Nuashonrú ar íocaíochtaí a bronnadh d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 agus Sochar Breoiteachta Breisithe - an 19 Deireadh Fómhair 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla an tseachtain seo ar a bhfuil luach €24.2 milliún do 93,399 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) á fáil acu. Is ionann seo agus laghdú 3,731 duine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.
Is san earnáil Chóiríochta agus Seirbhísí Bia atá an laghdú is mó an tseachtain seo, faoi mar a bhí le 19 seachtaine anuas.
Tá na figiúirí a foilsíodh an tseachtain seo faoi ÍDP anuas ar na 162,898 duine a bhí ar an mBeochlár amhail deireadh mhí Mheán Fómhair.
Íocadh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 isteach i gcuntais bhainc faighteoirí nó tá siad ag a n-oifig poist Dé Máirt, an 19 Deireadh Fómhair.
Ag caint di inniu, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys:
“Is ionann laghdú an lae inniu ar fhigiúirí Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus céim dhearfach eile chun cinn fad a leanaimid lenár ngeilleagar a athoscailt.
“Tá na líonta foriomlána anois 85 faoin gcéad fúthu siúd i mBealtaine na bliana seo caite, nuair ba mheasa don víreas.
“Léiríonn an chaoi gur éirigh linn líonta foriomlána ÍDP ar ráta ní ba thapúla ná mar a raibh súil leis roimhe seo an rath a bhí ar ár gclár vacsaínithe agus an tionchar dearfach a d’imir ár straitéis seirbhísí fostaíochta, ‘Bealaí chun Oibre’.
“D’fhógair an rialtas inniu go mbeartaímid leanúint ar aghaidh le srianta a laghdú níos mó ar an Aoine.
“Beidh seo á dhéanamh againn go cúramach, nuair a chuirtear san áireamh na líonta cásanna COVID-19 atá ina n-ábhar buartha agus a mheabhraíonn dúinn cé chomh baolach atá an víreas.
“Má leanúint ag cloí le treoirlínte sláinte poiblí agus, thar aon ní eile, ag aonrú nuair a thagann comharthaí orainn, táim muiníneach gur féidir linn cur leis an dul chun cinn atá déanta againn mar thír le 20 mí anuas.”
Gabhann an tseachtain íocaíochta d’Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ón Aoine go Déardaoin agus íoctar íocaíochtaí an Mháirt ina dhiaidh sin. Gheobhaidh daoine a dhún a n-éileamh ar ÍDP faoi Dé Luain, an 18 Deireadh Fómhair, mar gheall gur fhill siad ar an obair, a n-íocaíocht dheireanach ÍDP Dé Máirt, an 26 Deireadh Fómhair.
Leanann an Roinn ag meabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair go gcaithfidh siad a n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ar an dáta féin a thosóidh siad ag oibriú arís, lena chinntiú go bpróiseáiltear a n-éileamh i gceart agus lena sheachaint ró-íocaíocht a dhéanamh a rachaidh an Roinn i mbun beart lena haisghabháil.
Mar gheall go n-íoctar ÍDP gach seachtain i riaráistí, tá íocaíocht dheireanach á fáil an tseachtain seo caite ag daoine a dhún a n-éileamh agus cuirtear na daoine seo san áireamh sna líonta atá á n-íoc an tseachtain seo. Is é an bealach is fusa chun éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ná ar líne trí www.MyWelfare.ie. Is féidir le haon oibrí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil fiosrúchán acu faoina n-éileamh a dhúnadh, teagmháil a dhéanamh le Líne Thacaíochta Ioncaim thiomnaithe na Roinne trí ghlao ar 0818 800 024 ó Luan go hAoine ó 9am go 5pm.
Ar aon dul le Plean Téarnaimh Gheilleagraigh an Rialtais, tá ÍDP á athrú de réir a chéile i rith tréimhse 6 mhí ó Mheán Fómhair 2021 go dtí Feabhra 2022 le hé a ailíniú leis na híocaíochtaí caighdeánacha cuardaitheora poist.
Bhí tús le cur leis an bpróiseas le ráta níos ísle €203 ÍDP a aistriú chuig íocaíocht chuardaitheora poist go luath i Meán Fómhair. Cuireadh seo siar go dtí go bhfuil na hearnálacha go léir tar éis tús a chur le hathoscailt, ar aon dul leis an Treochlár a fógraíodh an 31 Lúnasa agus leanfaidh na custaiméirí go léir a ndéantar difear dóibh lena n-íocaíocht ÍDP a fháil go dtí an 26 Deireadh Fómhair nuair a chuirfear tús leis an bpróiseas ina n-aistreofar iad chuig íocaíocht chuardaitheora poist.
Scríobh an Roinn chuig na custaiméirí ábhartha go léir le heolas a chur ar fáil ar na sonraí faoin aistriú ó ÍDP agus na roghanna a bheidh ar fáil dóibh. Is tábhachtach go n-aithníonn na custaiméirí seo an rogha is oiriúnaí dóibh agus iarrtar orthu siúd ar mian leo iarratas a dhéanamh ar íocaíocht Chuardaitheora Poist é sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná Déardaoin, an 21 Deireadh Fómhair. Mura bhfaightear aon iarratas ó na custaiméirí siúd, déanfar a n-íocaíocht dheireanach ÍDP an 26 Deireadh Fómhair.
Tá dhá chéim eile d’athruithe ar ráta le titim amach ón 16 Samhain 2021 agus an 8 Feabhra 2022. Mar gheall go n-aistrítear faighteoirí ÍDP go dtí an ráta €203 i ngach céim, aistreofar iad chuig téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist.
Tugann an roinn faoi shraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iaríocaíochta ar gach éileamh ar ÍDP, seiceálacha cáilitheachta leanúnaí san áireamh. Má dhéantar na seiceálacha seo a cheadú, déanann an Roinn na híocaíochtaí seo a phróiseáil bunaithe ar fhéindearbhú na gcliant.
Déanann an roinn seiceálacha iaríocaíochta lena n-áirítear sonraí a fhíorú in aghaidh thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim, cásanna a scrúdú ina mbaintear úsáid as an gcuntas bainc céanna roinnt mhaith amanna, ina scrúdaítear cásanna ina dtugann an fostóir nó baill den phobal buarthaí le fios, agus ina n-úsáidtear anailísíocht sonraí chun éilimh a shainaithint agus a sheiceáil. Tugann sé faoi chigireachtaí ar fhostóirí freisin.
Tugann Aonad Imscrúdaithe Speisialta na roinne faoin obair seo, ina bhfuil breis agus 20 Garda ag oibriú ann ar iasacht leis an roinn.
De réir mar a athosclaítear gnólacht, leanann cigirí na roinne le hathbhreithnithe rialaithe a dhéanamh agus taifid a chur i gcomparáid le sonraí párolla fostóirí ó na Coimisinéirí Ioncaim lena chabhrú a chinntiú go ndúnann daoine a n-éileamh fad a fhilleann siad ar an obair. Lena sheachaint ró-íocaíocht a fháil, ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar an obair a n-éileamh a dhúnadh agus is féidir leo sin a dhéanamh gan stró ag should Go leor a n-éileamh agus a dhéanamh so gan stró ag www.MyWelfare.ie.
Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu atá ag iarraidh a ngnólacht a chothabháil a mhéid le €960 a thuilleamh i gcaitheamh tréimhse ocht seachtaine agus a dteidlíocht iomlán do ÍDP a choimeád.
Níl aon phróiseas iarratais foirmiúil ann agus ní gá do dhuine féinfhostaithe ach an Roinn a chur ar an eolas má thuilleann siad breis agus €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.
Leanfaidh an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta €1,000 a bheith ar fáil don chuid eile den bhliain do dhaoine féinfhostaithe a dhúnann a n-íocaíocht ÍDP. Beidh iad siúd a d’éiligh an deontas in 2020 ach a raibh ÍDP á íoc arís leo ina dhiaidh sin in 2021, in ann teacht ar an deontas an dara huair.
Is é an bealach is éasca agus is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, Sochar Breoiteachta Breisithe agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist san áireamh, ar líne ag www.MyWelfare.ie. Ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana tráth ar bith, áit ar bith agus ar gach gléas. Tugtar an rogha do dhaoine iarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, cosúil le; Íocaíocht Teaghlaigh Oibre; Sochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Linbh; agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist, anuas ar iarraidh ar ráiteas nó ar thaifead ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ón Roinn.
Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine a chónaíonn in Éirinn atá ar a laghad 18 mbliana d’aois agus a dteastaíonn Uimhir PSP uathu chun sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus eolas a fháil in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar líne, beidh ar dhuine cuntas bunúsach MyGovID a bheith acu.
Ar mhaithe leis an gcomhairle sláinte poiblí agus cloí le scaradh sóisialta, iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan freastal ar a nIonad Intreo áitiúil. Ina ionad sin, ba cheart dóibh leas a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí MyWelfare.ie.
Moltar d’fhostaithe nó daoine féinfhostaithe a dtagann an víreas orthu nó a dtugann a ndochtúir teastas leighis dóibh ina moltar dóibh féinaonrú, iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe. Murab ionann agus an gnáth-Shochar Breoiteachta, íoctar Sochar Breoiteachta Breisithe ón gcéad lá den bhreoiteacht. Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe trí www.MyWelfare.ie.
Tá íocaíocht Sochair Breoiteachta Bhreisithe á fáil an tseachtain seo ag 2,031 duine, i gcomparáid le 1,972 duine an tseachtain seo caite.
Tá sonraí iomlána ar fáil faoi Shochar Breoiteachta Breisithe, miondealú de réir earnála agus contae chomh maith le próifíl aoise, ag Aguisín, 7, 8 agus 9.
Meabhraítear do chustaiméirí agus baill den phobal go bhfuil glaonna gutháin camscéime á gcur agus teachtaireachtaí téacs camscéime á seoladh ag daoine a maíonn gurb oifigeach na roinne iad.
Déanann réimse uimhreacha gutháin na glaonna seo a chur agus na teachtaireachtaí seo a sheoladh, agus bíonn an chuma chéanna ar roinnt díobh le huimhreacha gutháin na roinne. Ba mhaithe leis an roinn a mheabhrú dá custaiméirí go léir nach lorgóidh sé eolas pearsanta riamh ó chustaiméirí trí theachtaireacht téacs agus nach n-iarrfaidh sé riamh ar chustaiméir a sonraí bainc a thabhairt ar an nguthán.
Iarrtar ar aon duine a gcuirtear glaoch orthu nó a seoltar teachtaireacht téacs chucu den saghas sin gan aon eolas a thabhairt agus na Gardaí a chur ar an eolas air láithreach.