Seolann na hAirí Sláinte agus an tAire Oideachais ‘Know the Score’ – acmhainn oideachasúil nua maidir le drugaí agus alcól do dhaltaí sraithe sinsearaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, Joe McHugh TD, an tAire Oideachais agus Scileanna, agus Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, an acmhainn ‘Know the Score’ a sheoladh inniu (Dé Céadaoin an 27 Samhain). Is acmhainn náisiúnta nua í atá dírithe ar mhúinteoirí daltaí sraithe sinsearaí agus a bhfuil mar aidhm léi treoir agus tacaíocht a thabhairt do dhaltaí chun feabhas a chur ar an eolas atá acu ar na rioscaí a bhaineann le halcól agus drugaí agus chun na scileanna atá acu ina leith sin a neartú.
Tá ‘Know the Score’ ar an gcéad acmhainn fhianaisebhunaithe náisiúnta riamh lena gcumhdaítear saincheisteanna alcóil agus drugaí do dhaltaí sraithe sinsearaí. Ag obair dóibh i gcomhpháirt lena chéile, is iad gairmithe sláinte poiblí agus gairmithe oideachais a d’fhorbair an acmhainn, le hionchur ó mhúinteoirí agus daoine óga.
Áirítear iad seo a leanas leis na topaicí a bpléitear leo san acmhainn: feasacht chultúrtha a mhéadú ar dhearcthaí i leith alcóil in Éirinn; an tionchar a imríonn alcól ar an gcorp agus ar an inchinn; an tionchar a imríonn brandáil agus urraíocht alcóil ar dhaoine; agus faisnéis faoin dóigh ar féidir cúram éigeandála a thabhairt i gcás go bhfuil imní ar dhuine faoi dhuine eile a bhí ag ól nó ag tógáil drugaí. Pléitear san acmhainn freisin le húsáid cannabais agus leis an damáiste a dhéanann alcól agus drugaí don mheabhairshláinte.
Dúirt an tAire Simon Harris:
“Tá lúcháir orm an tsáracmhainn seo a sheoladh. Is beart tábhachtach í sa chur chuige sláinte poiblí atá á ghlacadh againn i leith an dochar a dhéanann alcól agus drugaí a laghdú. Tá an acmhainn ‘Know the Score’ ina dea-shampla de bheith ag obair i gcomhpháirt chun sláinte agus folláine ár ndaoine óga a chur chun cinn agus chun tacú le múinteoirí agus scoileanna san obair thábhachtach a dhéanann siad mar chuid den mhórchlár oibre Éire Shláintiúil.
“In éineacht le raon beart eile atá san Acht Sláinte Poiblí (Alcól), tá athruithe praiticiúla inár sochaí á mbrú chun cinn againn chun a chinntiú nach n-éascófar úsáid alcóil i measc dhaoine óga na hÉireann. Tá sé ríthábhachtach go bhfaigheadh daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí faisnéis agus tacaí ó acmhainní iontaofa amhail Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ionas go gcumasófar dár ndaoine óga forbairt a dhéanamh ar na scileanna saoil tábhachtacha a theastaíonn uathu chun roghanna sláintiúla a dhéanamh. Ní cuí do scoileanna úsáid a bhaint as aon ábhair nó acmhainní atá forbartha ag eagraíochtaí a fhaigheann cistiú ón tionscal alcóil.”
Dúirt an tAire Joe McHugh:
“Ba cheart na ceannairí sláinte a mholadh go hard ar ghabháil orthu féin aird daoine óga a tharraingt ar na rioscaí a bhaineann le halcól agus drugaí. Tá an t-oideachas ina ghné thábhachtach de dhea-shláinte agus folláine a chur chun cinn agus de thuiscint a ghnóthú ar an athrú atá tagtha ar dhearcthaí na sochaí i leith an alcóil.
“Tá áthas orm go raibh ról ag múinteoirí agus daltaí san acmhainn seo a fhorbairt, toisc gur gá dúinn ionchur a fháil uathu chun cabhrú le daoine óga tuiscint níos fearr a fháil ar na rioscaí a bhaineann le húsáid substaintí. Mholfainn do mhúinteoirí leas a bhaint as an tsainoiliúint atá ar fáil chun tacú leo an topaic chasta seo a phlé.”
Dúirt an tAire Catherine Byrne:
“Tá ríméad orm fáilte a chur roimh thabhairt isteach na hacmhainne ‘Know the Score’; is acmhainn iontaofa nua den scoth do mheánscoileanna í, lena dtabharfar do dhaltaí an t-eolas agus na scileanna a theastaíonn uathu chun roghanna níos sláintiúla a dhéanamh sa saol agus lena gcabhrófar le iad a chosaint ar an gcuid mhór cineálacha dochair a dhéanann alcól agus drugaí.
“Tosaíochtaí faoin gclár oibre Éire Shláintiúil agus faoin Straitéis Náisiúnta Drugaí is ea cosc agus luath-idirghabháil. Toisc gur féidir leis na cinntí a dhéanann siad go luath sa saol tionchar mór a imirt ar a bhfuil i ndán dóibh, tá sé ríthábhachtach go mbeadh na huirlisí cuí agus an fhaisnéis chuí againn chun dul i dteagmháil agus ceangal le daltaí maidir leis na rioscaí agus na contúirtí a bhaineann le húsáid alcóil agus drugaí.
"Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a chuir an acmhainn ‘Know the Score’ le chéile, ag obair di i gcomhpháirt le múinteoirí agus daltaí, le tacaíocht ó ghrúpa stiúrtha a chuimsigh ionadaithe ó Thascfhórsaí Drugaí agus Alcóil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine lena mbaineann, go háirithe na scoileanna a ghlac páirt sa treoirthionscadal. Áirítear leo sin Coláiste na Corónach Muire, Cromghlinn, a d’óstáil an seoladh inniu.”
Dúirt Helen Deely, Stiúrthóir Náisiúnta Cúnta Gníomhach, an Rannóg Sláinte agus Folláine in FSS:
“Tá rioscaí ar leith ann a bhaineann le húsáid alcóil agus drugaí i measc daoine óga, ar rioscaí iad a théann i bhfeidhm ar a sláinte shóisialta agus mhothúchánach agus a meabhairshláinte. Is é an príomhchuspóir atá leis an acmhainn seo tacú le múinteoirí trí na hábhair a theastaíonn uathu chun faisnéis chruinn a thabhairt do gach dalta iar-bhunscoile a chur ar fáil dóibh. Trí dhaltaí a chur ar an eolas go hiomlán faoi na rioscaí a bhaineann le húsáid alcóil agus drugaí, cumasófar dóibh cinntí eolacha a dhéanamh ina leith.”
Agus í dírithe ar dhaoine óga idir 15 bliana d’aois agus 18 mbliana d’aois, tá inneachar na hacmhainne bunaithe ar thaighde ar na cineálacha cur chuige atá éifeachtach maidir le húsáid substaintí a chosc. Bhí ról ag daltaí agus múinteoirí le linn na 14 cheacht a dhearadh agus an t-inneachar digiteach a chumadh, ar nithe iad a bhfuil mar aidhm leo díospóireacht eolach a éascú faoi alcól agus drugaí sa seomra ranga.
Tosófar ar chlár oiliúna a sholáthar do mhúinteoirí in Earrach na bliana 2020. Cuirfidh an Roinn Oideachais agus Scileanna cumhdach ionaid ar fáil ionas gur féidir le múinteoirí freastal ar an oiliúint. Aon scoileanna a bhfuil spéis acu i bhfreastal ar an oiliúint nó ar mhaith leo amharc ar chóip den acmhainn, ba cheart dóibh cuairt a thabhairt ar www.hse.ie/knowthescore
1. Cé gur tháinig laghdú san fhiche bliain seo a chuaigh thart ar an méid iomlán alcóil a úsáideann daoine óga, is mórábhar imní é ó thaobh sláinte poiblí de go fóill. Thriail 74% de dhaoine óga idir 15 agus 16 bliana d’aois alcól agus ghabh 28% díobh i ragús óil.
2. Cúis mhéadaitheach imní is ea úsáid cannabais. Léirítear i staidéir le déanaí gur mhéadaigh úsáid cannabais ó 7% go 10% thar thréimhse 4 bliana.
3. I dtaca le hóltóirí óga, léirítear i sonraí ó staidéar domhanda ar “Dhul chun cinn i sláinte agus folláine na n-ógánach” – a foilsíodh in The Lancet i mí an Mhárta i mbliana – go bhfuil ag Éirinn an tríú leibhéal is airde de ragús óil i measc na n-ógánach ar domhan, agus é cothrom le 61% do mhná agus le 58.8% d’fhir.