Tugann an tAire McConalogue breac-chuntas ar dhul chun cinn láidir na talmhaíochta ó thaobh spriocanna aeráide a bhaint amach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag labhairt dó ag Comhchoiste an Oireachtais um Chomhshaol agus Gníomh ar son na hAeráide an tseachtain seo, thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD breac-chuntas ar an dul chun cinn ceart agus follasach atá á dhéanamh ag feirmeoirí agus an slabhra agraibhia chun spriocanna a bPlean Gnímh don Aeráid a bhaint amach.
Tá a athbhreithniú féin á dhéanamh ag an gCoiste, tar éis fhoilsiú athbhreithniú bliantúil na Comhairle Comhairleach um Athrú Aeráide i rith an tsamhraidh.
Thug an tAire McConalogue breac-chuntas ar an gcaoi a bhfuil ról ceannaireachta á imirt ag na hearnálacha talmhaíochta, bia agus mara chun an sprioc uaillmhianach a bhaint amach as a dtiocfaidh laghdú de 51% ar astaíochtaí ar fud an gheilleagair faoin mbliain 2030.
Tá na beartais agus na straitéisí arna gceapadh ag an Aire agus ag an Roinn ag léiriú torthaí agus astaíochtaí ó thalmhaíocht ag laghdú.
Dúirt an tAire:
“Tá fíor-mhóiminteam á ghiniúint ag ár n-earnáil. Tá dúil mhór i measc feirmeoirí agus táirgeoirí príomhúla leanúint ar aghaidh le ról ceannaireachta a ghlacadh agus astaíochtaí á laghdú. Chun tacú le feirmeoirí ar an turas dúshlánach seo, tá bearta tugtha isteach agam chun laghduithe féideartha a bhaint amach san earnáil talmhaíochta, le tacaíocht ó ghealltanas airgeadais lena n-áirítear:
• Plean Straitéiseach CBT le buiséad de €9.8 billiún chun tacú le feirmeoirí aistriú go cleachtais níos inbhuanaithe agus tacaíocht a thabhairt d'ioncaim feirme teaghlaigh ag an am céanna,
• Buiséad de €1.5 billiún don scéim agra-chomhshaoil nua ACRES,
• Méadú faoi chúig ar mhaoiniú d’Fheirmeoireacht Orgánach go €256 milliún chun an limistéar a mhéadú faoi thrí go 7.5% den limistéar talmhaíochta atá in úsáid,
• €260 milliún chun éifeachtúlacht charbóin an tréada diúil a fheabhsú trí fheabhas ghéinitice, agus
• €43 milliún do mhórchlár géinitíopála d’eallach na hÉireann a fógraíodh i mBealtaine 2023 a fheabhsóidh inbhuanaitheacht comhshaoil, sláinte agus táirgiúlacht thréada mairteola agus déiríochta na hÉireann.”
Thug an tAire McConalogue faoi deara gur tháinig laghdú ar astaíochtaí ón earnáil sa bhliain 2022, rud a léirigh cúlú tábhachtach ar threocht seasta a bhí ag ardú ó tuairiscíodh na hastaíochtaí is ísle sa bhliain 2011. Ba é an chúis ba shuntasaí don laghdú ar astaíochtaí sa bhliain 2022 ná laghdú 14.0% ar úsáid leasachán nítrigine sintéiseach, a tháinig tar éis laghdú den chineál céanna sa bhliain 2021. Is athrú é seo a bhfuil fonn ar an Aire a dhaingniú agus uaillmhian a bhfuil tacaíocht á tabhairt di trí scéimeanna agus tacaíochtaí chun cabhrú le feirmeoirí bogadh ó leasacháin shaorga a úsáid.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá sé ríthábhachtach go gcuirfimid faisnéis luachmhar ar fáil d’fheirmeoirí chun eolas a thabhairt do chinntí a chuireann sláinte a gcuid ithreacha chun cinn. Tá bainistíocht cothaitheach agus sláinte ithreach lárnach chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus comhshaoil a bhaint amach ar fheirmeacha. Tá €8.8 milliún leithdháilte agam ar an gclár seo, ina theannta sin€2.5 milliún do bháinseacha ilspeicis sa bhliain 2024. Leis sin, thug mé tacaíocht do chur féir seimre gach bliain atá caite agam mar Aire. Tá sé cruthaithe go mbíonn rath ar bheostoc le cabhair ó bháinsí ilspeicis agus seamair agus go laghdaíonn sé an méid nítrigine ceimiceach a bhíonn ag teastáil go mór de réir mar a thógann sé nítrigin atá san atmaisféar go nádúrtha agus go gcuireann sé í isteach san ithir.
Cabhróidh na tacaíochtaí seo le feirmeoirí ionchuir leasacháin cheimiceacha a laghdú, a mbeidh buntáiste eacnamaíoch i gceist don fheirmeoir agus go mbeidh leas comhshaoil i gceist don tsochaí agus táirgeadh bia á chothabháil ag an am céanna.”
Ina theannta sin, pléadh ról na heolaíochta, an taighde agus na nuálaíochta, agus malartú eolais agus an tábhacht a bhaineann le bearta den sórt sin maidir le tacú le raon gníomhaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta aeráide agus comhshaoil, ar nós Cuar Costais Lacáiste Imeallaigh (MACC) Teagasc, a leagann amach bealach inmharthana i dtreo an sprioc astaíochta earnála de 25% a leagadh síos don earnáil talmhaíochta nó Treoracha an AE um Athchóiriú Dúlra agus Sláinte Ithreacha a bhaint amach.
Thug an tAire an sampla seo a leanas:
“Táimid chun ár míle dícheall a dhéanamh chun eolaíocht cheannródaíoch a aimsiú agus tacaíocht a chur ar fáil di ar mhaithe le hastaíochtaí a laghdú. Tá dul chun cinn sa teicneolaíocht tar éis tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt na talmhaíochta thar na mílte bliain agus tá Éire lárnach i gcur chun cinn na heolaíochta a sholáthróidh bia ar ardchaighdeán ar bhealach inbhuanaithe.
Sa bhliain 2020, chuir mé os cionn €2 mhilliún ar fáil chun an ‘Fhaireachlann Náisiúnta Charbóin Ithreach Talmhaíochta’ a bhunú trí bhonneagar eolaíoch a sholáthar chun sreabha GHG ó ithreacha atá faoi bhainistíocht talmhaíochta a thomhas.
“Cuirfidh an teicneolaíocht seo ar chumas taighdeoirí measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag déine bainistíochta laghdaithe ar ithreacha orgánacha faoi bhainistíocht talmhaíochta, ar príomhréimse gníomhaíochta é faoin bPlean Gníomhaíochta Aeráide 2023. Tá an tionscadal seo comhdhéanta de 30 “Túr Sreafa” scaipthe thar raon cineálacha ithreach, faoi réimis bhainistíochta éagsúla ar fud na hÉireann. Tá an tionscadal seo ag cur Éire ar thús cadhnaíochta maidir le taighde ar leithlisiú carbóin san AE.”
Sampla eile is ea an tionscadal taighde “Meth-Abate”, arna thacú ag €1.248 milliún de mhaoiniú ón Roinn Talmhaíochta, chomh maith le Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Tuaithe Thuaisceart Éireann (DAERA) a léirigh cumas suntasach do bhreiseáin sciodair chun astaíochtaí ó stóráil aoiligh a chosc agus a laghdú.
Cé gur mór an dúshlán atá roimh gach earnáil den gheilleagar ó thaobh astaíochtaí a laghdú, ba léir don Aire go bhfuil na bloic thógála á gcur i bhfeidhm ag an earnáil talmhaíochta chun a chinntiú go leanfaidh an treocht ag laghdú sna blianta atá le teacht.
“Is príomhthosaíocht é an nasc idir beartas aeráide agus bia do COP28 a luíonn laistigh de chomhthéacs polaitiúil níos leithne chun ról na gcóras bia a fheiceáil mar chatalaíoch chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna) agus spriocanna Chomhaontú Aeráide Pháras a bhaint amach. Is é seo an chéad uair i stair COP a thug Uachtaránacht an COP tosaíocht don nasc idir aeráid agus bia. Ag cuimhneamh ar an gcomhthéacs polaitiúil agus eacnamaíoch níos leithne ina n-oibríonn COP, tacaím go láidir leis an tosaíocht seo agus táim ag tnúth le páirt a ghlacadh i raon dioscúrsa ar na hábhair thábhachtacha seo an deireadh seachtaine seo chugainn.”
“Tá moladh idirnáisiúnta faighte ár gcur chuige maidir le feirmeoireacht a dhéanamh ar bhonn táirgiúil agus i dtaca leis an timpeallacht. Is tír a tháirgeann beostoc muid mar is féidir linn beostoc agus táirgí déiríochta a tháirgeadh ar bhonn éifeachtach agus go han-mhaith. Tá córais beostoic ag dul i bhfeidhm ar athrú aeráide agus tá an athrú aeráide ag dul i bhfeidhm orthu agus is féidir leis an bpobal idirnáisiúnta foghlaim faoi na réitigh agus na teicneolaíochtaí atá á gcur i bhfeidhm inár gcóras féarach in Éirinn.
“Mar thír, ba cheart dúinn a bheith an-bhródúil as ár n-oidhreacht talmhaíochta, an chaoi ar mhúnlaigh sí ár dtír agus go leanann sí ar aghaidh ag déanamh amhlaidh anois sa troid in aghaidh athrú aeráide. Tá feirmeoirí, a comharchumainn agus an earnáil phróiseála ag cur beartais chearta, follasacha agus éifeachtacha i bhfeidhm agus faoi láthair níl dóthain aitheantais tugtha dó sin.”
CRÍOCH