Foilsíonn an tAire Sláinte an Plean Rochtana ar Chúram Sceidealta 2019 ar mhaithe le hAmanna Feithimh a laghdú in Ospidéil Ghéarmhíochaine
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tairgfidh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála cóireáil do gach othar atá oiriúnach go cliniciúil agus atá ag feitheamh le níos mó ná 6 mhí le gnáthaimh ardéilimh – lena n-áirítear gnáthaimh chatarachta, athsholáthairtí ailt, céislíneachtóimí agus angagraim.
Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an Plean Rochtana ar Chúram Sceidealta 2019 a fhoilsiú inniu, rud a bhfuil mar aidhm leis liostaí feithimh a laghdú d’othair.
Is comhphlean ón Roinn Sláinte, ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ón gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) é agus leagtar amach ann roinnt gealltanas a bhfuil mar aidhm leo rochtain a fheabhsú d’othair atá ag feitheamh le hobráidí nó gnáthaimh ospidéil agus d’othair atá ag feitheamh lena gcéad choinne Othar Seachtrach.
Ag fáiltiú dó roimh fhoilsiú an phlean, dúirt an tAire Harris:
“Rinneadh dul chun cinn suntasach an bhliain seo caite ar rochtain níos fearr a thabhairt d’othair ar obráidí agus gnáthaimh ospidéil. A bhuí leis an obair a rinne NTPF agus FSS sa bhliain 2018, laghdaíodh an líon daoine atá ag feitheamh le gnáthamh ospidéil ó bhuaicfhigiúr 86,100 duine i mí Iúil 2017 go 70,200 duine faoi dheireadh na bliana.
“Rinneadh dul chun cinn suntasach anuraidh freisin ar cheann de na moltaí atá sa tuarascáil Sláintecare, is é sin, nár cheart d’othair bheith ag feitheamh le níos mó ná 12 sheachtain le gnáthamh othar cónaitheach. Thit an líon othar atá ag feitheamh le níos mó ná 3 mhí ó bheagán faoi bhun 58,000 othar i mí Iúil 2017 go 40,200 othar ag deireadh mhí na Nollag 2018. Tá sé sin cothrom le laghdú 31%.
“Tarlaíonn sé ar roinnt cúiseanna, áfach, go bhfuil an ghníomhaíocht bheartaithe do mhí Eanáir agus do mhí Feabhra i mbliana faoi bhun na sprice agus go bhfuil liostaí feithimh níos airde ná a tuaradh sa phlean.
“Is é an dúshlán atá le sárú againn anois ná an ghníomhaíocht chaillte a réiteach agus na spriocanna atá leagtha amach sa phlean a chomhlíonadh. Tá FSS agus NTPF lántiomanta do na spriocanna sin a chomhlíonadh agus táim ag tnúth le dul chun cinn a fheiceáil ina leith sin. Ba mhaith le hothair Éireannacha rochtain thráthúil a fháil ar ghnáthaimh agus coinní ospidéil. Tuilleann siad an méid sin freisin.”
Sa bhliain 2019, soláthróidh FSS 1.155 milliún ceann de ghnáthaimh roghnacha ospidéil agus níos mó ná aon mhilliún coinne othar seachtrach nua. Ag an am céanna, soláthróidh NTPF 25,000 gnáthamh cóireála Othar Cónaitheach/Cás Lae, 5,000 Ionscópacht ar an gConair Ghastraistéigeach agus 40,000 ceann de chéad choinní othar seachtrach.
Díreofar go sonrach sa Phlean i mbliana ar dheich ngnáthamh ardéilimh, lena n-áirítear gnáthaimh chatarachta, athsholáthairtí ailt, céislíneachtóimí agus angagraim.
I gcás gach ceann de na gnáthaimh sin, tá sé tuartha, trí ghníomhaíocht chomhcheangailte FSS agus NTPF, go dtairgfear cóireáil sa bhliain 2019 do gach othar atá oiriúnach go cliniciúil agus atá ag feitheamh le níos mó ná 6 mhí le cóireáil.
Ag labhairt dó tráth fhoilsiú an phlean, dúirt Liam Sloyan:
"Príomhoifigeach Feidhmiúcháin NTPF, gur bhain NTPF, FSS agus an Roinn Sláinte laghduithe suntasacha in amanna feithimh le haghaidh máinliachta amach sa bhliain 2018 trí obair i gcomhar lena chéile. Agus cistiú méadaithe ar fáil sa bhliain 2019, tá NTPF ag tnúth le cur leis an dul chun cinn a rinneadh cheana féin agus le díriú níos gaire ar othair atá ag feitheamh le coinní othar seachtrach."
D’fháiltigh Angela Fitzgerald, Stiúrthóir Náisiúnta FSS um Oibríochtaí Géarmhíochaine, roimh fhoilsiú an Phlean Rochtana ar Chúram Sceidealta freisin.
“Fáiltíonn FSS roimh an gcistiú breise a chuir an Rialtas ar fáil do NTPF don bhliain 2019 ar mhaithe le rochtain níos fearr ar chóireáil a thabhairt d’othair atá ar liosta feithimh.
“Tugann sé sin an-deis dúinn cur leis an dul chun cinn a rinneadh sa bhliain 2018. Leanfaidh FSS le hobair i ndlúthchomhar le NTPF agus leis an Roinn Sláinte sa bhliain 2019 chun an Plean Rochtana ar Chúram Sceidealta a chomhlíonadh agus chun tionscnaimh a sholáthar a thacóidh leis an ngníomhaíocht laghdaithe a shárú go luath sa bhliain 2019.”
Faoin bPlean Rochtana ar Chúram Sceidealta 2019:
Ceann de na gnéithe is tábhachtaí den Phlean i mbliana is ea an Liosta Feithimh Othar Seachtrach a chobhsú. Is dúshlán suntasach é go fóill rochtain a thabhairt ar sheirbhísí othar seachtrach. Sa bhliain 2019, freastalóidh níos mó ná 3.3 milliún othar ar chlinic othar seachtrach de chuid FSS agus cisteoidh NTPF 40,000 ceann de chéad choinní othar seachtrach sa bhreis.
Ina theannta sin, tríd an obair a dhéanfaidh Aonad Bailíochtaithe Láraithe NTPF chun measúnú a dhéanamh ar an bhfíoréileamh ar sheirbhísí othar cónaitheach, cás lae agus othar seachtrach, tá sé tuartha go mbainfear 30,000 othar eile de Liostaí Feithimh sa bhliain 2019.
Beidh sé mar aidhm fhoriomlán le gníomhaíocht NTPF sa bhliain 2019 níos mó ná 100,000 othar a bhaint dár Liostaí Feithimh Ospidéil trí chóireáil a shocrú do 70,000 othar agus trí ghníomhaíocht an Aonaid Bhailíochtaithe Láraithe.
CRÍOCH
Áirítear na nithe seo a leanas leis an bPlean Rochtana ar Chúram Sceidealta 2019, ar comhphlean idir an Roinn Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) é:
– Is ó 40,200 duine ag deireadh na bliana 2018 go 31,000 duine a laghdófar an líon othar atá ag feitheamh le níos mó ná 3 mhí;
– Is ó 14,900 duine ag deireadh na bliana 2018 go 10,000 duine a laghdófar an líon othar atá ag feitheamh le níos mó ná 9 mí.