Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh cheapadh an Uas. Keith Synnott mar Threoraí Cliniciúil Náisiúnta um Sheirbhísí Tráma
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir Simon Harris TD, an tAire Sláinte, fáilte inniu (Dé Domhnaigh) roimh cheapadh an Uas. Keith Synnott mar Threoraí Cliniciúil Náisiúnta um Sheirbhísí Tráma.
Tá ceapadh an Uas. Synnott ar cheann amháin de na gníomhartha láithreacha atá sa Tuarascáil ‘Córas Tráma d’Éirinn’ agus beidh sé ina bhunchloch riachtanach don chóras sin a chur chun feidhme. Faoi mar atá molta sa Tuarascáil, treoróidh an tUas. Synnott an Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Tráma i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus beidh sé freagrach as an gcóras tráma a chur chun feidhme agus as maoirseacht a dhéanamh air. Tacóidh cur chun feidhme an chórais le minicíocht agus ualach an tráma a laghdú, le feabhas suntasach a chur ar rátaí marthanais i measc othair mhórthráma agus lena chinntiú go bhfaighidh gach othar an caighdeán cúraim is airde is féidir sa tsaoráid is cuí.
Agus é ag cur fáilte roimh an nuacht inniu, dúirt an tAire Harris,
“Guím gach rath ar an Uas. Synnott sa ról tábhachtach nua seo, áit a spreagfaidh sé dul chun cinn agus feabhsuithe riachtanacha i gcáilíocht ár seirbhísí tráma. Is é an toradh a bheidh ar na feabhsuithe sin go mbainfear torthaí níos fearr amach d’othair, go sábhálfar tuilleadh beathaí agus go laghdófar an líon daoine a fhágtar faoi mhíchumas tar éis gortuithe diana. Tá cur chun feidhme na Straitéise Tráma ar cheann de na bunspriocanna inghnóthaithe is tábhachtaí sa Phlean Gníomhaíochta Sláintecare don bhliain 2019 agus tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ina leith sin.”
CRÍOCH
Cheadaigh an Rialtas ‘Córas Tráma d’Éirinn’, an Tuarascáil ón nGrúpa Stiúrtha um Thráma, i mí Feabhra 2018. Sa Tuarascáil sin, pléitear leis an gconair chúraim thráma ar fad – idir chosc agus athshlánú – agus tugtar ról lárnach do chúram éigeandála réamhospidéil, do chúram ospidéal géarmhíochaine agus do chúram athshlánaithe.
Tá cur chun feidhme na moltaí ón nGrúpa Stiúrtha um Thráma ar cheann de na bunspriocanna inghnóthaithe is tábhachtaí sa Phlean Gníomhaíochta Sláintecare don bhliain 2019.
Luaitear i Moladh 36 sa tuarascáil ‘Córas Tráma d’Éirinn’:
“Ba cheart do FSS Treoraí Cliniciúil Náisiúnta um Sheirbhísí Tráma a cheapadh, ar duine é a thabharfaidh tuairisc don Phríomhoifigeach Cliniciúil, a luaithe a cheaptar é, agus don Stiúrthóir Náisiúnta um Sheirbhísí Ospidéal Géarmhíochaine idir an dá linn chun Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Tráma a threorú agus chun cur chun feidhme agus maoirsiú an Chórais Tráma a bhainistiú”.
Bunaíodh grúpa cur chun feidhme agus tá sé ag obair anois ar na ceithre ghníomh láithreacha a chur ar aghaidh: