Casann na hAirí McConalogue agus Hackett le Leas-Uachtarán an Choimisiúin, Timmermans, chun plé a dhéanamh ar an gComhaontú Glas agus ar Athrú Aeráide
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. agus an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, fáilte inniu roimh an deis casadh Leas-Uachtarán Choimisiún an AE, Frans Timmermans, chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le hathrú aeráide agus an bhithéagsúlacht. Luaigh na hAirí go ndearnadh plé dearfach leis an gCoimisinéir agus go bhfuil deiseanna ar fáil chun comhoibriú breise a dhéanamh idir Éirinn agus an AE maidir leis na huaillmhianta don Chomhaontú Glas agus naisc le beartas náisiúnta.
Is é Comhaontú Glas an Choimisiún Eorpaigh bunchloch uaillmhian mhéadaithe an Choimisiúin maidir le gníomhú ar son na haeráide. Is é a chuspóir go ndéanfar an chéad chríoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de ar domhan den AE faoin mbliain 2050 agus leagtar amach ann an beartas agus an clár reachtaíochta don aeráid agus don timpeallacht.
Dúirt an tAire McConalogue, “Ar an iomlán, tá uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais le haghaidh borradh inbhuanaithe le sonrú go soiléir i gcur chuige beartas talmhaíochta na hÉireann. Tá cuspóir an Chomhaontaithe Ghlais chun an chéad chríoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de a dhéanamh den Eoraip faoin mbliain 2050 ar aon dul lenár mbeartas aeráide náisiúnta agus, go háirithe, le treochlár aeráide agus aeir ár n-earnála talmhaíochta, ‘Clíomú – Treochlár i dtreo Neodrachta ó Thaobh na hAeráide de’ (Ag Climatise – A Roadmap Towards Climate Neutrality). Bronnfaimid éifeacht orthu seo trínár bPlean Straitéiseach de chuid an CBT a fhorbairt i mbliana, ina dtabharfar cuntas ar ár n-uaillmhian a fhad le 2027. Tá baint lárnach le hioncaim feirme a chosaint inár n-uaillmhianta aeráide. Tuigeann an Coimisinéir Timmermans agus sinn féin conas is gá dúinn oibriú le chéile lena chinntiú go bhfuil beartas an AE agus an beartas náisiúnta maidir leis na ceisteanna an-tábhachtacha seo ag teacht le chéile.”
Pléadh foraoiseacht agus an ról in athrú aeráide a mhaolú freisin, chomh maith lena tábhacht chun neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach san earnáil talamhúsáide. Cuid intreach den Chomhaontú Glas is ea an tábhacht a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a chosaint agus cuirtear creat i bhfeidhm sa Straitéis Bithéagsúlachta 2030 a léireofar i mbeartais náisiúnta.
Dúirt an tAire Hackett freisin, “Faoi mar atá i gceist leis an gComhaontú Glas, tá uaillmhianta againn chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide agus timpeallachta agus deiseanna a dhéanamh díobh. Fad a bhíonn sin á dhéanamh againn, ní foláir dúinn a chinntiú go bhfuil an t-aistriú cothrom agus cóir do chách. Cé nach bhfuil beag is fiú á dhéanamh againn den tasc atá amach romhainn, táimid meáite ar a chinntiú go n-oibríonn an Comhaontú Glas don earnáil talmhaíochta agus talamhúsáide. Glacfaidh na leibhéil foraoisithe le ról tábhachtach chun ár spriocanna athraithe aeráide a bhaint amach. Caithfimid a chinntiú, áfach, gurb é an crann ceart, san áit cheart, ar an gcúis cheart, ár mbealach chun cinn. Glacfaidh Tionscadal na Coillearnaí, a seoladh an tseachtain seo caite, le ról mór lena chinntiú go dtéann ár limistéir choillearnaí i méid go hinbhuanaithe amach anseo.”
Cuireadh deireadh leis an gcruinniú tar éis don bheirt Airí buíochas a ghlacadh leis an Leas-Uachtarán Timmermans as a rannpháirtíocht agus a thiomantas do leanúint lena bplé leis an gCoimisiún Eorpach fad a fhorbraíonn Éire chéad Phlean Straitéiseach eile an CBT agus an chéad Chlár Foraoiseachta Náisiúnta eile.
CRÍOCH