Léiríonn an tuarascáil nua éifeacht dhearfach na Samhla um Rochtain agus Ionchuimsiú Luathbhlianta
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman T.D., na torthaí inniu ó mheastóireacht neamhspleách ar an tSamhail um Rochtain agus Ionchuimsiú (SRI).
Is tionscnamh ilghníomhaireachta é SRI faoi stiúir na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) a chuireann sraith tacaíochtaí ar fáil - idir uilíoch agus spriocdhírithe - chun a chinntiú gur féidir le leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar an gclár um Chúram agus Oideachais Luath-Óige (COLO) i láithreacha príomhshrutha agus páirt fhiúntach a ghlacadh ann.
Ó seoladh SRI den chéad uair in 2016, tugadh tacaíocht spriocdhírithe SRI do níos mó ná 27,000 leanbh i mbreis agus 4,400 láthair go náisiúnta agus bhain i bhfad níos mó leanaí tairbhe as a chúnamh uilíoch. Aithníodh SRI freisin go náisiúnta agus ar fud an domhain - bhain sé duaiseanna as sármhaitheas i gcleachtas agus in ionchuimsiú.
Bhí beagnach 2,000 páirtí leasmhar páirteach sa mheastóireacht neamhspleách, a rinne Ollscoil Derby – tuismitheoirí, oideachasóirí, soláthraithe agus grúpaí ionadaíocha. Bhí torthaí na meastóireachta thar a bheith dearfach agus ba d’aon ghuth a bhí tacaíocht na bpáirtithe leasmhara chun SRI a leathnú amach ar bhonn níos leithne ná an clár COLO.
Dúirt tuismitheoir amháin a ghlac páirt sa mheastóireacht:
‘Thug SRI deis do m’iníon freastal ar naíonra ar nós a piaraí. In ainneoin na gconstaicí atá roimpi, tá sí á sárú agus garspriocanna nua á mbaint amach aici gach lá. Ba é SRI an rud ab fhearr a tharla dúinn’.
Déantar cur síos sa tuarascáil freisin ar an gcaoi a bhfuil SRI ag cur leis an gcleachtas gairmiúil agus ag cur le cumas agus le muinín oideachasóirí chun tacú le leanaí faoi mhíchumas sa réamhscolaíocht phríomhshrutha.
Dúirt soláthraí amháin a bhí rannpháirteach sa mheastóireacht:
‘Bhíomar in ann i bhfad níos mó a dhéanamh do na páistí inár naíonra ná mar a bheimis in ann a dhéanamh mura mbeadh teacht againn ar an oiliúint, ar an tsaintacaíocht luathbhlianta nó ar an gcaipitíocht níos airde a chuireann SRI ar fáil’.
Tá torthaí na meastóireachta tar éis bonn eolais a chur cheana féin faoin síneadh ar bhonn céimneach ar SRI a fógraíodh i mBuiséad 2024, go háirithe síneadh a chur le tacaíochtaí spriocdhírithe SRI do leanaí in aois COLO thar an am a chaitheann siad sa chlár COLO – sa téarma agus lasmuigh araon.
Chomh maith leis sin, forbraíodh plean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar réimsí feabhsúcháin, lena n-áirítear feasacht ar SRI a mhéadú, cur le cumas agus le muinín oideachasóirí agus soláthraithe agus iad ag tacú le leanaí a bhfuil uathachas orthu agus an próiseas iarratais ar threalamh, fearais agus mionathruithe a chuíchóiriú.
Dúirt an tAire Ó Gormáin:
“Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach leanbh ar luathfhoghlaim agus ar chúram d’ardchaighdeán. Léiríonn torthaí na meastóireachta a foilsíodh inniu an difear ollmhór atá á déanamh ag SRI do shaol leanaí faoi mhíchumas - de thoradh deireadh a chur le bacainní ar rochtain ar réamhscolaíocht phríomhshrutha agus páirt a ghlacadh inti lena bpiaraí.
“Tabharfaidh síneadh SRI, a d’fhógair mé mar chuid de Bhuiséad 2024, bunaithe ar thorthaí na meastóireachta seo, buntáistí breise do na leanaí seo.
“Tá an síneadh seo i measc sraith gníomhartha atá á ndéanamh ag oifigigh i mo Roinn chun a chinntiú go leanfaimid orainn ag tógáil ar rath SRI chun a chinntiú, amach anseo, go n-oibríonn SRI ar mhaithe le gach leanbh agus gach teaghlach.”
Gealltar sa i Straitéis na gCéad 5, inter alia, ‘tabhairt faoi mheastóireacht dheireadh bliana trí ar SRI, agus faoi réir thorthaí meastóireachta agus athruithe ábhartha eile, plé a dhéanamh ar fheabhsú SRI agus síneadh a chur léi chuig, mar shampla, seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim: gach seirbhís cúraim leanaí d’aois scoile agus do leanaí a bhfuil riachtanais acu seachas a bheith faoi mhíchumas.’
Choimisiúnaigh an Roinn seo an mheastóireacht agus cuireadh moill uirthi mar gheall ar Covid-19. Ba é cuibhreannas Ollscoil Derby (UoD) a bhí i gceannas ar an meastóireacht agus rinneadh é idir Nollaig 2020 agus Nollaig 2021.
I mBuiséad 2024, leithdháileadh €14m sa bhreis ar SRI. Tacóidh €7m den leithdháileadh seo leis an gcohórt de leanaí faoi mhíchumas atá ag dul i méid agus a dteastaíonn tacaíochtaí SRI uathu chun rochtain a fháil ar an gclár COLO agus chun páirt fhiúntach a ghlacadh ann. Cuirfidh €7m breise leathnú ar thacaíochtaí spriocdhírithe SRI ar fáil do na leanaí seo thar am a chaitear sa chlár COLO, sa téarma agus as téarma ó Mheán Fómhair 2024 seo chugainn.