Comhairle maidir le tástáil PCR 10 Lá deimnhnithe ag an Aire Donnelly le haghaidh daoine a thagann ón mBreatain Mhór
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
TABHAIR FAOI DHEIRDEADH: Tá an chomhairle a bhaineann le riachtanais tástála dóibh siúd atá ag taisteal ón mBreatain Mhór athraithe. Téigh go www.gov.ie/travel don chomhairle taistil is déanaí.
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, tar éis bearta um an tsláinte phoiblí nua le haghaidh daoine a thagann go hÉirinn ón mBreatain Mhór a dhearbhú.
Tá an Rialtas fós ag tabhairt comhairle gan aon taisteal idirnáisiúnta nach bhfuil bunriachtanach a dhéanamh. Tá sé mar cheangail dhlíthiúil nach mór d’aon duine a thagann i dtír in Éirinn tástáil dhiúltach nó ‘gan braith’ a bheith acu a ghabhann le tástáil arna dhéanamh laistigh de 72 uair, ar a mhéid, roimh dóibh teacht go hÉirinn.
Anuas air sin, tá sé mar cheanglas nach mór do dhaoine a thagann ó thíortha neamhainmnithe, an Bhreatain Mhór san áireamh, glacadh le 14 lá den Córaintín Baile, freisin. Is féidir an tréimhse 14-lá den Chóraintín Baile a laghdú má fhaigheann tú tástáil RT-PCR 'neamhbhraite' 5 lá tar éis duit teacht isteach sa tír. Tá an tástáil sin saor in aisce agus is féidir é a áirithint roimh ré ag www.gov.ie/test nó in aon ionad tástála de chuid an FSS, ar féidir sonraí a fháil fúthu ag: https://www2.hse.ie/conditions/coronavirus/testing/covid-19-walk-in-test-centres.html . Is féidir leat deireadh a chur leis an tréimhse chóraintín baile má fhaigheann tú tástáil RT-PCR neamh-bhraite i ndiaidh 5 lá.
Anois, táthar ag iarraidh ar na daoine siúd a thagann ón mBreatain Bheag ach nach bhfuil vacsaínithe go huile is go hiomlán fanacht i gcoraintín agus tástáil bhreise a fháil 10 lá, ar a laghad, tar éis dóibh teacht go hÉirinn, sa bhreis ar an tástáil 5 lá. Tá an tástáil 10 mbliana seo saor in aisce chomh maith. Chun an tástáil a fháil, téigh chuig ionad tástála an FSS, atá le fáil ag https://www2.hse.ie/conditions/coronavirus/testing/covid-19-walk-in-test-centres.html https://www2.hse.ie/conditions/coronavirus/testing/covid-19-walk-in-test-centres.html. Tá an FSS chun tairseach áirithint a chur ar fáil don tástáil 10 lá freisin.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Arís eile, an tseachtain seo, tá an plean atá ag an Rialtas chun an tsochaí a athoscailt ag leanúint ar aghaidh mar gheall ar an bhfreagra atá tugtha againn go léir ar COVID-19. Ciaithfimid cloí leis an treoir um an tsláinte phoiblí go leanúnach más rud é go bhfuil an tsochaí againn chun fanacht oscailte as seo amach.
“Faoi láthair na huaire, tá athaithigh arb údair imní iad fós mar bhaoil shuntasach don tsláinte phoiblí agus is údar imní ar leith é an t-athraitheach Delta.
"Ba cheart an taisteal neamh-riachtanach a sheachaint, fós, ach, mar sin féin, má thagann tú isteach sa tír ón mBreatain Mhór, ba cheart duit cloí leis an gcomhairle um an tsláinte phoiblí maidir leis an gcóraintín baile agus moltar duit an tástáil PCR 5 lá agus 10 lá a dhéanamh.
“An tseachtain seo chugainn, sheol mé tairseach áirithinte ar ar féidir le haon duine atá ag taisteal go hÉirinn tástáil PCR a chur in áirithe laistigh de 5 lá tar éis dóibh teacht isteach sa tír. Moltar anois dóibh siúd atá ag teacht ón mBreatain Mhór agus nach bhfuil vacsaínithe go huile is go hiomlán tástáil a shocrú don 5ú agus don 10ú lá araon. Is féidir deireadh a chur leis an gcóraintín baile má fhaigheann tú toradh neamh-bhraite ón tástáil lá 5 agus ón tástáil lá 10."
Chomh maith leis sin, tá an FSS tar éis bearta feabhsaithe a chur i mbun maidir leis an rianú teagmhálaithe le haghaidh aon cásanna dearfacha COVID-19 a bhfuil stair taistil ag gabháil leo ag dul 14 lá siar, agus lena ndlúth-teagmhálaithe.
Táthar chun bearta agus imscrúduithe feabhsaithe a chur i bhfeidhm i leith gach braith dearfach tar éis toradh 'dóchúil' a bheith fógartha chun cinnte a dhéanamh go nglactar le gach uile iarracht chun an scaipeadh a rialú leis an rianú agus an teagmháil i gcás gur athraitheach arb údar imní é.