Buaiteoirí Chomórtais Óige MyEU50 á bhfógairt ag an Aire Byrne
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógraíodh buaiteoirí an chomórtais óige MyEU50 do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna ag searmanas arna óstáil ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne, i dTeach Uíbh Eachach, Baile Átha Cliath inniu.
Thug rang a cúig ó Scoile Náisiúnta Bhaile Brigín - Ag Foghlaim Le Chéile, Baile Átha Cliath an lá leo mar bhuaiteoirí i gcatagóir ag leibhéal na bunscoile. Ba thionscadal físe a n-iontráil atá dírithe ar an bPolainn mar Bhallstát den AE, áit ar chuir siad na fíricí faoin Pholainn ab fhearr leo i láthair ag baint úsáide as meascán de thaifeadtaí beo agus dearadh grafach ealaíonta.
Tháinig buaiteoirí ar Leibhéal na Meánscoile ó Ghaelcholáiste Maigh Nuad i gCo. Chill Dara. Rinne seachtar scoláirí ón dara bliain a n-iontráil agus léirigh siad mír nuachta le rólghlacadh, i nGaeilge, ar an saol mar dhuine óg san Aontas Eorpach.
Bronnadh duaiseanna ar luach €2,000 ar an dá iontráil a bhuaigh ag an searmanas i mBaile Átha Cliath agus chas siad leis an Taoiseach Micheál Martin, agus le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ag Tithe an Rialtais freisin.
Ag labhairt dó ag an searmanas, dúirt Thomas Byrne:
"Tá moladh tuillte ag gach scoil a ghlac páirt sa chomórtas óige MyEU50 as a rannpháirtíocht agus as a rannpháirteachas i ngnóthaí an AE. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí as na hiontrálacha iontacha a rinne siad a thugann léargas uathúil cruthaitheach ar bhallraíocht an AE ó thaobh daoine óga de.
"Bhí rún daingean ag an Taoiseach agus ag an Rialtas an chloch mhíle de 50 bliain de bhallraíocht san Aontas Eorpach a thabhairt chuig an aos óg go díreach trí MyEU50. Léiríonn an chruthaitheacht, an taithí agus na tuairimí a léiríodh sna hiontrálacha a bhain, agus go deimhin ar fud na n-iontrálacha go léir a fuaireamar, a ghafa is atá ár ndaoine óga leis na saincheisteanna seo."
Tugadh cuireadh do gach iomaitheoir sa bhabhta ceannais chuig an searmanas bronnta ina raibh Reem El-Hassany ó RTÉ News2day agus Israel Olatunde an fear is tapúla in Éirinn ann. Ba iad seo a leanas na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais agus a gcuid tionscadal:
Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é MyEU50, atá faoi stiúir na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus atá á bhainistiú ag Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun comóradh 50 bliain a dhéanamh ar bhallraíocht na hÉireann san AE.
Seoladh MyEU50 i mí Mheán Fómhair 2022. Iarradh ar dhaltaí bunscoile a bheith cruthaitheach faoi, 26 tír eile den Aontas Eorpach trí Bhallstát a roghnú agus fíricí faoin tír sin a roinnt ar an mbealach is ildaite agus is cruthaithí. Cuireadh de chúram ar dhaltaí iar-bhunscoile gné ghearr nuachta físe 2 go 5 nóiméad a dhéanamh chun iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag an Aontas Eorpach ar a scoil agus ar a bpobal.
Seolfar leagan tríú leibhéal de MyEU50 i mí Eanáir.
Fuair MyEU50 aighneachtaí ó 5,000 dalta ar fud leibhéil na bunscolaíochta agus na hiar-bhunscolaíochta araon. As seo, roghnaigh painéal moltóirí 6 iomaitheoir a d'fhreastail ar an searmanas bronnta ar an 1 Nollaig, áit ar fógraíodh beirt bhuaiteoirí foriomlána do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna.
Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é MyEU50, atá faoi stiúir na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus atá á bhainistiú ag Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn, agus is comórtas é ar fud na dtrí leibhéal oideachais in Éirinn, bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus Institiúidí tríú leibhéal. Agus Éire ag ceiliúradh 50 bliain de bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach i rith 2022 agus 2023, is deis é MyEU50 chun béim a leagan an athuair ar an ról atá ag an Aontas Eorpach i saol shaoránaigh na hEorpa, ar éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa, agus ar na deiseanna gairme is féidir leis an AE a chur ar fáil freisin.