Fógraíonn an tAire Stáit Heydon oscailt an Ghlao Comhthaighde idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn, 2024
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a bhfuil freagracht speisialta air maidir le taighde, Martin Heydon TD, oscailt an Ghlao Comhthaighde idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn ar an Talmhaíocht agus ar an Athrú Aeráide, 2024.
Sheol an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Roinn na dTionscal Príomhúil, de chuid na Nua-Shéalainne an chéad ghlao i 2022 mar chuid de Chomhthionscnamh Taighde píolótach 3 bliana.
An cuspóir atá le Glao Taighde 2024, iniúchadh a dhéanamh ar thaighde agus dlús a chur leis sna réimsí seo a leanas: mionleasú agus feabhsú an fhardail náisiúnta, teicneolaíochtaí chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa, sonraí agus digitiú chun tacú le gníomhaíochtaí aeráide in Éirinn agus sa Nua-Shéalainn.
Dúirt an tAire Heydon agus an fhógairt á déanamh aige
“Tá an-áthas orm an seoladh ar an nGlao Comhthaighde ar Thalmhaíocht agus Athrú Aeráide idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn, 2024, a fhógairt. Ó cuireadh tús leis in 2022, rinne mo Roinn féin agus Roinn na dTionscal Príomhúil de chuid na Nua-Shéalainne breis agus €14 mhilliún a bhronnadh ar ocht dtionscadal. Anois agus an tríú bliain de faoi lán seoil, léiríonn an fhorbairt leanúnach ar an tionscnamh píolótach seo an cur chuige fiúntach atá ann idir an dá thír seo againn maidir le hinfheistíocht a dhéanamh agus maidir le bheith ag comhoibriú i dtaighde a chuireann le réitigh chun tionchar na talmhaíochta ar an aeráid a laghdú.
Dúirt an tAire Heydon freisin:
“Is fianaise é an €3 mhilliún atá geallta don Ghlao seo ar an tacaíocht dhaingean a thugann Éire do thaighde ríthábhachtach agus neartú cumais i réimsí a chuireann taca faoi inbhuanaitheacht agus iomaíochas na talmhaíochta anois agus sa todhchaí. Mar sin, mholfainn go mór do thaighdeoirí na hÉireann cur isteach air chun tacaíocht a thabhairt dár gcuspóirí aeráide comhroinnte.
Mar fhocal scoir, dúirt Aire Talmhaíochta na Nua-Shéalainne, Todd McClay: “tá an Talmhaíocht ag croílár gheilleagar na hÉireann agus na Nua-Shéalainne araon, agus dá bhrí sin, is comhpháirtithe nádúrtha muid; le chéile is féidir linn mór-athrú a dhéanamh maidir le hiarrachtaí taighde a chuideoidh le hastaíochtaí talmhaíochta a laghdú, an luach lenár dtáirgí príomhúla a mhéadú, agus le dul i ngleic le dúshláin chomhchoiteanna atá roimh ár n-earnálacha agraibhia. Molaim do thaighdeoirí na hÉireann agus na Nua-Shéalainne tacaíocht a thabhairt don tríú glao seo don Chomhthionscnamh Taighde trína gcuid iarratas a chur isteach.”
DEIREADH