúil, forásach aige a bhféadfaidh an pobal ar fad a bheith bródúil as sna blianta atá amach romhainn."
Agus é ag labhairt faoi shábháilteacht an phobail, rud atá ina príomhthosaíocht don Bhord, dúirt Michael Stone, Cathaoirleach Neamhspleách ar Thionscnaimh an NEIC:
"Táimid go léir ag obair i dtreo oidhreacht sábháilteachta buan a chur ar fáil do na pobail áitiúla trí dhul i ngleic leis an mangaireacht drugaí, leis an gcoiriúlacht agus leis an iompar frithshóisialta.
"Ní féidir leis na Gardaí, áfach, é seo a dhéanamh ina n-aonar. Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna seo teastaíonn comhoibriú idir na gníomhaireachtaí agus an pobal. Ar an mbonn sin, ar cheann de na tionscnaimh nua ar thacaigh muid leo i mbliana tá foireann 'Téarnamh Cuidithe Forfheidhmithe Dlí' a bhunú do cheantar NEIC.
"Tá an fhoireann seo, trí chur chuige ilghníomhaireachta a úsáid, ag cabhrú le daoine a bhfuil riachtanais chasta agus riachtanais iomadúla acu, amhail andúil agus deacrachtaí meabhairshláinte, dul i ngleic le seirbhísí tacaíochta, go minic den chéad uair."
I measc roinnt de na buaicphointí ó Thuarascáil Dul Chun Cinn 2022 tá:
Cuireadh tús le North East Inner City Initiative i mí Iúil 2016, nuair a sheol an rialtas tionscnamh mór do Lár Chathair Thoir Thuaidh Bhaile Átha Cliath chun maoirseacht a dhéanamh ar athghiniúint fhadtéarmach shóisialta agus gheilleagrach an cheantair.
Chun tacaíocht a thabhairt d’obair an Tionscnaimh, ceapadh an tUasal Kieran Mulvey le dul i dteagmháil le hionadaithe na ngrúpaí pobail áitiúla agus le lucht spéise eile, agus tuairisc a thabhairt ar ais ina mbeadh moltaí sonracha.
Tuarascáil Mulvey ‘Creating a Brighter Future’ foilsíodh é i mí Feabhra 2017 agus é ina aschur ar an gcomhairliúcháin le grúpa leathan de pháirtithe leasmhara a dhéanann ionadaíocht ar an gceantar. Scríobhadh Tuarascáil Mulvey mar fhreagra ar na bunfhadhbanna socheacnamaíocha atá sa cheantar agus an t-aighneas leanúnach.
I dTuarascáil Mulvey, tugadh breac-chuntas ar a dteastóidh chun na hathraithe a chur i bhfeidhm agus chuir sé fís shoiléir i láthair do thodhchaí Lár na Cathrach Thoir Thuaidh. Mhol Tuarascáil Mulvey roinnt struchtúr chomh maith le ceapacháin nua chun an obair seo a stiúradh.
Mar thoradh ar an tuarascáil, bunaíodh Bord Forfheidhmithe Chlár Lár na Cathrach Thoir Thuaidh agus na Foghrúpaí, chomh maith le sraith de mholtaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shóisialta agus gheilleagracha atá i Lár na Cathrach Thoir Thuaidh faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.
I measc bhaill Bhord Forfheidhmithe an Chláir tá ionadaithe ó ranna agus ó ghníomhaireachtaí rialtais ábhartha, ón lucht gnó agus ón bpobal áitiúil.
Tá sé Fhoghrúpa ag obair ar na gnéithe seo a leanas:
Chuir siad seo forlíonadh breise le Tuarascáil Mulvey NEIC Strategic Plan 2020 – 2022. I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhí ann le linn na paindéime, ghlac Bord Forfheidhmithe an Chláir an cinneadh le déanaí an Plean Straitéiseach a athnuachan agus síneadh bliana eile a chur leis go deireadh 2023.