Seolann an tAire Frank Feighan An Creat Náisiúnta um Ionad Oibre Sláintiúil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí Frank Feighan TD an [external-link external-link https://www.gov.ie/en/publication/445a4a-healthy-workplace-framework/ | Creat um Ionad Oibre Sláintiúil ] a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le fás cuir chuige éifeachtacha chun sláinte agus folláine san ionad oibre a fheabhsú.
Cloch mhíle thábhachtach is ea an Creat seo maidir le folláine san ionad oibre in Éirinn agus soláthraíonn sé treoir straitéiseach d’ionaid oibre chun sláinte agus folláine gach oibrí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a fheabhsú.
Dúirt an tAire Feighan;
“Tá buntáistí ag ionad oibre sláintiúil d’fhostóirí, d’fhostaithe agus don tsochaí ina hiomláine agus tugann an Creat seo dúshlán d’eagraíochtaí machnamh a dhéanamh ar na dálaí sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil atá riachtanach chun sláinte agus folláine a chur chun cinn san ionad oibre.
“Cé gur chuir COVID-19 go leor dúshlán os comhair na n-ionad oibre bhí folláine na bhfostaithe mar thosaíocht ag go leor eagraíochtaí agus tá deis ann anois sláinte agus folláine a leabú i gcultúr na n-ionad oibre go léir."
Tá fianaise láidir agus comhairliúchán mar bhonn agus taca leis an gCreat agus thacaigh an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta agus Ranna Rialtais eile leis. Cuireann sé béim ar an ngá atá le tacaíocht ceannaireachta agus bainistíochta chomh maith le rannpháirtíocht foirne agus ionad oibre sláintiúil á phleanáil agus á chur i bhfeidhm.
Dúirt Tom James, Ceann Sláinte agus Folláine sa Roinn Sláinte;
“Fáiltím roimh an gCreat um Ionad Oibre Sláintiúil agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair dhearfach atá ag tarlú i go leor eagraíochtaí ar fud na tíre.
“Tá cur chuige na suíomhanna chun sláinte agus folláine a fheabhsú ina chuid ríthábhachtach de Phlean Gníomhaíochta Straitéiseach Éire Shláintiúil agus tá ról lárnach le himirt ag ionaid oibre chun sláinte an daonra a fheabhsú.”
“Bhí rannchuidiú na bpáirtithe leasmhara uile i bhforbairt an Chreata seo thar a bheith luachmhar agus go háirithe tacaíocht na hInstitiúide um Shláinte Poiblí.”
Go luath in 2022, bunófar Grúpa Forfheidhmithe chun maoirseacht a dhéanamh ar rolladh amach an Chreata um Ionad Oibre Sláintiúil. Chomh maith leis sin, seolfar láithreán gréasáin um Ionad Oibre Sláintiúil chun ábhar maidir le sláinte agus folláine a sholáthar chomh maith le huirlisí idirghníomhacha chun tacú le hionaid oibre idirghabhálacha folláine a sheachadadh agus a mheas.
CRÍOCH
Tá Creat Éire Shláintiúil ar fáil ag [external-link external-link https://www.gov.ie/en/publication/445a4a-healthy-workplace-framework/ | gov.ie/workplaceframework ]