Trí bheart shuntasacha nua fógartha ag an Aire Doyle chun tacú le bithéagsúlacht in Éirinn
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá trí bheart tacaíochta nua fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, Andrew Doyle TD, chun tacú le bithéagsúlacht fhoraoisí na hÉireann.
Is iad sin:
Maidir leis na bearta seo, dúirt an tAire:
"is mar thoradh ar an Athbhreithniú Lártéarma ar an gClár Náisiúnta Foraoiseachta reatha na bearta seo. Tá feabhas mór ar bhithéagsúlacht fhoraoisí na hÉireann mar atá, mar thoradh ar an Athbhreithniú lena n-áirítear méadú 20% ar an líon crann leathanduilleach a cuireadh anuraidh. Cuirfidh na bearta nua a fógraíodh inniu tuilleadh le hinmharthanacht fhoraoisí na hÉireann trí thacú leis na príomhthionscnaimh bhithéagsúlachta. Ba chóir d'úinéirí foraoisí agus úinéirí nua na bearta seo a scrúdú go dlúth nuair a bheifear ag cur foraoisí nó i mbun bainistithe ar fhoraoisí mar atá."
Nuair a bhí an beart nua CCF á sheoladh dúirt an tAire Stáit:
“Léiríonn an rogha seo atá tugtha isteach sa CCF tiomantas mo roinne chun breis úinéirí foraoisí a spreagadh smaoineamh ar Chumhdach Leanúnach Foraoise mar rogha chun a gcuid foraoisí a bhainistiú. Cuirfidh an tionscnamh seo athrú ar fhoraoisí go dtí foraoisí a bhfuil éagsúlacht iontu ó thaobh aois na gcrann agus ina gcoillearnach buan, rud a chuirfidh le saibhreas na héagsúlachta sna gnáthóga seo agus leis an tírdhreach.”
Ag fógairt na Scéime Foscadán Crainn d'Fhianna agus na Scéime Fálta Fianna/Giorriacha, dúirt an tAire Stáit Doyle:
“Cuirfidh an scéim nua seo cúnamh airgeadais ar fáil a bhfuil géarghá leis d'úinéirí talún ar mian leo crainn leathanduilleacha a chur in áiteanna a bhféadfadh fianna damáiste a dhéanamh. Cuirfear deontas seasta ar fáil d'fhoscadáin crainn d'fhianna mar chuid den scéim seo chomh maith le teacht a bheith ar an scéim fálta fianna sa chás go ndéanfadh fianna díobháil. Is scéim í seo atá ina buntaca faoi thiomantas na Roinne chun cur crann leathanduilleach a mhéadú go dtí 30% ar a laghad den mhéid iomlán a chuirtear in aon bhliain faoi leith."
Maidir leis an tríú tionscnamh i ndáil le hathruithe a dhéanamh ar an Scéim Feabhsúcháin Coillearnach, dúirt an tAire:
“Tá an Scéim Feabhsúcháin Coillearnach mar atá faoi láthair ar cheann de na scéimeanna is tábhachtaí atá againn chun cur leis an mbithéagsúlacht i bhforaoisí na hÉireann agus chun í a chaomhnú. Trí shíneadh a chur leis an Scéim le go mbeifear ábalta an dara tanú a dhéanamh ar chrainn léirítear arís tiomantas mo Roinne tacú le húinéirí foraoise a bhfuil coillearnacha leathanduilleacha fadbhunaithe ina seilbh. Beidh leasanna ag baint leis don chomhshaol trí fheabhas a chur ar chrainn leathanduilleacha agus trí chuidiú le toir agus le flóra talún a fhorbairt araon."
CRÍOCH
Is cur chuige eile i ndáil le foraoisí a bhainistiú atá i gCumhdach Leanúnach Foraoise ina ndéantar ceannbhrat na foraoise a chothabháil ag leibhéal amháin nó níos mó agus ina seachnaítear glanleagan. Is é an gné is sainiúla de chuid CCF ná gan achair níos mó ná 0.25 ha a ghlanleagan nó gan níos mó ná leithead airde dhá chrann a ghlanleagan gan roinnt crann aibí a choimeád. Baineann na córais seo go ginearálta le hathghiniúint nádúrtha ach d'fhéadfaí cur le hathghiniúint trí phlandú más gá.
Is iad cuspóirí na scéime:
Bainfear na cuspóirí amach trí chrainn nach bhfuil ar chaighdeán chomh maith a leagan; tuilleadh crann a leagan chun ligean do chrainn fráma b'fhéidir fás amach anseo; prúnáil chun cur le caighdeán lorgaí; tanú nó athspásáil chun fás agus bainistíocht a éascú agus chun athghiniúint nádúrtha a leagan amach.
Tá an scéim teoranta do 30 tionscadal (10 heicteár ar a mhéad) suas chuig deireadh Chlár Foraoiseachta 2014-2020. Glacfar le daoine de réir mar a chuirfidh siad iarratas isteach, ach na doiciméid shonraithe a bheith curtha isteach. Maidir leis seo, ní mór seirbhísí éiceachórais a bhféadfadh fónamh do leas pobail níos leithne a bheith leagtha amach go soiléir sa Phlean Bainistíochta Claochlaithe.
Cuimseofar Plean Bainistíochta Claochlaithe CCF mar chuid den scéim a thiocfaidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse 12 bhliana agus a mbeidh trí ghála €750 i gceist leo á n-íoc ag amanna éagsúla le linn na tréimhse 12 bhliain. Íocfar an chead ghála i mbliain 1 agus eiseofar an íocaíocht dheireanach laistigh le 12 bhliain ón dáta ar tháinig na hoibreacha a bhain leis an gcéad idirghabháil. D'fhéadfaí an íocaíocht láir a dhéanamh ag am ar bith sa tréimhse idir an dá linn; tá cur síos ar sceideal na n-íocaíochtaí agus ar thráthúlacht na n-idirghabhálacha le cur ar fáil sa Phlean Bainistíochta Claochlaithe.
Is féidir teacht ar tuilleadh sonraí faoin mbeart ag: [external-link
https://www.agriculture.gov.ie/forestservice/grantsandpremiumschemes2015-2018/ | www.agriculture.gov.ie/forestservice/grantsandpremiumschemes2015-2018. ]
Féadann an trí speiceas fia atá ar fáil in Éirinn dochar mór a dhéanamh do chrainn, is iad sin an fia Seapánach, an fia buí agus an fia rua.
Áirítear air seo a leanas an damáiste a dhéanann fianna:
Tá formhór speiceas crann (crainn leathanduilleacha go háirithe) leochaileach do dhamáiste mór ó fhianna.
Is ar bhonn deonach a roghnaítear a bheith rannpháirteach sa scéim seo ach is féidir úsáid a bhaint as i ngach suíomh atá oiriúnach ina bhfuil baol go ndéanfaidh fianna damáiste do chrainn. Is féidir Foscadán Crainn d'Fhianna (DTS) a úsáid sna codanna leathanduilleacha (ADB) eile de cheapacha buaircíneacha agus i gceapacha éagsúla buaircíneacha agus leathanduilleacha aonair. Is é an líon is lú stocála crann ina n-úsáidfear DTS ná 625 crann in aghaidh an heicteáir cibé an ceapach ADB nó ceapacha éagsúla buaircíneacha nó leathanduilleacha atá i gceist. Baintear é seo amach trí mheánstocáil 4 mhéadar X 4 mhéadar a chur i bhfeidhm. Is 2 heicteár an t-achar is mó chun deontas breise DTS a fháil i leith GPC 4–10. Ní bhaineann an teorainn seo le crainn leathanduilleacha a cuireadh in ADBanna. Tá deontas seasta breise €600/ha ar fáil faoin scéim d'fhoscadáin crainn d'fhianna.
Fálta fia a sholáthar - €16.25/m, do IS436 @ 140m/ha = €2,275/ha
Rátaí chun fálta d'fhianna a uasghrádú - €8/m, for IS436 @ 140m/ha = €1,120/ha
Baineann na critéir seo le fálta fia:
Leagtar amach sonrúcháin fálta fia i dTábla 12.1 den Lámhleabhar um Chaighdeáin Foraoiseachta, atá ar fáil freisin ar láithreán gréasáin na Roinne. Déanfar cineálacha eile fálta fia a mheas ar bhonn cás ar chás e.g. fál fia dar cruth fráma ‘A’.
Is féidir teacht ar tuilleadh sonraí faoin scéim ag: www.agriculture.gov.ie/forestservice/grantsandpremiumschemes2015-2018.
Is é aidhm na scéime infheistíocht a spreagadh chun foraoisí leathanduilleacha óga a fheabhsú, a chosaint agus a fhorbairt le haghaidh réimse feidhmeanna, lena n-áirítear:
Mar chuid den scéim, déanfar an ceannbhrat a oscailt trína thanú, rud a ligfidh níos mó solais ar thalamh na foraoise chun cuidiú le plandaí teacht chun cinn i bhforaoisí agus a chuirfidh le bithéagsúlacht. Chomh maith leis sin, trí fhoraoisí a thanú déantar iad a oscailt i gcomhair siúil nó i gcomhair úsáidí eile fóillíochta. Trí thanú a dhéanamh, ligtear solas na gréine chuig crainn, rud a chuireann le táirgeadh síolta crann agus a thacaíonn le córais athghiniúna nádúrtha.
Chomh maith leis sin is féidir le húinéirí foraoise a bheith rannpháirteach sa ghné de Chumhdach Leanúnach Foraoise de chuid WIS a seoladh le gairid má tá idirghabháil maoinithe amháin WIS faighte acu. Sa chás seo, is féidir dhá thráinse bhreise maoinithe a fháil i leith na bhforaoisí sin nuair atáthar ag aistriú chuig CCF. Is €750 in aghaidh an heicteáir an cúnamh deontais i gcónaí don chéad tanú agus tá uasteorainn €500 in aghaidh an heicteáir leis an dara idirghabháil.
Is féidir teacht ar tuilleadh sonraí faoin scéim ag: www.agriculture.gov.ie/forestservice/grantsandpremiumschemes2015-2018.