Buaileann an tAire Charlie McConalogue le Coiste Iascaigh Chomhairle Contae Dhún na nGall
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, Teachta Dála i nDún na nGall, le Coiste Iascaigh Chomhairle Contae Dhún na nGall. Bhí deis ag an Aire i rith an chruinnithe éisteacht le Comhairleoirí Contae Dhún na nGall ag labhairt faoi na hábhair imní agus na hábhair lena mbaineann tábhacht i ndáil leis an earnáil iascaireachta i nDún na nGall. Pléadh go leor rudaí éagsúla i rith an chruinnithe agus tagraíodh do na héifeachtaí atá ag Comhaontú Trádála agus Comhair an AE/na Ríochta Aontaithe ar iascaigh, agus tacaíochtaí d’iascairí, deiseanna infheistíochta sa tionscal lena n-áirítear céanna agus calafoirt áitiúla agus pleananna an Rialtais do phleanáil Spásúlachta Muirí.
D’éist an tAire go cúramach leis an méid a bhí le rá faoi éifeachtaí aistriú na gcuótaí scaireanna ón AE agus ón Ríocht Aontaithe ar an tionscal iascaireachta i nDún na nGall agus bhí an méid seo a leanas le rá aige, “Tuigim go maith gur cúis mhór imní dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an tionscal anseo caillteanas an chuóta iascaireachta agus go háirithe na haistrithe chuig ár gcuóta ronnach agus na stoic iasc geal san iarthuaisceart. Tá sé curtha in iúl agam ag Comhairlí Iascaigh foirmiúla an AE agus ag cruinnithe déthaobhacha go bhfuil na haistrithe cuóta atá le cur i bhfeidhm in Éirinn díréireach chomh fada is a bhaineann le comhroinnt dualgas. Tá iarratas déanta agam go n-aimseofaí sásraí chun an íocaíocht a athchothromú ar bhealach níos cothroime agus tá sé beartaithe agam leanúint ar aghaidh ag obair leis an tionscal, agus tairbhe a bhaint as gach deis atá ann aistrithe a athchothromú ar son na hÉireann.”
Mhínigh an tAire na pleananna atá aige chun déileáil leis na dúshláin atá cruthaithe ag Brexit agus bhí an méid seo a leanas le rá aige os comhair an Choiste, “Tá Tascfhórsa don Earnáil Bia Mara bunaithe agam, a bhfuil a chéad chruinniú á reáchtáil aige inniu, chun moltaí a dhéanamh maidir le bearta chun na héifeachtaí atá ag na laghduithe ar an gcuóta scaireanna iasc mar thoradh ar Chomhaontú Trádála & Comhair an AE/na Ríochta Aontaithe ar thionscal Iascaireachta na hÉireann, agus ar na pobail cois cósta atá ag brath ar na hiascaigh a mhaolú. Is é Aidan Cotter cathaoirleach an Tascfhórsa, abhcóide agus iar-POF Bhord Bia. Beidh grúpa stiúrtha ag cabhrú leis an Uasal Cotter agus tá na daoine seo a leanas páirteach sa ghrúpa stiúrtha - Margaret Daly, Leas-POF an phróiseálaí bia mara Errigal Bay Ltd agus Mícheal Ó Cinnéide, comhalta den Bhord Achomhairc um Cheadúnais Dobharshaothraithe agus iar-Stiúrthóir EPA agus Fhoras na Mara. Tá cur amach ag comhaltaí an tascfhórsa ar na hearnálacha iascaireachta, dobharshaothraithe agus próiseála bia mara, leasa forbartha pobail agus raon gníomhaireachtaí forbartha a bhfuil leas acu i bhforbairt gheilleagrach ár bpobal cois cósta.”
Bhí an méid seo a leanas le rá aige freisin, “Maidir le hinfheistíocht a dhéanamh in infreastruchtúr, tá maoiniú teoranta á sholáthar ag mo Roinn chun cabhrú le hÚdaráis Áitiúla tionscadail bheaga a chur i gcrích agus céanna, calafoirt agus fánáin atá faoina n-úinéireacht atá nasctha leis an tionscal iascaireachta a fhorbairt. Cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil an maoiniú atá ar fáil do thionscadail chaipitiúla Údaráis Áitiúil ar fud na tíre in 2021 méadaithe go dtí €3.6m, arb ionann é agus méadú 20% i gcomparáid leis an maoiniú a bhí ar fáil in 2020.”
Mar fhocal scoir bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire “Tá €21m curtha ar fáil agam don chéim dheireanach den tionscadal sínidh 120 méadar ag Smooth Point in ionad calafoirt Iascach na gCealla Beaga, atá beartaithe a chríochnú i mbliana. Tacóidh sé seo leis Na Cealla Beaga gabhálacha méadaithe iasc a mhealladh ó árthaí iascaireachta Éireannacha agus eachtracha agus ar an mbealach seo leanfar lena chinntiú gurb é an príomhionad le haghaidh gabhálacha peiligeacha san AE agus mórionad le haghaidh gabhálacha iasc geal. Is mian liom buíochas a ghabháil le comhaltaí an Choiste agus leis na páirtithe leasmhara as a gcuid rannpháirtíochta agus oibre maidir le cúrsaí iascaireachta agus tá mé ag súil le bheith ag obair leo amach anseo.”
CRÍOCH