Deimhníonn McConalogue faomhadh do gach iarratas incháilithe i dTráinse 3 de TAMS 3
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D inniu go bhfaighidh gach iarratas incháilithe a chuirfear isteach faoi Thráinse 3 de TAMS 3 ceadú.
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire:
“Tá ríméad orm faoin líon ard iarratas a fuarthas faoi Thráinse 3 de TAMS 3, a dúnadh le haghaidh iarratas Dé hAoine seo caite, an 12 Aibreán. Fuarthas 3,802 iarratas san iomlán ar fud na ndeich mbeart TAMS 3 atá ar fáil. Tá an-áthas orm a dheimhniú go gceadófar gach iarratas incháilithe a fhaightear sa Tráinse seo.”
Thapaigh an tAire an deis freisin na dátaí deiridh a dheimhniú do na tráinsí eile de TAMS 3 a thabharfar faoi in 2024. Dúirt sé:
“Tá obair ag leanúint ar aghaidh ar luas maidir le hiarratais Thráinse 1 agus 2 a cheadú, agus déanfar próiseáil ina dhiaidh sin ar an mbaisc shuntasach is déanaí seo de na hiarratais a fuarthas faoi Thráinse 3. Táim ag fógairt mar sin inniu go ndúnfar Tráinse 4, atá oscailte go héifeachtach anois, d'iarratais Dé hAoine 6 Meán Fómhair, agus go ndúnfar Tráinse 5 Dé hAoine an 6 Nollaig 2024. Tugann sé seo soiléireacht d'fheirmeoirí maidir leis na pleananna don chuid eile den bhliain seo, agus cinnteoidh sé go mbeidh an t-am riachtanach acu féin agus a gcomhairleoirí chun iarratais a chomhlánú.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
''Thar na blianta, scéim thar a bheith rathúil agus tairbheach a bhí in TAMS agus is fíor sin fós. Creidim go gcinntíonn na bearta atá ar fáil anois i ngach ceann de na deich scéim i TAMS 3 go ndírítear ar mhaoiniú san áit is mó a bhfuil gá leis. Tá príomhfheabhsuithe nuachóirithe, comhshaoil agus sábháilteachta curtha ar fáil aige ar na mílte feirmeacha, agus ag an am céanna tacaíonn sé le geilleagair áitiúla le linn chéim thógála na bhforbairtí.''
DEIREADH