Fógraíonn an tAire Humphreys go ndearna an Rialtas cinneadh ÍDP a chur ar fáil dóibh siúd a n-imríonn na srianta nua tionchar orthu.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag eascairt as na srianta ar gá iad a chur i bhfeidhm chun scaipeadh an víris Covid-19 a chomhrac, d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, go ndearna an Rialtas an cinneadh Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a athoscailt ar feadh tréimhse theoranta chun tacú le daoine a chaillfidh fostaíocht ag eascairt as na srianta nua.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Is eol dom go mbeidh go leor oibrithe san earnáil fáilteachais buartha anocht. Beidh Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar oscailt d’iarratais d’oibrithe a n-imríonn na srianta is déanaí seo tionchar orthu.
“Tá socruithe á gcur i gcrích ag mo Roinn agus fógrófar na sonraí iomlána, agus beidh an scéim réidh le glacadh le hiarratasóirí nua faoi Dé Máirt.”
Fógróidh an Roinn sonraí breise sna laethanta amach romhainn faoi conas is féidir le daoine aonair a n-imríonn fógra an lae inniu tionchar orthu iarratas a dhéanamh ar ÍDP.
CRÍOCH