Cáineann an tAire O’Donovan loitiméireacht ag tuamaí Neoiliteacha Loch Craobh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an-díomá ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (NMS) sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoin loitiméireacht ar thuama Neoiliteach Loch Craobh, An Seanchaisleán, Co. na Mí. Is é an scríobadh graifítí ar chodanna de na tuamaí pasáiste an loitiméireacht is déanaí ar an láthair oidhreachta náisiúnta atá ar oscailt don phobal feadh na bliana. Tá scrúdú ar bun ag féachaint an féidir an díobháil ann a mhaolú. Ag an am gcéanna, baileoidh OPW agus NMS gach fianaise atá ar fáil um chuidiú leis an nGarda Síochána an dlí a chur orthusan atá freagrach as an díobháil.
Cháin an tAire Stáit Patrick O’Donovan, TD, ar a bhfuil cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, an loitiméireacht seo; dúirt sé:
“Is tuamaí pasáiste fíorársa iad cairn Loch Craobh. Is cuid dár n-oidhreacht cultúrtha iad agus tá déistean orm faoin graifítí díobhálach orthu. Achainím ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu maidir leis seo teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí áitiúla um chuidiú leo na coirpigh a aimsiú.”
“I dteannta lenár gcomhghleacaithe i Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, tá feachtas á ullmhú le haghaidh mhí an Mheithimh um ardú feasachta ar shuntas agus leochaileacht ár séadchomharthaí áilne, rud atá fíor-riachtanach um a gcaomhnú le haghaidh na nglún atá le teacht. Táim ag súil le cuairt a thabhairt ar Loch Craobh go luath agus eolas a chur ar chuid de na samplai is áille den ealaín Neoiliteach in Éirinn atá le fáil ansin.”
Mar fhreagra ar loitiméireacht leanúnach ar an láthair oidhreachta, tá comhlacht slándála fostaithe ag OPW chun patról a dhéanamh ar bharr an chnoic gach tráthnóna. Roimhe seo, dhéan daoine anaithnid díobháil don chúntar cuairteoirí agus cabán na dtreoraithe, scriosadh comharthaí agus leagadh claíocha cosanta a bhain le srianta sláinte phoiblí. Cuireadh an Garda Síochána ar an eolas maidir le himeachtaí frith-shóisialta ar an láthair oidhreachta.
Le linn na paindéime, choinnigh OPW suíomhanna oidhreachta lasmuigh, páirceanna agus garraíthe ar oscailt gach áit ab’fhéidir é sin a dhéanamh faoi shrianta Covid-19, chun áiseanna um shláinte agus maitheasa a chur ar fáil do dhaoine ina gceantair féin. Spreagaimid cuairteoirí chun na suíomhanna seo a chuardach agus taitneamh a bhaint astu, agus aird acu ar threoirlínte faoi scaradh sóisialta agus luach íogaireach ar leith na háite ina bhfuil siad ar cuaird.
-CRÍOCH-