Fáilte curtha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh fhoilsiú ‘Anailís ar Sholáthar Fórsa Oibre Leighis’
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD agus na tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, Pascal Donohue TD, ‘Anailís ar Sholáthar Fórsa Oibre Leighis’ mar chuid den Phróiseas Athbhreithnithe Caiteachais a bhfuil sé mar aidhm leis an bonn fianaise le haghaidh cinntí beartais a fheabhsú.
Déantar cur síos sa pháipéar Athbhreithnithe Caiteachais seo ar an gcóras oideachais agus oiliúna leighis in Éirinn agus déantar scrúdú ann ar na dúshláin atá le sárú ag an gcóras sláinte chun ár ngealltanas an méid atá Éire ag brath ar fhórsa oibre leighis atá ag déanamh cúrsaí oideachais i dtíortha eachtracha a laghdú agus chun seirbhís sláinte Comhairleach-Seachadta a sholáthar.
Tarraingítear aird sa taighde seo ar an méid seo a leanas - i mbliain acadúil 2021/22 bhí 1,403 áit ar fáil do mhic léinn leighis i gCóras Ard-Oideachais na hÉireann. Is é seo an t-aschur céimithe leighis is airde per capita i measc thíortha an OECD, ach is mic léinn Neamh-AE iad céatadán mór de na mic léinn sin (46%). Ciallaíonn sé sin nach n-éiríonn le líon díréireach de na mic léinn a mbronnann scoileanna leighis na hÉireann céimeanna orthu feidhmiú mar chomhairligh in Éirinn. Tá an líon speisialtóirí i measc na sé tír OECD is ísle a bhfuil sonraí ar fáil lena n-aghaidh.
Chiallaigh an ganntanas stairiúil dochtúirí i gcóras oideachais agus oiliúna leighis na hÉireann go rabhthas ag brath an iomarca ar dhochtúirí a oileadh i dtíortha eachtracha agus nach raibh ach líon beag Comhairleach ar fáil sa tír seo i gcomparáid lenár bpiaraí idirnáisiúnta.
Sa pháipéar seo forbraítear samhail soláthair don fhórsa oibre leighis trí úsáid a bhaint as samhaltú dinimice córas. Tarraingítear aird sa tsamhail seo ar an ngá atá le hamfráma fada chun an líon áiteanna oideachais agus oiliúna leighis a mhéadú. Fiú amháin nuair a chuirtear na méaduithe mórscála sa líon mac léinn atá i mbun céimeanna leighis san áireamh ar bhonn gearrthéarmach, beidh sé riachtanach an méid a bhfuil Éire ag brath ar fhórsa oibre leighis atá á n-oiliúint i dtíortha eachtracha a laghdú ar bhonn fadtéarmach. Mar gheall ar an gcéatadán ard de mhic léinn Neamh-AE a bhfuil oiliúint á cur orthu anseo, tá acmhainn shuntasach ann cur leis an líon áiteanna atá ar fáil do mhic léinn ón Aontas Eorpach/ón Ríocht Aontaithe sa chóras oideachais cheana féin. Tá níos mó srianta soláthair le tabhairt faoi deara sa chóras oiliúna iarchéime, ach tá an acmhainn méadaithe le blianta beaga anuas.
Nuair a bhí an anailís á déanamh díríodh ar roinnt cásanna éagsúla inar méadaíodh an líon mac léinn leighis agus mac léinn atá i mbun cúrsaí oiliúna speisialaithe san Aontas Eorpach/sa Ríocht Aontaithe, ach ní ghlactar leis gurb ionann é sin agus fianaise ar an méid is mó mac léinn ar féidir glacadh leo. Tá tuilleadh obair á déanamh a bhfuil sé mar aidhm léi iontógáil uasta mac léinn in Éirinn a shainmhíniú, go háirithe meastachán a dhéanamh maidir leis an éileamh iomlán ar dhochtúirí sa chóras sláinte trí chéile agus an acmhainn soláthair a theastaíonn chun freastal ar an éileamh seo.
Ba é an aidhm a bhí leis an obair seo bonn fianaise a sholáthar chun cabhrú le lucht déanta beartas tacú le pleanáil an fhórsa oibre leighis chun córas sláinte atá sábháilte, éifeachtach agus freagrúil a sholáthar.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., faoin bhfoilseachán,
“Tá tús áite á thabhairt agam féin agus ag an Rialtas do phleanáil an fhórsa oibre san earnáil cúraim sláinte. Tá méadú nach bhfacthas riamh cheana tugtha faoi deara sa líon ball foirne cúraim sláinte atá fostaithe inár seirbhís sláinte poiblí i rith shaolré an Rialtais seo; d'earcaigh FSS níos mó ná 18,500 ball foirne, lena n-áirítear 1,773 dochtúir agus fiaclóir ó thús 2020. Chuir mé in iúl go soiléir nach mór dúinn an líon mac léinn as Éirinn agus as an Aontas Eorpach atá i mbun staidéir ar chúrsaí leighis a dhúbailt ar bhonn práinneach chun déileáil leis na dúshláin atá á gcruthú ag ár ndaonra atá ag fás agus ag dul in aois, chun ár n-oibleagáid idirnáisiúnta an méid a bhfuilimid ag brath ar dhochtúirí a bhfuil a gcúrsaí oiliúna á ndéanamh i dtíortha eachtracha acu a laghdú. Cúis áthais dom tacú le foilsiú ‘Anailís ar Sholáthar Fórsa Oibre Leighis’. Cabhróidh an méid atá sonraithe sa pháipéar seo linn déileáil le dúshláin a bhaineann leis an bhfórsa oibre, cabhróidh sé linn déileáil leis an dúshlán a bhaineann le méaduithe gan choinne ar éileamh, soláthróidh sé conair chun an méid atá Éire ag brath ar earcú dochtúirí leighis a bhfuil a gcúrsaí oiliúna á ndéanamh acu i dtíortha eachtracha agus córas sláinte atá níos sábháilte, níos éifeachtaí agus níos freagrúla do riachtanas an phobail.”
Baill foirne ó Sheirbhís Mheastóireachta agus Eacnamaíochta Rialtas na hÉireann (IGEES) in Aonad Seirbhísí Taighde agus Beartas na Roinne Sláinte a chur an páipéar seo i dtoll a chéile. Tá an páipéar seo á fhoilsiú mar chuid den phróiseas Athbhreithnithe Caiteachais agus rinneadh piarmheasúnú géar air. Is príomhardán é an tAthbhreithniú Caiteachais chun beartais a fhorbairt atá bunaithe ar fhianaise sa Státseirbhís trí chéile. Rinneadh an taighde seo chun cabhrú leis an bhfórsa oibre san earnáil sláinte a phleanáil.
Tá léargas le fáil sa pháipéar seo ar bheartais ábhartha agus ar threochtaí anailíse a bhaineann le fórsa oibre altranais na hÉireann.
I. Forléargas
II. Is é atá mar aidhm le beartas an fhórsa oibre leighis oiliúint a chur ar líon oiriúnach dochtúirí leighis in Éirinn agus a chinntiú go bhfuil dóthain speisialtóirí leighis ar fáil chun seirbhís sláinte Comhairleach-Seachadta a sholáthar (An Roinn Sláinte, 2003) (WHO, 2010).
III. Tá an líon dochtúirí per capita in Éirinn cosúil leis an meánfhigiúr sna tíortha OECD. É sin ráite, bhí an céatadán de dhochtúirí in Éirinn a rinne a gcúrsaí oiliúna i dtíortha eachtracha cothrom le 40% in 2021 – an ceathrú ballstát is airde as measc na mballstát ar fad. Anuas air sin, tá an líon dochtúirí speisialaithe in Éirinn go maith faoi bhun an mheánfhigiúir. Tá an líon speisialtóirí i measc na sé tír OECD is ísle a bhfuil sonraí ar fáil lena n-aghaidh.
IV. Aidhmeanna agus Cuspóirí
V. Déantar cur síos san Athbhreithniú Caiteachais seo ar an gcóras oideachais agus oiliúna leighis in Éirinn agus déantar scrúdú ann ar na dúshláin atá le sárú ag an gcóras sláinte chun gealltanas WHO-GCP a chomhlíonadh - an méid atá Éire ag brath ar fhórsa oibre leighis atá ag déanamh cúrsaí oideachais i dtíortha eachracha a laghdú agus seirbhís sláinte Comhairleach-Seachadta a sholáthar.
VI. Sa pháipéar seo forbraítear samhail soláthair don fhórsa oibre leighis trí úsáid a bhaint as samhaltú dinimice córas chun teacht ar thuiscint ar na himpleachtaí a bheadh ag áiteanna do mhic léinn neamh-AE/ón Ríocht Aontaithe i scoileanna leighis na hÉireann a ionadú do mhic léinn ón Aontas Eorpach nó ón Ríocht Aontaithe agus an tslí a bhféadfadh sé seo an méid mac léinn a ailíniú ar bhealach níos fearr leis an acmhainn d'oiliúint speisialaithe sa chóras sláinte.
VII. Tátail:
VIII. I rith na bliana acadúla 2021/22 bhí 1,403 áit ar fáil do mhic léinn leighis i gCóras Ard-Oideachais na hÉireann. Is ionann é sin agus an t-aschur is airde céimithe leighis per capita i measc thíortha an OECD, ach mar gheall ar an gcéatadán ard mac léinn Neamh-AE (46%) agus acmhainn do chúrsaí oiliúna speisialaithe, ní éiríonn le go leor de na céimithe seo feidhmiú mar chomhairligh in Éirinn.
IX. Tarraingítear aird sa tsamhail maidir le soláthar an fhórsa oibre leighis seo ar an ngá atá le hamfráma fada chun an líon áiteanna oideachais agus oiliúna leighis a mhéadú. Ní mór na háiteanna seo a ailíniú go cúramach d'fhonn a chinntiú gur féidir le mic léinn feidhmiú mar chomhairligh amach anseo. Éilíonn an líon níos mó áiteanna ar chúrsaí céime leighis atá riachtanach chun déileáil leis an nganntanas dochtúirí atá i mbun cúrsaí oiliúna in Éirinn acmhainn mhéadaithe i gcláir oiliúna speisialaithe.
X. Mar shampla, má mhéadaítear an líon áiteanna ar chúrsaí céime leighis 100 áit, ní mór 92 áit intéirneachta a chuir ar fáil cúig bliana ina dhiaidh sin agus 75 áit ar chúrsaí oiliúna speisialaithe (oiliúint IST nó GP) a chur ar fáil ocht mbliana ina dhiaidh sin. Tá na torthaí seo bunaithe ar thoimhdí samhaltaithe maidir le rátaí fágála mac léinn, neamhfhreastail agus imirce, rátaí a d'fhéadfadh athrú amach anseo.
XI. Nuair a bhí an anailís á déanamh díríodh ar roinnt cásanna éagsúla inar méadaíodh an líon mac léinn leighis agus mac léinn atá i mbun cúrsaí oiliúna speisialaithe san Aontas Eorpach/sa Ríocht Aontaithe, ach ní ghlactar leis gurb ionann é sin agus fianaise ar an méid is mó mac léinn ar féidir glacadh leo. Tá tuilleadh obair á déanamh a bhfuil sé mar aidhm léi iontógáil uasta mac léinn in Éirinn a shainmhíniú, go háirithe meastachán a dhéanamh maidir leis an éileamh iomlán ar dhochtúirí sa chóras sláinte trí chéile agus an acmhainn soláthair a theastaíonn chun freastal ar an éileamh seo.
XII. Impleachtaí Beartais: Léirítear sa pháipéar seo an gá atá leis an líon dochtúirí leighis a bhfuil oiliúint á cur orthu in Éirinn a mhéadú go suntasach trí níos mó áiteanna ar chúrsaí céime leighis a chur ar fáil do mhic léinn leighis san Aontas Eorpach/sa Ríocht Aontaithe agus chun an acmhainn oiliúna speisialaithe a mhéadú.