Tacaíochtaí nua do dhaoine a dteastaíonn lionsaí tadhaill leighis uathu fógartha ag an Aire Humphreys
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá deontais de suas le €1,000 chun íoc as costais lionsaí tadhaill leighis le cur ar fáil gach dhá bhliain le haghaidh fostaithe agus daoine féinfhostaithe, faoi bhearta nua a d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, inniu.
Roimhe seo, cuireadh an tacaíocht seo ar fáil gach ceithre bliana d’oibrithe a raibh lionsaí tadhaill ag teastáil uathu chun críocha leighis.
Ciallaíonn na hathruithe seo, faoi Scéim Sochar Cóireála na Roinne, go bhfuil an tréimhse sin gearrtha ina leath.
Faoin scéim, cuirfear deontais de suas le €1,000 ar fáil gach dhá bhliain chun íoc as an gcostas a bhaineann le péire lionsaí tadhaill leighis, nó €500 le haghaidh gach lionsa tadhaill.
Tá éifeacht leis na hathruithe seo láithreach baill do dhaoine atá cáilithe faoi Scéim Sochar Cóireála na Roinne.
Is é an tionscnamh seo an tríú tionscnamh feabhais dá leithéid ar an scéim atá curtha i bhfeidhm ag an Aire i mbliana.
I mí na Bealtaine, d’fhógair an tAire Humphreys go bhfuil deontas nua luach €500 ar fáil chun íoc as an gcostas a bhaineann le bréagfholt, peiriúic nó athsholáthar gruaige. Is é atá mar aidhm leis an mbeart seo tacú le daoine a bhfuil ailse orthu nó cineálacha eile alóipéice.
Chomh maith leis sin, d’fhógair an tAire bearta a chiallaíonn nach mbeidh ar dhaoine atá idir 25-28 bliain d’aois a bheith ag obair le haghaidh 9 mhí chun tairbhe a bhaint as cóireálacha fiaclóireachta, optúla agus éisteachta.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys le linn di na hathruithe a bhaineann le lionsaí tadhaill leighis a fhógairt:
“Cúis áthais dom na hathruithe seo a fhógairt inniu a chiallaíonn gur féidir le daoine tairbhe a bhaint as tacaíocht Stáit chun íoc as lionsaí tadhaill leighis gach dhá bhliain seachas gach ceithre bliana.
“Tá lionsaí tadhaill costasach agus is é atá mar aidhm leis an mbeart seo tacú le daoine a dteastaíonn lionsaí speisialaithe uathu chun críocha leighis.
“Is é seo an tríú hathrú dhearfach atá bunaithe agam faoi Scéim Sochar Cóireála mar chuid de Bhuiséad 2022.
“Tá an t-athrú seo ag teacht sna sála ar dheontas nua luach €500 chun íoc as an gcostas a bhaineann le bréagfholt, peiriúic nó athsholáthar gruaige agus maolú na gcoinníollacha ÁSPC do dhaoine atá idir 25-29 bliain d’aois.
“Cinntíonn na Rialacháin atá sínithe agam inniu go gcaitear mar an gcéanna leis na daoine seo, is cuma más fostaithe nó daoine féinfhostaithe iad, agus le daoine a d’fhéadfadh an Scéim Sochar Cóireála a úsáid chun tacaíocht a fháil chun íoc as an gcostas a bhaineann le péire spéaclaí a cheannach.
“Leanfaidh mé ar aghaidh ag díriú ar athruithe eile a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar an scéim seo ionas gur féidir le níos mó dár saoránaigh tairbhe a bhaint as an scéim.”
Tá an Scéim Sochar Cóireála á maoiniú ag an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus tá cead ag fostaithe, daoine féinfhostaithe agus daoine atá ar scor a bhfuil na ranníocaíochtaí riachtanachas árachais shóisialaigh (ÁSPC) déanta acu agus a gcleithiúnaithe aosaigh tairbhe a bhaint as an Scéim (beagnach 2.25 milliún duine ar fad).
Soláthraíonn an Scéim Sochar Cóireála cúnamh le haghaidh maoiniú iomlán nó páirtmhaoiniú do chóireálacha sonraithe fiaclóireachta, optúla, éisteacha, fearais leighis (áiseanna éisteachta agus lionsaí tadhaill leighis) agus deontas chun íoc as an gcostas a bhaineann le bréagfholt, peiriúic nó athsholáthar gruaige a cheannach. Is í an Scéim seo an scéim aonair is mó a bhfuil an Roinn freagrach aisti agus rinneadh éilimh cothrom le luach breis is 1.4 milliún in 2021.
In 2021 bhí an caiteachas ar an scéim cothrom le níos mó ná €109 milliún, agus cúitíodh thart ar €7 milliún breise le FSS le haghaidh daoine a bhí décháilithe le haghaidh cóireála (faoin Scéim Sochar Cóireála agus scéim cárta leighis FSS).
Maidir leis na daoine a raibh oideas acu chun lionsaí tadhaill a chaitheamh chun críocha leighis, braitheann na tréimhsí ama inar gá na lionsaí a athrú ar an riocht súile atá i gceist.
Ní mór do dhaoine áirithe na lionsaí seo a chaitheamh de bhrí go bhfuil cruth a mhic imrisc díchumtha agus go gcuireann na lionsaí stop leis an díchumadh sin. Sa chás sin, is lionsa crua gloine atá in úsáid.
Uaireanta bíonn ar dhaoine lionsaí leighis a chaitheamh de bhrí nach féidir spéaclaí a úsáid chun drochradharc na súl a cheartú go hoiriúnach.
Críoch
Chun cáiliú don Sochar Cóireála, ní mór go mbeadh ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC), Aicme A, E, P, H nó S íoctha ag duine. Braitheann an líon ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a theastaíonn ar aois agus tá na sonraí le fáil thíos. Tá ceanglais bhreise i gceist i ndáil leis an líon ranníocaíochtaí a theastaíonn i mBliain Ranníocaíochta Rialaithe.