Cuireann an tAire McConalogue fáilte roimh an tús dearfach a cuireadh leis an nGrúpa Oibre Airgeadais Eitinne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thionóil an Grúpa Oibre Airgeadais nua a bunaíodh mar chuid den Fhóram Páirtithe Leasmhara Eitinne Bólachta agus ar a ndéanann tUasal Gerry Kiely cathaoirleacht, a chéad chruinniú inniu ar cuireadh tús le plé dearfach agus fiúntach.
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., fáilte roimh chéad chruinniú an ghrúpa nua agus leag sé an bhéim ar an ngá atá le gach páirtí leasmhar oibriú as lámh a chéile chun rátaí eitinne a laghdú.
Dúirt an tAire,
“Is é an Clár Díothaithe Eitinne Bólachta ár gclár sláinte ainmhithe is mó agus tugann feirmeoirí agus cáiníocóirí tacaíocht shubstainteach airgeadais dó. Mar aitheantas air seo, leagtar ualach trom oibre orthu sna téarmaí tagartha don Ghrúpa Oibre Airgeadais, go háirithe an gá atá lena chinntiú go gcisítear an Clár Eitinne go hinbhuanaithe agus go cuí, ar aon dul le prionsabail na Straitéise Náisiúnta um Shláinte Ainmhithe Feirmshaothraithe. Chun go mbainfear cuspóirí an ghrúpa amach, tá sé ríthábhachtach go n-oibríonn na páirtithe leasmhara go léir as lámh a chéile ar bhealach fiúntach agus comhoibritheach. Leagaim an tasc ar an ngrúpa oibre seo soláthar a dhéanamh d’fheirmeoirí. Caithfidh go mbíonn an rath air agus spreagaim iad siúd go léir oibriú as lámh a chéile chun soláthar a dhéanamh dár dteaghlaigh feirme.
“Is eol dom gur cuireadh tús an-dearfach le chéad chruinniú an ghrúpa inniu, agus léirigh gach páirtí a dtiomantas do na cuspóirí a bhaint amach, faoi mar a leagtar síos iad sna téarmaí tagartha. Táim ag tnúth le torthaí an ghrúpa seo a fheiceáil nuair a dhéanann siad an Fóram a chur ar an eolas orthu.”
Tá sraith cruinnithe leantacha ar na bacáin chun na ceisteanna atá á bplé a chur chun cinn.
Nóta d’eagarthóirí:
Bunaíodh an Grúpa Oibre Airgeadais faoin Straitéis nua Eitinne Bólachta agus tá oifigigh ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ionadaithe d’eagraíochtaí feirmeoireachta ann. Leagtar na tascanna a leanas ar an ngrúpa sna téarmaí tagartha:
a. Samhail chistithe inbhuanaithe a fhorbairt, bunaithe ar an anailís costais is tairbhe neamhspleách, chun riachtanais leanúnacha airgeadais an chláir Eitinne Bólachta a chistiú ar aon dul le prionsabail na Straitéise Náisiúnta um Shláinte Ainmhithe Feirmshaothraithe.
b. Ar aon dul leis na moltaí ón athbhreithniú neamhspleách ar an Scéim Luachála Margaidh ar an bhFeirm, tionscnaimh a mholadh atá ar aon dul le luachálacha córa a sholáthar ar ainmhithe frithghníomhacha ar bhealach tráthúil agus cost-éifeachtúil.
c. Scrúdú a dhéanamh ar leordhóthanacht na dtacaíochtaí airgeadais atá ar fáil faoin gclár Eitinne Bólachta agus a chinntiú go ndírítear orthu go héifeachtach.
d. Cáilitheacht le haghaidh tacaíochtaí airgeadais agus bearta maolaithe maolaithe riosca a ailíniú.
CRÍOCH