Tá fáilte curtha ag an Aire O’Gorman roimh iarratais a dhéanamh maidir le Cistiú le haghaidh Imeascadh Pobail
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• Beidh maoiniú €500,000 curtha ar fáil ar fud na tíre do thograí áitiúla chun tacú le himeascadh imirceach.
• Beidh deontais suas go dtí €5,000 ar fáil d’eagraíochtaí rathúla mar thacaíocht do thionscnaimh imeasctha.
Inniu tá sé fógartha ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman go bhfuil €500,000 ceadaithe faoin bhrat Chiste le haghaidh Imeascadh Pobail 2022.
I mbliana is é an séú bliain den Chistiú le haghaidh Imeascadh Pobail agus is é aidhm an chiste ná ilchineálacht chultúrtha shaibhir atá ar fáil i measc an phobail a cheiliúradh agus cabhraíonn sé leis na heagraíochtaí pobail tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’imeascadh na n-imirceach. Beidh na heagraíochtaí rathúla ag fáil maoiniú idir €1,000 – €5,000 le haghaidh tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh imeasctha áitiúla.
Ag cur fáilte roimh an fhógra, dúirt an tAire O’Gorman:
“Tá an-áthas orm seoladh Chiste le haghaidh Imeascadh Pobail 2022 a fhógairt. Gan amhras tá saibhreas tagtha ar shochaí na tíre de bharr an méadú a thagann as ilchineálacht chultúrtha agus ní mór dúinn tacú le himircigh ionas gur féidir leo páirt a ghlacadh go hiomlán i sochaí na tíre agus ag an am céanna gur féidir leo a gcultúr féin a choimeád beo. Beidh ag maoiniú seo mar thacaíocht d’eagraíochtaí pobail fáilte a chur roimh chultúir nua.”
Conas gur féidir iarratas a dhéanamh:
Is féidir le hiarratasóirí teacht ar threoir dhoiciméad agus foirm iarratais anseo.
Ba chóir go mbeadh iarratais faighte faoi 12 pm ar an gCéadaoin 6 Aibreán 2022.
DEIREADH
Faightear sa Straitéis maidir le hImeascadh na nImirceach gealltanais an Rialtais le haghaidh imeascadh na imirceach a threisiú agus feictear é mar rud ríthábhachtach in athnuachan na tíre agus a bheith mar chuid lárnach i sochaí na tíre. Mar chuid den Straitéis faightear creat ina leagtar amach na bearta le haghaidh tacú le himircigh a bheith páirt a ghlacadh go hiomlán i saol na tíre.
Eascraíonn an Ciste le haghaidh Imeascadh Pobail as Gníomh 51 den Straitéis maidir le hImeascadh na nImirceach agus mar chuid den Straitéis seo faightear an gealltanas cistiú a chur ar fáil d’eagraíochtaí áitiúla ar fud na tíre o thaobh imeascadh na n-imirceach agus na dteifeach a chur chun cinn. Ó thús an chiste cuireadh €2.76 milliún ar fáil mar mhaoiniú chun tacú le níos mó ná 490 tionscadal.
Cuspóir na dtionscadal/gníomhaíochtaí
Tá an sruth maoinithe seo oscailte d’eagraíochtaí agus d’ionaid pobail áitiúla agus tá deich n-ábhar i gceist mar chuid den tacaíocht le haghaidh imeascadh na n-imirceach.
• Feasacht Idirchultúrtha;
• Ag comhrac in aghaidh ciníochais agus seineafóibe;
• Spórt agus Cluichí Pobail;
• Na hEalaíona;
• Bia/Cócaireacht;
• Imeachtaí Pobail;
• Acmhainn an Phobail a fhorbairt;
• Fostaíocht;
• Oideachas;
• Taighde Imeasctha.
Tabharfar tosaíocht speisialta agus marcanna sa bhreis le linn an phróisis roghnúcháin do na tograí a thacaíonn leis na spriocanna seo a leanas:
1. Tionscnaimh ina bhfuil tacaíocht do himeascadh na mban;
2. Tionscnaimh ina bhfuil tacaíocht do himeascadh pháistí agus daoine óga;
3. Tionscnaimh a thacaíonn do himircigh páirt a ghlacadh sa mhargadh fostaíochta;
4. Tionscnaimh a thacaíonn le hobair dheonach i measc an phobail.
Tá sé mar sprioc ag an gCiste seo go dtacófar le himeascadh i measc phobal na n-imirceach agus an pobal óstach agus dá bhrí sin mar chuid den iarratas caithfear a thaispeáint go mbeidh comhpháirtíocht ann sna gníomhaíochtaí atá beartaithe ón bpobal na n-imirceach agus pobal óstach. Is é uasmhéid an deontais seo ná €5,000 agus an t-íosmhéid ná €1,000.