Crinniú eile ag Coiste Comhairleach um Bhunachar Sonraí na Leasachán
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tionóladh an cruinniú is déanaí de Choiste Comhairleach na nGeallsealbhóirí um Bhunachair Sonraí na Leasacháin d'fhonn uasdátú a fháil ar fhorbairt Bunachar Sonraí Náisiúnta na Leasachán, a mheastar a bheith i bhfeidhm ag tús na bliana 2023.
Ta bunú an bhunachair shonraí seo ríthábhachtach chun íocaíochtaí tráthúla d'fheirmeoirí a éascú faoin Éicea-Scéim atá beartaithe ag Éirinn. Ceadóidh sé freisin don Stát a chuid gealltanas don Choimisiún Eorpach a chomhlíonadh mar thoradh ar an 5ú Clár Gníomhaíochta um Níotráití, a foilsíodh i mí Márta na bliana 2022, chomh maith leis an síneadh ar Mhaolú na Níotráití ag Éireann, a bhfuarthas níos luaithe sa bliain.
Cuirfidh an bunachar sonraí beartaithe sonraí iontaofa ar fáil ar ais d’fheirmeoirí, ar féidir leo úsáid a bhaint astu chun a chinntiú go bhfuil siad ag comhlíonadh na dteorainneacha a leagtar amach sna Rialacháin um Níotráití agus is féidir á n-úsáid chun cáiliú do thionscnaimh dheonacha um inbhuanaitheacht an tionscail a thabharfaidh luach saothair do ghníomhaíochtaí na bhfeirmeoirí.
Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D.,
“Sé atá mar chuspóir agam don Choiste seo ná an chumarsáid a éascú leis na geallsealbhóirí lena mbaineann chomh maith lena gcuid tuairimí agus lena gcuid moltaí a fháil agus córas praiticiúil um bhailiú agus um roinnt na sonraí á fhorbairt againn. Gabhaim buíochas leis an gCoiste as an meid a bhí le rá acu i leith a leithéid inniu.”
Lean an tAire ar aghaidh ag rá,
“Cheadaigh an Comh-Aireachta dréacht-Cheannteidil an Bhille ar an 12 Iúil agus cuirfear tús leis an grinnscrúdú Réamhreachtaíochta faoin bpróiseas reachtach anois. Táim ag iarraidh a aithint conas a oibreoidh córas gaolmhar an TF ar an mbealach is simplí do gach geallsealbhóir lena bhaineann.”
Déanfaidh Bunachar Sonraí Náisiúnta na Leasachán taifead ar dhíolacháin na leasachán agus ligfidh sé d’fheirmeoirí cuntas a thabhairt ar an stoc deiridh ar an bhfeirm ag deireadh séasúr scaipeadh na leasachán. Tabharfaidh sé deis freisin d’fheirmeoirí féachaint ar a gcuid sonraí leasacháin féin ar thairseach ar líne na Roinne ag www.agfood.ie.
Déanfaidh Bunachar Sonraí Náisiúnta na Leasachán atá molta díolachán na leasachán a thaifeadadh. I mBliain 1, fógróidh an feirmeoir an stoc tosaigh aige ar an bhfeirm. Gabhfar sonraí díolacháin na leasachán ar Bhunachar Sonraí Díolachán na Leasachán agus beidh an feirmeoir in ann an stoc deiridh aige a dhearbhú ag deireadh séasúr an scaipthe. Tabharfaidh sé seo deis dó a úsáid iomlán na leasachán a thaifeadadh go cruinn agus go héasca i rith na bliana.
Siad siúd ag díol na leasachán den chuid is mó a chuirfidh an fhaisnéis ar an mbunachar sonraí. Beidh an rogha ag an bhfeirmeoir a chuid sonraí a fheiceáil agus a íoslódáil más mian leis.
Beidh ríthábhacht ag bunú an bhunachair sonraí ag baint le maolú obair an fheirmeora a ghlacann páirt sna gníomhaíochtaí atá beartaithe don Éicea-Scéim maidir le húsáid na leasacháin nó an aoil. Laghdóidh an bunachar sonraí freisin an méid atá le tuairisciú ag an bhfeirmeoir cheana féin maidir le Maolú na Níotráití.
Ionas an t-eolas a thabhairt don phróiseas chun Bunachar Náisiúnta na Leasachán a fhorbairt, bhunaigh an Roinn an Coiste Comhairliúcháin i mí Aibreáin na bliana 2022. Glacann gach geallsealbhóir a bhfuil baint aige le dáileadh agus le húsáid na leasachán páirt sa Choiste Comhairliúcháin; sé sin, ionadaithe ó:
Ghlac cruinniú na Comh-Aireachta ar an 12 Iúil le dréacht-Cheannteidil an Bhille um Rialáil Táirgí Íocshláinte Tréidliachta, Beatha Íocleasaithe agus Leasacháin 2022. Rachaidh sé ar aghaidh anois chuig céim an Ghrinnscrúdaithe Réamhreachtaíochta tríd an gComhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Mara. Ceaptar go dtabharfar an reachtaíocht bheartaithe seo, ar gá léi chun taca chur faoin mbunachar sonraí, chun críche faoi dheireadh na bliana seo.
Sé an leathanach Gréasáin a bhaineann le Bunachar Sonraí Náisiúnta na Leasachán ná: National Fertiliser Database
Tá dréacht-Cheannteidil an Bhille le feiceáil ag: General Scheme of the Veterinary Medicinal Products, Medicated Feed and Fertilisers Regulation Bill 2022