Cumhachtaí breise forfheidhmithe i gcás sáruithe ar rialú COVID-19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chomhaontaigh an Rialtas inniu chun cumhachtaí breise forfheidhmithe a thabhairt isteach don Gharda Síochána chun déileáil le sáruithe ar rialú COVID-19.
Leasóidh an Bille Sláinte (Leasú), 2020 nua an tAcht Sláinte, 1947 chun córas fógraí pionóis sheasta a cheadú. Beartaítear chun an reachtaíocht a achtú a luaithe agus is féidir.
Leanfaidh baill an Gharda Síochána leis an mbeartas póilíneachta ar éirigh leis chun tromlach mór an phobail a spreagadh chun cloí leo i rith phaindéim COVID-19.
Leanfaidh siad leis an gcur chuige: daoine a ghníomhú, a chur ar an eolas, a spreagadh agus mar rogha dheiridh - daoine a fhorfheidhmiú.
Ceadaítear fíneáil a mhéid le €2,500 agus/nó príosúnacht sé mhí a ghearradh faoi láthair faoin Acht Sláinte, 1947. Tabharfaidh na leasuithe nua córas d’fhíneálacha srathacha a mhéid le €500 isteach, fógraí pionóis sheasta san áireamh.
Deimhneofar na cionta fógraí um pionós socraithe agus an leibhéal pionós a ghearrfar i rialacháin a dhéanfaidh an tAire Sláinte i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt. Leanfaidh na hAirí ag oibriú go dlúth ar an gceist seo agus rachaidh siad i gcomhairle leis an Rialtas sula dtabharfar rialacháin nua chun críche. Déanann na leasuithe seo soláthar freisin do chóras de phionóis shrathacha ina ngearrtar pionóis níos mó ar athchionta.
Amach uaidh sin, déanfar cion sa reachtaíocht d’imeacht a eagrú i dteach nó gairdín príobháideach, ar nós cóisir tí, a sháraíonn an rialú sláinte poiblí a bhíonn i gceist ag an tráth sin. Cuirfear pionóis chuí i bhfeidhm.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD:
"Cé go bhfuil an tromlach dínn ag cloí leis an treoir sláinte poiblí maidir le COVID-19, agus tá amhlaidh déanta acu ó thús na paindéime seo, tá roinnt daoine ann nach bhfuil ag cloí leis. Is é cuspóir na mbeart seo chun feabhas a chur ar an treoir sláinte poiblí a chomhlíonadh. Baineann tábhacht le cloí leis an treoir sláinte poiblí ní hamháin mar gheall go gcabhraíonn sé linn chun sinn agus na daoine timpeall orainn a chosaint, cosnaíonn sé ár gcóras sláinte agus ceadaíonn sé dár n-oibrithe cúraim sláinte leanúint le cúram a thabhairt do gach othar, iad siúd a bhfuil COVID-19 orthu agus iad siúd a bhfuil riachtanais chúraim sláinte eile acu."
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee TD:
"Cé go leanann tromlach mór na ndaoine leis na srianta a chomhlíonadh, is soiléir go bhfuil an iomarca daoine ag gníomhú ar bhealach a chumasaíonn an víreas a tharchur agus teastaíonn bearta breise dá bharr. Leanfaidh na Gardaí le póilíniú a dhéanamh, faoi mar a rinne siad i rith na paindéime: trí dhaoine a spreagadh chun cloí le rialacháin sláinte poiblí.
"B’fhéidir go gcabhróidh an córas pionós a bheartaítear anseo le hiompar a athrú. Is tábhachtach béim a leagan air gur gá go mbíonn sé ina aidhm cosc a chur ar an gcineál iompair a chuireann daoine eile i mbaol, seachas a bheith ina aidhm méid mór fíneálacha a eisiúint mar gheall ar an iompar sin. Níor cheart go ndéanfaí ceist uimhreacha de seo: is é an cuspóir go gcuireann daoine iompar freagrach ar bun, seachas pionós a ghearradh."
CRÍOCH