Formhaoirsíonn Éire comhaontú láidir maidir le Communiqué Idirnáisiúnta Fuinnimh uaillmhianach
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Faoi stiúir ag Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ag gníomhú dó mar chomhchathaoirleach, d’fhormhaoirsigh Éire comhaontú ar rud a mheastar a bheith ar cheann de na comhaontuithe (ráitis Communiqué) is uaillmhianaí maidir le todhchaí na slándála fuinnimh ag Cruinniú Aireachta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), 2024, i bPáras.
Dúirt an tAire Ryan gur aistriú stairiúil é an comhaontú ar thángthas air i bPáras toisc go n-aithnítear ann gur dostoptha atá an t-aistriú fuinnimh ghlais agus toisc go ngealltar ann deireadh a chur le gléasraí guail neamhlaghdaithe nua agus le taiscéalaíocht ola agus gáis lena ngabhann aga tionscanta fada. Dúirt sé gur phríomhchéim aistir i dtreo todhchaí fuinnimh ghlain ghlais í.
Is í seo an chéad uair riamh a rinne Éire comhchathaoirleacht ar ócáid de chuid IEA, áit a dtugtar le chéile airí fuinnimh agus cumarsáide a dhéanann ionadaíocht do níos mó ná 40 rialtas ó áiteanna ar fud an domhain gach dhá bhliain. Ceiliúrtar le hócáid na bliana seo freisin comóradh 50 bliain IEA.
Chomhaontaigh an 31 bhall de IEA an Communiqué. Bonn agus taca ag an Communiqué is ea an tuiscint go bhfuil an tslándáil fuinnimh agus an tslándáil aeráide fite fuaite ina chéile agus nach mór an t-aistriú fuinnimh ghlais amach ó bhreoslaí iontaise a dhéanamh go tapa agus ar mhórscála chun a chinntiú go mbeidh ag an domhan an tslándáil fuinnimh a theastaíonn uaidh faoi láthair.
Tá baill de IEA agus tíortha comhlachais freagrach as 80% den tomhaltas fuinnimh ar domhan. Leis an gcomhaontú, tugtar gealltanas den chéad uair riamh go gcuirfear deireadh le gnáth-thionscadail nua ola agus gáis lena ngabhann aga tionscanta fada agus deimhnítear an gealltanas a thug IEA go gcuirfí deireadh le gléasraí guail neamhlaghdaithe nua. Athdhearbhaítear leis freisin na gealltanais a fuarthas ag COP28 go n-aistreofaí amach ó bhreoslaí iontaise, go méadófaí foinsí fuinnimh in-athnuaite faoi thrí agus go méadófaí éifeachtúlachtaí fuinnimh faoi dhó faoin mbliain 2023, agus go dtosófaí ar an ailtireacht dhomhanda airgeadais a bhunathrú chun feabhais chun infheistíocht i bhfad níos mó i bhfuinneamh glas a chinntiú i margaí éiritheacha agus i margaí atá i mbéal forbartha go háirithe.
Meastar in anailís ó IEA nach mór an infheistíocht i bhfuinneamh glan ó fhoinsí poiblí agus ó fhoinsí príobháideacha a bheith cothrom le USD$4.5 trilliún in aghaidh na bliana faoin mbliain 2030, agus suim USD$2.2 trilliún ar a laghad den infheistíocht sin a bheith á déanamh i margaí éiritheacha agus i margaí i mbéal forbartha.
Dúirt an tAire Ryan:
"Is aistriú stairiúil é an Communiqué seo. Tugtar treoir leis d’airí fuinnimh agus aeráide fhormhór mór na dtíortha is mó úsáid fuinnimh maidir le cad is gá dúinn a dhéanamh. Leagtar amach go soiléir ann gurb é atá sa bhealach ar aghaidh ná an t-aistriú fuinnimh ghlais, rud atá dostoptha ag an gcéim seo. Rud tábhachtach, leagtar amach ann go n-aithnímid gurb amhlaidh, má táimid chun éisteacht leis an gcomhairle eolaíoch go gcoinneofaí téamh domhanda faoi bhun 1.5 °C, atáimid á rá go soiléir nach dteastaíonn aon ghnáth-thionscadail nua ola agus gáis lena ngabhann aga tionscanta fada agus nár cheart aon ghléasraí cumhachta guail neamhlaghdaithe nua a thógáil.
"Ní mór dúinn a chinntiú go nglacann gach duine páirt san aistriú seo. Ní féidir linn roinnt óna chéile maidir leis an aeráid agus níor cheart dúinn neamhaird a dhéanamh de na riachtanais atá ag tíortha éiritheacha agus ag tíortha i mbéal forbartha, go háirithe a mhéid a bhaineann siad leis an aeráid agus le maoiniú fuinnimh. Ní mór an t-aistriú seo a bheith dírithe ar an duine agus cóir, agus ní mór é a dhéanamh ar mhórscála."
Dúirt an tAire Ryan go bhfuil sé tráthúil anois "dul i mbun gnó" maidir leis na gealltanais sin a chomhlíonadh sa dá bhliain atá le teacht. Mhol sé go ndéanfaí iad a leabú agus a fhorbairt tuilleadh ag ócáidí domhanda atá le teacht. Ina measc sin tá cruinniú G7 san Iodáil, cruinniú G20 sa Bhrasaíl agus an chéad COPS eile in Baku, go háirithe an cruinniú sa Bhrasaíl mar ar chomhaontaigh na hairí náisiúnta ó bhalltíortha IEA tús a chur le plé leis an India maidir leis an iarraidh ó rialtas na hIndia ar theacht chun bheith ina bhall de IEA, agus aitheantas á thabhairt don "tábhacht straitéiseach" atá ag an tír maidir le dul i ngleic leis an dúshlán domhanda fuinnimh agus aeráide.
Bunaíodh IEA le linn ghéarchéim fuinnimh na 1970í agus tá cruinniú na bliana seo ag titim amach le linn tréimhse éiginnteachta domhanda i margaí fuinnimh, áit a bhfuil ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an choimhlint in Gaza ag leagan béim ar na leochaileachtaí atá ann sa chóras fuinnimh agus ag léiriú an ghá le haistriú chuig fuinneamh in-athnuaite agus chuig slándáil fuinnimh níos mó.
CRÍOCH