Tugann an tAire O’Donovan cuairt ar Chontae an Chláir um uasdhátú ar scéimeanna tuile
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu thug an tAire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD, cuairt ar Chontae an Chláir chun féachaint ar an dul chun cinn atá déanta ar scéimeanna um maolú tuile atá ar bun ag Comhairle Contae an Chláir agus OPW.
Ag labhairt dó i Sráid na Cathrach ar maidin, dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá dul chun cinn suntasach déanta ag Comhairle Contae an Chláir, i gcomhar leis an Oifig agamsa, maidir le scéimeanna um maolú tuile a fheidhmiú ar fud an Chontae – idir mórscéimeanna faoi stiúradh OPW agus miontionscadail áitiúla. Is tógáil chroí é an dul chun cinn atá déanta a fheiceáil anseo inniu”.
Thosaigh an obair thógála ar oibreacha um maolú tuile ag Inis Theas in Aibreán 2019, go príomha claífoirt agus dhá lintéar nua ag Coláiste Flannáin agus an Baile Beag. Mar gheall ar chúinsí talún nach raibh súil leo timpeall ar Mhainistir Chláir ar an bhForghas, ba ghá athdhearadh suntasach ar an mbunscéim a dhéanamh le linn tógála. Ina measc seo bhí píleáil suntasach chun éagobhsaíocht claífort a réiteach. Thug OPW maoiniú agus acmhainní breise chun críochnú na scéime agus cosaint réadmhaoine a chinntiú. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh anseo agus meastar go gcríochnófar an obair de réir mar a bhí ceaptha, i Meitheamh 2021.
Ag Springfield, chonaic an tAire scéim eile atá curtha leis an iliomad scéim ar bun i gContae an Chláir; tá scéim ag Springfield, Cluain Lára á maoiniú ag OPW faofa ag An Bord Pleanála. Anseo, tógfar claífort cosanta tuile, talamh ardaithe, córais loc-chomhla, stáisiún caidéalaithe agus oibreacha bainteacha sa bhaile fearann agus sa cheantar mórthimpeall.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Déanfaidh an tionscadal anseo ag Springfield cosaint a raibh géárghá leis ar 18 réadmhaoin cónaithe agus cuirfear an pobal ar suaimhneas dá thoradh. Oibríonn Comhairle Contae an Chláir i ndlúthchaidreamh leis an Oifig agamsa maidir leis an Scéim um Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta. Le déanaí, thug an Oifig agamsa faomhadh agus maoiniú ar thionscadail ag Rinn na Spáinneach, Sráid na Cathrach agus Droichead an Chláir (Bailtíní Thuamhan). I dteannta leis an mórmhaoiniú a cuireadh ar fáil i ndiaidh na mórstoirmeacha a scrios an cósta in 2014, leag sé seo an bonn leis na móroibreacha ag An Leacht. Léiríonn réimse, scála agus castacht na dtionscadal atá ar bun i gContae an Chláir gealltanas an Rialtais don earnáil maolaithe tuile agus an caidreamh láidir idirghníomhach idir OPW agus Comhairle Contae an Chláir”.
-CRÍOCH-
Um breis eolais déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland