Cuireann an tAire McConalogue tús le Comórtas Feirmeoir Féarach na Bliana 2022
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, tús ofigiúil le comórtas Feirmeoir Féarach na Bliana do 2022 inniu in Eastát Bhaile an Chaisleáin i mBaile Eoin. Sé seo an séú bliain den chomórtas a thugann aitheantas d’fheirmeoirí atá ag baint amach leibhéil arda úsáid an fhéir ar bhealach inbhuanaithe.
Is tionscnamh de chuid Fheachtas Teagasc Féar10 é comórtas Feirmeoir Féarach na Bliana a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Teagasc, Banc-Aontas Éireann, comhlacht árachas FBD, Grassland Agro agus an Irish Farmers Journal.
Agus tús á chur aige leis an gcomórtas, dúirt an tAire,
“Tá buntáiste iomaíoch ar leith ag talmhaíocht na hÉireann agus, fiú amháin, ag Éirinn féin. Is fíor-shaineolaithe an domhain sinne maidir le fás an fhéir ar bhealach inbhuanaithe. Leagann gradaim Feirmeoir Féarach na Bliana béim ar thábhacht an fhéir i dtáirgeadh inbhuanaithe an bhainne agus na feola agus tugtar aitheantas d’fheirmeoirí ceannródaíocha atá ag baint amach leibhéil arda úsáid an fhéir trí barrfheabhas i mbainistíocht an fhéaraigh, i dtomhas an fhéir agus i gcomhdhéanamh na báinsí”.
Dúirt an tAire freisin,
“Ní raibh an tábhacht a bhaineann le húsáid an fhéir chomh soiléir sin riamh i bhfianaise reatha na geopolitíochta atá mar údar leis an ardú suntasach ar chostais na beatha agus an leasacháin.”
Dar le Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Frank O’Mara,
“Sé atá mar bhonn ag na córais beostoic againn in Éirinn atá bunaithe ar athchogantaigh ná an oiread féir agus is féidir a úsáid i mbia ár mbeostoic fhéaraigh. Leagann an clár Féar10 agus an gradaim Feirmeoir Féarach na Bliana béim ar an méid áta á baint amach ag feirmeoirí ina leith seo. Tá na deiseanna le tuilleadh feabhas a dhéanamh maidir le hinbhuanaitheacht glas na bhfeirmeacha féirígh trí úsáid a bhaint as an seamair bán agus dearg á léiriú againn faoi láthair.”
Chomh maith leis an bpríomh-ghradam Feirmeoir Féarach na Bliana, tá seacht ngradam eile le bronnadh, don fhiontar déiríochta is fearr, d'fhiontar an stoic thirim is fearr, do chothú an tseamair/don feirmeoireacht inbhuanaithe, don nuálaíocht, don fheirmeoireacht ar thalamh bhocht, don fheirmeoir óg (<30 bliain) agus don fheirmeoireacht orgánach. Bronnadh catagóir na feirmeoireachta orgánaí don chéad uair sa bhliain 2022. Chuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara €25,000 ar fáil mar thacaíocht do dhuaischiste an chomórtais.
Fotheideal an Grianghraif: Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, tús oifigiúil le Comórtas Feirmeoir Féarach na Bliana 2022 an tseachtain seo. Sa phictiúr, ó chlé go deas, tá: John Maher, Clár Teagasc Féar10; Seán Ó Lochlainn, FGrassland Agro; Padraig Walshe, Comhlacht Árachais FBD agus Cathaoirleach choiste Féar10 de chuid Teagasc; an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD; John Farrell, BAÉ; agus an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Teagasc. Tugann an comórtas aitheantas do na feirmeoirí déiríochta, mairteola agus caorach sin atá ag baint amach leibhéil arda úsáid an fhéir ar bhealach inbhuanaithe.