An Taoiseach i mbun cainte le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Labhair an Taoiseach Simon Harris tráthnóna ar an bhfón le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy. Phléigh na ceannairí cúrsaí faoi láthair san Úcráin agus an tír fós ag cur i gcoinne ionsaí na Rúise chomh maith leis an méid breise is féidir le hÉirinn, an AE agus an pobal domhanda i gcoitinne a dhéanamh chun tacú leis an Úcráin agus le plean síochána an Uachtaráin Zelenskyy.
Agus é ag caint tar éis an ghlao gutháin, dúirt an Taoiseach:
“D'airigh mé go raibh sé tábhachtach gur labhair mé leis an Uachtarán Zelenskyy ar mo chéad lá i mo Thaoiseach. Thapaigh mé an deis é a chur ar a shuaimhneas faoin tacaíocht sheasmhach a thugann Éire don Úcráin agus faoi na daoine misniúla atá fós ag cosaint a dtíre in aghaidh ionsaí impiriúlach an Uachtaráin Putin agus chun ardcheannas agus sláine críche na hÚcráine a thabhairt ar ais. Ba mhór an bhagairt atá á déanamh ag an Rúis ar an Eoraip ar fad agus ní hamháin go bhfuil muintir na hÚcráine ag troid ar son a saoirse ach tá siad ag cosaint ár luachanna comhroinnte mar Eorpaigh.
“Agus mé ag caint leis an Uachtarán Zelenskyy, chuir mé béim ar an bhfíric go gcuideoidh Éire i gcónaí leis an Úcráin ar bhealach ar bith is féidir linn agus a fhad agus is gá. Ní féidir leis an Rúis a bheith i réim agus níor chóir go mbeadh sí i réim.
“Chuireamar fáilte roimh an gcinneadh le déanaí a rinne an Chomhairle Eorpach chun tús a chur le hidirbheartaíocht maidir le haontachas an AE leis an Úcráin agus thug mé cúnamh ar bith is féidir le hÉirinn a chur ar fáil chun tacú lena n-iarrachtaí ballraíocht san AE a bhaint amach chomh luath agus is féidir.
“Dhearbhaigh mé don Uachtarán Zelenskyy go mbeidh Éire ar son tacaíocht a thabhairt don Úcráin agus ar son phlean síochána an Uachtaráin i measc ár gcomhpháirtithe domhanda a bhfuil dlúthchaidreamh againn leo, lena n-áirítear ár gcomhpháirtithe san Afraic, agus chuir mé béim ar an bhfíric go leanfaimid de bheith ag obair le comhpháirtithe, san AE agus sna Náisiúin Aontaithe araon, chun an Rúis a choinneáil cuntasach, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do smachtbhannaí breise i gcoinne na Rúise.
“Chuir mé in iúl go bhfuil mé mórtasach as muintir na hÉireann agus as an bhfáilte mhór a chuir siad roimh níos mó ná 105,000 Úcránach atá ag éalú ón gcogadh agus ghabh mé buíochas leo as an méid luachmhar atá siad ag déanamh ar son shochaí na hÉireann. Leanfaimid orainn de thearmann a chur ar fáil do na daoine sin atá ag lorg sábháilteacht ón gcoimhlint uafásach seo.”
Grianghraf : Seirbhís Eolas an Rialtais