Casann an tAire McConalogue agus an tAire Heydon le Bord Bia maidir le clár gníomhaíochtaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D agus an tAire Stáit Martin Heydon T.D le Bord Bia chun na pleananna maidir le forbairt margaí bia agus dí na hÉireann i gcaitheamh 2021 a scrúdú, an chéad chruinniú as tsraith de chruinnithe ráithe.
Reáchtáladh an cruinniú idir an tAire McConalogue, an tAire Stáit Heydon agus Dan MacSweeney Cathaoirleach Bhord Bia le Tara Mc Carthy, Príomhfheidhmeannach Bhord Bia go fíorúil.
Pléadh gníomhaíocht Bhord Bia don bhliain 2021 lena n-áirítear tosaíochtaí maidir le forbairt margaí nua, deiseanna malartacha allmhairí, feidhmiú tar éis an Bhreatimeachta, agus rannpháirtíocht custaiméirí agus feirmeoirí.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Táim ag tnúth le dlúthrannpháirtíocht leanúnach le Bord Bia i mbliana. Léiríonn na honnmhairí iomlána agraibhia anuraidh, €14.3 billiún, atá síos de bheagán ar 2019, feidhmíocht láidir ag tionscal bia agus dí na tíre seo, arna tacú ag Bord Bia, i bhfianaise na ndúshlán mar gheall ar COVID-19 agus ar an mBreatimeacht.”
“Tá fócas comhroinnte againn lena chinntiú go mbeimid ag déanamh gach is féidir ar mhaithe le príomhtháirgeoirí agus le táirgeoirí tánaisteacha. Mar náisiún ceannródaíoch bia a onnmhairíonn bia chuig breis agus 180 tír ar fud an domhain, ní mór dúinn díriú i gcónaí ar bheith ábhartha agus nuálach ar mhaithe le gach duine sa slabhra soláthair. “Is í an earnáil agraibhia, an earnáil dúchais is mó atá againn agus tá sí ríthábhachtach d’fhorbairt eacnamaíochta chothrom,” dúirt an tAire McConalogue.
Mar fhocal scoir, dúirt sé,
“Tá ríméad orm go bhfuil aontaithe ag Dan MacSweeney fanacht don dara téarma mar Chathaoirleach Bhord Bia. Ceapadh ina Chathaoirleach den chéad uair é in 2018. Tabharfaidh Dan taithí mhór agus díograis chuig ról an Chathaoirligh, agus tá na cáilíochtaí sin níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh le ceannaireacht a thabhairt do bhord Bhord Bia sa struchtúr ar líne atá ann faoi láthair.
Dúirt an tAire Stáit Heydon:
“Agus freagracht speisialta orm as margaí nua a fhorbairt, tá ríméad orm deis a bheith agam dul i mbun rannpháirtíochta le Bord Bia maidir le pleanáil don bhliain amach romhainn. Leanfaimid ag obair le chéile le cruthúnas a chur ar fáil dár dtomhaltóirí agus dár gcustaiméirí, cibé áit ar domhan a bhfuil siad, go gcomhlíonann bia na hÉireann na caighdeáin is airde maidir le sábháilteacht bia, le hinbhuanaitheacht agus le leas, agus mar an gcéanna ní mór dúinn aiseolas agus léargais ón margadh a chur in iúl dár bhfeirmeoirí.”
“Tá neamhchinnteachtaí leanúnacha romhainn i gcomhthéacs an Bhreatimeachta agus i gcomhthéacs na paindéime dhomhanda COVID-19 atá ann fós, tá sé léirithe againn mar earnáil go bhfuil teacht aniar ionainn chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus chun cur leis na deiseanna atá ann,” dúirt an tAire Heydon.
CRÍOCH