Corrthoghcháin an tSeanaid
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Uasal Darragh Ó Briain, T.D., an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go ndearna sé Ordaithe inniu (03 Márta 2021) ag tabhairt treorach maidir le corrthoghcháin a reáchtáil chun an folúntas a fágadh sa Seanad nuair a chuaigh an Seanadóir Michael D’Arcy agus Seanadóir Elisha McCallion ar scor a líonadh.
Toghadh an Seanadóir D’Arcy as an bhFo-Rolla Oireachtais den Rolla Talmhaíochta agus toghadh an Seanadóir McCallion as an bhFo-Rolla Oireachtais den Rolla Tionscail agus Tráchtála san Olltoghchán do Sheanad Éireann in Márta 2020.
An 23 Márta, 2021 ag meán lae an lá deiridh a ghlacfar le hainmniúcháin don chorrthoghchán. Suífidh Ceann Comhairimh an tSeanaid don rialú ar ainmniúcháin an 30 Márta, 2021. Eiseofar páipéir bhallóide an 7 Aibreán, 2021 agus dúnfar vótaíocht ag 11 a.m. an 21 Aibreán, 2021.
Is iad comhaltaí Dháil Éireann agus Seanad Éireann toghthóirí na chorrthoghcháin.
CRÍOCH