Ceaptar Beirt Chomhaltaí Nua ar Bhord an Cheolárais Náisiúnta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin gur ceapadh beirt chomhaltaí nua ar Bhord an Cheolárais Náisiúnta.
- Peter McKenna
- Niamh Murray
Cuirfidh an bheirt chomhaltaí tréimhse cúig bliana isteach.
Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:
“Déanaim comhghairdeas leis an mbeirt a ceapadh agus guím gach rath orthu le linn a dtéarmaí ar an mBord. Is údar mór bróid dom ceapadh na ndaoine cumasacha seo a fhógairt agus gabhaim buíochas leo as a gcuid ama, scileanna agus saineolais a thabhairt don Cheoláras Náisiúnta.”
Dúirt Cathaoirleach an Cheolárais Náisiúnta, Maura McGrath, agus í ag cur fáilte roimh an dá cheapachán:
‘Tá lúcháir orainn go mbeidh Peter McKenna agus Niamh Murray ina mbaill de Bhord an Cheolárais Náisiúnta. Tá saineolas agus taithí shuntasach ag Niamh agus ag Peter a chuirfidh go mór lenár spriocanna straitéiseacha a sheachadadh. Áirítear leis seo cur chun cinn ár bpleananna athfhorbartha d’athchóiriú an Cheolárais Náisiúnta agus forbairt leanúnach ár bhfís ealaíne.’
Ba í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a bhainistigh an próiseas earcaíochta agus cuirfear iarrthóirí a tugadh ar aghaidh sa phróiseas seo ar phainéal ónar féidir folúntais amach anseo a líonadh i rith na bliana. Samhlaítear go dtiocfaidh an chéad fholúntas eile ar an mBord chun cinn tar éis achtú an Bhille um Fhorais Náisiúnta Cultúir (An Ceoláras Náisiúnta) (Leasú) 2022 a dhéanann foráil do chomhalta boird breise a bhfuil taithí ceolfhoirne aige/aici a cheapadh ar Bhord an Cheolárais Náisiúnta.
Tá Peter McKenna ina Stiúrthóir ar Staid Pháirc an Chrócaigh agus is Stiúrthóir Tráchtála an CLG é. Clúdaíonn a shaineolas gnó pleanáil straitéiseach, díolacháin agus margaíocht, forbairt nua nuálaíoch gnó, agus pleanáil airgeadais. Tá taithí fhairsing aige ar chaidrimh urraíochta a fhorbairt agus ar thiomsú airgid. Is ceannaire aitheanta é i gcleachtas inbhuanaitheachta i mbainistíocht ionaid. Tá taithí aige ar sheachadadh thionscadail mhóra chomh maith.
Tá Niamh Murray ina Príomhoide ar Scoil Náisiúnta Chill Mocheanóg, agus faoi láthair tá sí ar iasacht mar Stiúrthóir ar Ionad Oideachais na Carraige Duibhe. Cothaíonn sí naisc an-dearfach le daoine óga ina gairm san Oideachas agus forbraíonn sí a scileanna saoil agus a n-inniúlachtaí, go háirithe ó thaobh an cheoil de. Breathnaítear uirthi mar dhuine de na sopráin is fearr in Éirinn. Is minic a bhíonn sí ar stáitse mar cheoltóir a bhfuil an-éileamh uirthi sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath agus go deimhin le linn a gairm bheatha fhada agus éagsúil amhránaíochta, bhí Niamh ar an ardán sa Cheoláras Náisiúnta níos mó ná céad uair.