Fógraíonn an tAire Sláinte maoiniú €10 milliún do chúram maolaitheach agus deireadh saoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, €10 milliún i maoiniú aonuaire do chúram maolaitheach agus deireadh a ré.
Cuideoidh an maoiniú le tosaíochtaí náisiúnta a chur chun cinn, lena n-áirítear an rochtain chothrom ar sheirbhísí cúraim mhaolaithigh ar fud na hÉireann a mhéadú. Úsáidfear an maoiniú freisin chun tacú le seirbhísí cúraim mhaolaithigh a sholáthraíonn eagraíochtaí deonacha agus chun tacú le hinbhuanaitheacht airgeadais na hearnála deonaí ospíse.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Táimid an-bhródúil as ár seirbhísí cúraim mhaolaithigh in Éirinn. Tá infhaighteacht agus raon seirbhísí ag fás go suntasach le 20 bliain anuas. Ag an am céanna, tá a fhios againn nach bhfuil soláthar seirbhísí scaipthe go cothrom ar fud na tíre. Tá €3 mhilliún den mhaoiniú aonuaire seo faighte agam chun ár dtiomantas ospísí a fhorbairt sa Chabhán, sa Tulach Mhór agus i nDroichead Átha. Mar thoradh ar fhorbairt na n-aonad seo beidh ospís ag freastal ar gach réigiún den tír."
“Ina theannta sin, úsáidfear maoiniú chun tacú le hobair ríthábhachtach roinnt eagraíochtaí náisiúnta san earnáil cúraim mhaolaithigh agus méala. Tá lúcháir orm gur féidir linn an maoiniú aonuaire seo a sholáthar chun tacú le hobair grúpaí deonacha lena n-áirítear ospís LauraLynn do leanaí, Fondúireacht Leanaí Jack and Jill, Fosas Ospíse na hÉireann, Cumann Ailse na hÉireann, eagraíochtaí méala agus an Institiúid Uile-Éireann um Chúram Ospíse agus Maolaitheach."
Lean an tAire Donnelly ar aghaidh:
“Tá ríméad orm a fhógairt go leithdháilfear maoiniú freisin ar bhaill den Ghrúpa Ospíse Deonach. Is mór againn na seirbhísí riachtanacha cúraim mhaolaithigh a sholáthraíonn baill den Ghrúpa Ospíse Deonach agus tá an maoiniú seo mar aitheantas agus mar thacaíocht dá seirbhísí luachmhara."
As an €10 milliún, dáilfear €3 mhilliún go cothrom chun forbairt ospísí i nDroichead Átha, sa Chabhán agus i Lár na Tíre atá sna céimeanna pleanála faoi láthair a chur chun cinn. Dáilfear €5.2 milliún ar na baill den Ghrúpa Ospíse Deonach chun tacú le hobair luachmhar na mball. Cuirfear €200,000 ar fáil d'Fhoras Ospíse Phort Láirge chun an fiach ar an aonad speisialtóra nua d’othair chónaithe 20 leaba a ghlanadh. Trí dheireadh a chur leis an bhfiach seo beidh Foras Ospíse Phort Láirge in ann cistí a threorú i dtreo seirbhísí othar.
Dáilfear an €1.6 milliún eile ar roinnt eagraíochtaí náisiúnta san earnáil cúraim mhaolaithigh agus méala. Deonófar €800,000 d’Ospís Leanaí LauraLynn, deonófar €150,000 d’Fhondúireacht Leanaí Jack and Jill, agus dáilfear €300,000 go cothrom idir Foras Ospíse na hÉireann agus Cumann Ailse na hÉireann. Ina theannta sin, deonófar €100,000 d’Institiúid Uile-Éireann um Chúram Ospíse agus Maolaitheach, agus dáilfear €100,000 go cothrom idir na eagraíochtaí méala Anam Cara agus First Light.
Leanann fógra an lae inniu tiomantas lá an bhuiséid ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath TD, do sholáthar an mhaoinithe seo.
CRÍOCH
Sonraí na leithdháiltí
Seirbhís | Leithdháileadh Euro | |
Institiúid Uile-Éireann um Chúram Ospíse agus Maolaitheach | 100,000 | |
Anam Cara | 50,000 | |
First Light | 50,000 | |
Ospís na Gaillimhe & Ospís Mhaigh Eo (Gaillimh €420,000, Maigh Eo €330,000) | 750,000 | |
Cumann Ailse na hÉireann - Altranas Oíche | 175,000 | |
Foras Ospíse na hÉireann | 175,000 |
|Ospís Leanaí LauraLynn|800,000|
|Ospidéal agus Ospís na hOllscoile, Marymount, Corcaigh|1,000,000|
Ospís Lár Tíre, Tulach Mhór | 1,000,000 | |
Ionad Cúraim Milford, Luimneach | 700,000 | |
Ospís na Gráinsí Nua, Droichead Átha | 1,000,000 | |
Ospís an Iarthuaiscirt, Sligeach | 250,000 | |
Seirbhísí Ospíse agus Cúraim Mhuire - Lena n-áirítear Crois Araild, an Charraig Dhubh, Cill Mhantáin | 1,500,000 | |
Clár Scoláireachta i gCúram Coimpléascach & Maolaitheach Leanaí | 100,000 | |
St Christopher’s An Cabhán | 1,000,000 | |
Ospís San Proinsias, Ráth Eanaigh & Baile Bhlainséir | 1,000,000 | |
The Jack & Jill Foundation | 150,000 | |
Gluaiseacht Ospíse Port Láirge | 200,000 | |
Iomlán | 10,000,000 |