Deimhníonn an tAire Sláinte agus an tAire Meabhairsláinte agus Daoine Aosta bunú buan Ghrád an Chúntóra Síceolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha inniu ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, agus ag an Aire Stáit do Mheabhairshláinte agus do Dhaoine Aosta, Mary Butler TD, roimh bhunú buan ghrád an Chúntóra Síceolaíochta.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá torthaí an-dearfacha feicthe againn ó mheastóireacht neamhspleách ar chlár píolótach a d’aimsigh gur chiallaigh an grád nua seo go bhféadfaí níos mó daoine a fheiceáil, gur thacaigh sé le modhanna nua seachadta seirbhíse agus níos tábhachtaí fós gur fheabhsaigh eispéireas na ndaoine a bhain leas as an tseirbhís. Tá sé tábhachtach go mbeadh na tairbhí seo leabaithe go buan anois i síceolaíocht an chúraim phríomhúil chun tacú le daoine aonair a dteastaíonn tacaíochtaí uathu lena meabhairshláinte.”
Dúirt an tAire Butler:
“Is éacht suntasach é post an Chúntóra Síceolaíochta a bhunú ar bhonn buan maidir le rochtain fheabhsaithe ar thacaí síceolaíochta ríthábhachtacha cúraim phríomhúil a chur chun cinn. Tugadh na poist isteach ar dtús ar bhonn píolótach in 2018 agus tá torthaí dearfacha léirithe acu maidir le tacaíochtaí meabhairshláinte luath-idirghabhála a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga.”
Dúirt an tAire Butler:
“An mhí seo caite d’fhógair mé laghdú suntasach os cionn 19% i measc daoine faoi 18 atá ag fanacht níos mó ná 12 mhí le coinne le Síceolaíocht Cúraim Phríomhúil tar éis leithdháileadh de €4 milliún Lúnasa seo caite chun aghaidh a thabhairt ar liostaí den sórt sin trí thionscnaimh spriocdhírithe. Is céim eile chun cinn é fógra an lae inniu chun ár seirbhísí Síceolaíochta Cúraim Phríomhúil a fheabhsú. Comhlánóidh bearta den sórt sin obair leanúnach ar fhorbairt seirbhíse Síceolaíochta Cúraim Phríomhúil inbhuanaithe san fhadtéarma.”
Oibreoidh Cúntóirí Síceolaíochta ar chonarthaí lánaimseartha téarma sheasta 37 uair sa tseachtain suas le trí bliana laistigh de Sheirbhísí Síceolaíochta FSS, agus tá maoiniú curtha ar fáil chun suas le 114 duine a earcú sa ghrád.
Dúirt an tAire Donnelly freisin:
“Cabhróidh bunú an ghráid nua seo freisin le deiseanna a leathnú do chéimithe síceolaíochta mar gheobhaidh siad taithí ghairmiúil luachmhar agus iad ag obair i seirbhísí síceolaíochta FSS.”