Cuireann McConalogue 20 post breise múinteoireachta ar fáil in Teagasc
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., gur bhain sé 20 post breise múinteoireachta téarma sheasta amach do Teagasc.
Beidh na poist dírithe ar níos mó acmhainní a sholáthar do chúrsaí an Teastais Ghlais, go háirithe in iarthuaisceart agus oirthuaisceart na tíre. Fuair an tAire McConalogue cead gan mhoill tríd an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun na poist mhúinteoireachta a fháil.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Tá gliondar croí orm gur éirigh liom na poist ríthábhachtacha mhúinteoireachta seo a fháil do Teagasc chun cabhrú le cúrsa an Teastais Ghlais ar Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 a thabhairt isteach.
“Lorg mé cead go n-earcóidh Teagasc a mhéid le 20 múinteoir sealadach chun oiliúint ar an Teastas Glas a sholáthar go príomha san iarthuaisceart agus san oirthuaisceart. Gabhaim buíochas le mo chomhghleacaí, an tAire Michael McGrath sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun an cead seo a thabhairt. Gabhaim buíochas freisin le Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Gerry Boyle as an bpáirt réamhghníomhach a ghlac sé sa cheist.
“Tugaimse an chéad tús áite d’athnuachan ó ghlúin go glúin agus d’oideachas leanúnach a chur ar ár bhfeirmeoirí agus tá gliondar croí orm, dá bharr, gur éirigh liom na poist seo a fháil. Is eol go maith dom an t-éileamh ollmhór ar áiteanna ar chúrsa an Teastais Ghlais agus tá súil agam go mbainfidh an dul chun cinn seo go leor den ualach atá ar fheirmeoirí a lorgaíonn go gcuirtear oiliúint orthu.”
CRÍOCH