Fáiltíonn an tAire McGrath roimh fhadú spriocdháta mhí Mheán Fómhair 2022 le haghaidh éilimh a dhéanamh faoin Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire McGrath inniu (an 30 Eanáir) roimh an bhfógra a rinne na Coimisinéirí Ioncaim go bhfadófaí spriocdháta an lae amárach le haghaidh éilimh a dhéanamh faoin Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí is éilimh a bhaineann le tréimhse éilimh mhí Mheán Fómhair 2022.
Ag labhairt dó faoin tréimhse fhadaithe le haghaidh éilimh a dhéanamh, dúirt an tAire McGrath:
“Tugadh an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí isteach mar chuid de Bhuiséad 2023 chun cabhrú le gnólachtaí an costas méadaitheach fuinnimh a íoc. Faoi na socruithe reatha le haghaidh na scéime, bhí ar ghnólachtaí an tacaíocht do mhí Mheán Fómhair anuraidh a éileamh faoin lá amárach. Tar éis an ní a bhreithniú go cúramach, d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim go bhfadófaí an spriocdháta sin. Mar thoradh ar an mbeart sin, beidh gnólachtaí in ann éileamh a dhéanamh faoin Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí do mhí Mheán Fómhair 2022 i mí Feabhra. Fáiltím roimh an gcinneadh a rinne na Coimisinéirí Ioncaim inniu. Tá sé tábhachtach go dtabharfaimis deiseanna leordhóthanacha do ghnólachtaí chun a n-éilimh faoin scéim a chur isteach. Déanfaidh an rialtas cinneadh sna seachtainí beaga atá le teacht ar thodhchaí na Scéime Sealadaí Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí agus ar thodhchaí na mbeart eile costas maireachtála atá le teacht chun deiridh ag deireadh mhí Feabhra.”