Comhaontú Comhpháirce Sínithe idir na Stáit Aontaithe agus Éire
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beartaíonn an socrú Páirc Náisiúnta Chill Airne i gContae Chiarraí a nascadh le Páirc Náisiúnta Glacier i Montana, SAM.
BAILE ÁTHA CLIATH – Bunaítear leis an gcomhaontú a síníodh inniu ag searmanas fíorúil “comhpháirceanna” a dhéanamh de Pháirc Náisiúnta Glacier i Montana, SAM, agus Páirc Náisiúnta Chill Airne i gContae Chiarraí”. Treisíonn an socrú comhoibriú idirnáisiúnta idir an dá thír agus éascaíonn sé an comhar a bhaineann leis bainistíocht na n-áiteanna cosanta, áille seo.
Tá saincheisteanna coitianta idir Pháirc Náisiúnta Chill Airne, arna bhainistiú ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Páirc Náisiúnta Glacier, arna bhainistiú ag Seirbhís Pháirceanna Náisiúnta na SA, lena n-áirítear go leor cuairteoirí, speicis chomhthíocha agus ionracha a rialú, for-rochtain le pobail áitiúla, monatóireacht éiceolaíoch agus comhaontuithe comhpháirtíochtaí. Roinnfidh na páirceanna na cleachtais is fearr trí eolas teicniúil agus gairmiúil, sonraí, teicneolaíocht agus oiliúint a mhalartú agus cuairteanna láithreáin chomh maith.
“Tá ríméad orm go bhfuil mo Roinn – tríd an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra – ag déanamh socrú le Seirbhís Pháirceanna Náisiúnta na SA trí dhea-chleachtais a fhorbairt agus naisc níos dlúithe a bhunú idir Páirc Náisiúnta Chill Airne agus Páirc Náisiúnta Glacier, Montana. Agus é sin á dhéanamh, déanfaimid taithí agus inniúlacht phearsanra an dá Pháirc a shaibhriú trí mhalartuithe foirne agus dea-chleachtais” a dúirt an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Darragh O’Brien.
“Soláthraíonn nádúr comhoibritheach na gcomhpháirtíochtaí seo deis den scoth ceachtanna a foghlaimíodh a bhaineann le háineas, caomhnú agus bainistíocht acmhainní a mhalartú” a dúirt Shawn Benge, Leas-Stiúrthóir na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta, ag feidhmiú údarás an Stiúrthóra. “Táimid ar bís faoi na féidearthachtaí atá ann oibriú le chéile agus foghlaim óna chéile.”
“Ón lá inniu ar aghaidh, beidh sé mar aidhm ag Páirc Náisiúnta Chill Airne agus Páirc Náisiúnta Glacier leas a bhaint as an eolas líonraithe suntasach agus as na deiseanna comhroinnte a dtacaíonn an comhaontú seo leo. I bhfianaise na n-acmhainní nádúrtha agus cultúrtha a chaomhnaíonn agus a chuireann an dá eagraíocht i láthair, chomh maith lenár sainorduite faoi seach, tá súil agam go n-úsáidfimid ár socrú mar guth níos láidre chun aird a tharraingt ar na dúshláin ní amháin sa dá pháirc seo ach ar fud ár náisiún” a dúirt Aire Stáit Oidhreachta Malcolm Noonan.
“Mar an chéad pháirc síochána idirnáisiúnta ar domhan le Páirc Náisiúnta Waterton Lakes i gCeanada, tá stair bhródúil ag Páirc Náisiúnta Glacier ag obair le comhpháirtithe lasmuigh dár dteorainneacha chun na cleachtais is fearr a mhalartú agus chun foghlaim óna chéile” a dúirt Jeff Mow, Stiúrthóir Pháirc Náisiúnta Glacier. “Táimid ag tnúth le bheith ag obair i gcomhar le Páirc Náisiúnta Chill Airne.”
Mairfidh an comhaontú ar feadh cúig bliana agus féadfaidh na rannpháirtithe é a leathnú nó a mhodhnú. Beidh an caidreamh comhpháirce seo ar an gceann is déanaí de níos mó ná trí dhosaen caidreamh atá idir páirceanna náisiúnta na SA agus páirceanna náisiúnta agus ceantair chosanta i dtíortha eile.
Críoch