Casann an tAire McConalogue le POF Bhanc Uladh chun plé a dhéanamh ar fhágáil an bhainc ó Éirinn
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu le Príomhfheidhmeannach Bhanc Uladh, Jane Howard, i ndiaidh go ndearna an banc an cinneadh chun tús a chur le margadh na hÉireann a fhágáil.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Tá áthas orm go raibh an deis agam caint leis an POF agus lena comhghleacaithe maidir leis an gcinneadh a rinne an banc margadh na hÉireann a fhágáil.
“Is deacair an cás é seo do go leor custaiméirí agus leag mé béim ar an ngá atá le hidirchaidreamh agus cumarsáid leanúnach idir Banc Uladh, a chustaiméirí agus a fhoireann sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn. Tá sé ríthábhachtach go leantar ag freastal láithreach bonn ar chustaiméirí, agus dheimhnigh an tUasal Howard go ndéanfaí é seo agus dhearbhaigh sí dom go bhfuil an acmhainn ag an mbanc leanúint le hiasachtaí a sholáthar dá gcustaiméirí. Leag mé an bhéim ar an ngá atá le lorg coise an líonra brainsí a chosaint freisin, nuair is féidir é seo a dhéanamh.
“I dtaobh na hearnála talmhaíochta, chuir mé in iúl don bhanc an gá atá le leanúint ag tacú le custaiméirí fheirm a dteaghlaigh. Bunaítear láidreacht agus athléimneacht ár n-earnála talmhaíochta ar leibhéil fiachais an-ísle ach baineann buntábhacht le teacht leanúnach a bheith ar airgeadas chun aghaidh a thabhairt ar ár n-uaillmhianta don earnáil a bhaint amach. Ba dheas liom a chloisteáil go bhfuil an banc ag leanúint lena rannpháirtíocht i scéimeanna lena dtacaíonn an Stát agus, go háirithe, go mbeartaíonn sé leanúint ar aghaidh le hiasachtaí infheistíochta faoin Scéim Iasachtaí do Bhorradh Amach Anseo, a raibh an-éileamh air i measc a gcustaiméirí agraibhia.
“Is ríthábhachtach a thabhairt faoi deara nach féidir téarmaí iasachtaí agus morgáistí a athrú má lean an custaiméir le coinníollacha na hiasachta a shásamh gan aird ar thoradh phróiseas Bhanc Uladh.
“Leanfaidh mé le cumarsáid a dhéanamh le Banc Uladh lena chinntiú go ndéantar ionadaíocht iomlán do shaincheisteanna atá tábhachtach d’fheirmeoirí agus don earnáil agraibhia sa tréimhse amach romhainn,” a dúirt an tAire McConalogue.
CRÍOCH