Fograíonn Airí Rialtais tacaíocht na hÉireann do sheirbhís sláinte na hÚcráine
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD agus an tAire Stáit le freagracht as Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra, Colm Brophy TD, le roinnt ranna rialtais, FSS (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) agus gníomhaireachtaí stáit, ag obair le chéile chun ábhar leighis a sholáthar don Úcráin mar fhreagra ar iarratais fhoirmiúla ar chúnamh a fuarthas ón Úcráin. Tá na hiarratais seo faighte ag Éirinn faoi Shásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta (UCPM) agus tá cúnamh á chur ar fáil aici mar chuid de fhreagra comhordaithe ón AE.
Chuir Éire tabhartas 4,000 mála fola ar fáil ó Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann. Cuireadh chun bealaigh iad ó shaoráid déantúsaíochta sholáthraí IBTS a bhí lonnaithe sa Pholainn Dé Luain an 7 Márta.
Sa dara tabhartas, arna chomhordú ag FSS, tá 10,000 culaith bhithchosanta, 50,000 masc cosanta leighis agus 2,583 lítear díghalraithe. Tá socruithe lóistíochta déanta ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus seoladh na míreanna seo as Éirinn inniu, Dé hAoine.
Cuireadh na síntiúis sin ar fáil trí Shásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta. Tá FSS agus an Roinn Sláinte ag pleanáil roinnt síntiús breise de sholáthairtí agus de threalamh leighis tríd an meicníocht seo mar fhreagra ar iarratais fhoirmiúla ar chúnamh ó rialtais na hÚcráine agus ó thíortha comharsanachta a thugann tacaíocht do theifigh ón Úcráin.
Tá freagra ollmhór ar fud na seirbhíse sláinte ar mhaithe le muintir na hÚcráine. Tá FSS ag stiúradh tacaíochta freisin trí roinnt bealaí breise lena n-áirítear Medical Help Ukraine (grúpa Dochtúirí Úcránacha in Éirinn) atá i gcomhpháirtíocht leis an tSeirbhís Otharcharranna Lifeline chun soláthairtí a sheachadadh isteach san Úcráin. Bhronn foireann agus institiúidí FSS, seirbhísí sláinte príobháideacha, agus soláthraithe sláinte agus neamhshláinte éagsúla go leor earraí.
Níl sna síntiúis ach gné amháin d’fhreagairt earnáil sláinte na hÉireann ar ghéarchéim na hÚcráine agus cuid d’fhreagairt fhorleathan rialtas na hÉireann.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá an choimhlint leanúnach san Úcráin tubaisteach. Bhí an deis agam bualadh leis an Ambasadóir Gerasko níos luaithe an tseachtain seo agus is maith is eol dom a thábhachtaí atá na síntiúis seo chun tacú le freagairt na hÚcráine ar choimhlint leanúnach. Leanfaidh mo Roinn agus FSS ag obair le comhghleacaithe ar fud an Rialtais, ar fud an AE agus leis an Ambasadóir agus a foireann anseo i mBaile Átha Cliath chun a chinntiú go gcuirtear gach tacaíocht sláinte is féidir linn a chur ar fáil. Tá FSS ag comhordú líon mór tairiscintí cógais agus cúnaimh leighis is féidir linn a sholáthar, agus táim ag tnúth le tuilleadh tacaíochta a dhearbhú go luath."
Dúirt an tAire O’Brien:
“Is tragóid amach is amach an méid atá ag tarlú san Úcráin faoi láthair. Ní mór dúinn ár míle dícheall a dhéanamh chun cabhrú leis an iarracht dhaonnúil atá ar siúl faoi láthair. Aithníonn Rialtas na hÉireann uafás na coimhlinte seo agus soláthróidh sé cibé tacaíochtaí daonnúla is féidir linn. Tá na síntiúis leighis seo ríthábhachtach chun cabhrú le beatha daoine a shábháil agus táim sásta cúnamh a thabhairt thar ceann Rialtas na hÉireann le mo chomhghleacaithe. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le muintir na hÉireann freisin as a bhflaithiúlacht sheasmhach."
Dúirt an tAire Brophy:
“Éilíonn na radhairc uafásacha atá á bhfeiceáil againn san Úcráin freagra láithreach. Tá an lastas seo mar fhreagra díreach ar achomharc Rialtas na hÚcráine ar chúnamh míochaine. Tá sé ríthábhachtach go seasfaimid i ndlúthpháirtíocht agus i dtacaíocht le muintir na hÚcráine ag an tráth seo. Chomh maith leis an lastas leighis seo, leithdháil an Rialtas €20m i gcistiú daonnúil chun tacú le daoine san Úcráin, chomh maith leo siúd a theith chuig tíortha comharsanachta. Tá mo Roinn ag obair go gníomhach lenár gcomhpháirtithe sa réigiún chun bunriachtanais, lena n-áirítear bia, foscadh, cúram sláinte agus cosaint, a sholáthar do dhaoine atá buailte ag an gcogadh tubaisteach seo.”
CRÍOCH
Tá an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála (cuid den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta) ag comhordú sheoladh na soláthairtí seo tríd an Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta, ag obair leis an Roinn Sláinte, FSS, agus Cúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus eile. Tá an tacaíocht seo ó Éirinn mar chuid den iarracht chomhordaithe ag Ballstáit an AE atá ar bun faoi láthair chun freagra comhoibritheach a sholáthar tar éis iarratais ar chúnamh ón Úcráin. Is í an Ard-Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta agus um Oibríochtaí Cabhrach Daonnúla Eorpacha a stiúrann an fhreagairt sin laistigh den AE.
Níl anseo ach gné amháin de fhreagairt fhairsing an Rialtais ar ghéarchéim na hÚcráine. Ag an gcruinniú a bhí aige Dé Máirt, rinne an Rialtas an staid slándála agus pholaitiúil a mheas leis an gcoimhlint leanúnach san Úcráin.
Bhreithnigh an Rialtas freisin na himpleachtaí d'Éirinn agus na gníomhartha atá á ndéanamh anseo maidir leis na saincheisteanna daonnúla agus eacnamaíocha a thagann chun cinn, lena n-áirítear na hullmhúcháin chun fáilte a chur roimh dhaoine atá ag teitheadh ó chogadh san Úcráin agus ag lorg cosanta in Éirinn.
Tá pleanáil an-suntasach agus obair ullmhúcháin ar siúl ar fud an Rialtais chun lóistín agus tacaíochtaí riachtanacha eile a chur ar fáil dóibh siúd atá tagtha anseo cheana féin, chomh maith leis an líon mór daoine eile a bhfuiltear ag súil leo. Áirítear leis seo ullmhúcháin fhairsinge chun a chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais chúram sláinte.