Fógraíonn an tAire Foley foilsiú Moltaí ar Chothromaíocht Inscne in Oideachas ETIM
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu, 8 Márta, foilsiú Moltaí ar Chothromaíocht Inscne in Oideachas ETIM. Chuir Grúpa Comhairleach um Chothromaíocht Inscne in ETIM na Roinne Oideachais bonn eolais faoi na moltaí.
Dúirt an tAire Foley: “Tá an-áthas orm a bheith in ann na moltaí tábhachtacha seo a sheoladh, a chabhróidh linn cothromaíocht inscne níos fearr a bhaint amach in ETIM, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Tá sé tábhachtach dúinn go léir sna pobail oideachais agus ETIM a admháil gur gá bogadh ar aghaidh ó athrú a lorg ar dhearcthaí, creidimh agus iompraíochtaí cailíní i dtreo iarracht a dhéanamh struchtúir, polasaithe agus ionadaíocht níos leithne ETIM a éileamh sa tsochaí ionas go ndéanfar, i ndeireadh thiar, na bacainní ar rannpháirtíocht níos cothroime a bhriseadh síos do gach foghlaimeoir.
”Is toradh é foilsiú na moltaí seo inniu ar a lán ama agus tiomantais a thug ár nGrúpa Comhairleach um Chothromaíocht Inscne in ETIM. Tá an grúpa comhdhéanta d’ionadaíocht ó pháirtithe leasmhara an oideachais agus ETIM, lena n-áirítear ionadaíocht ó scoileanna, daltaí, tuismitheoirí, oideachas tosaigh múinteoirí, an tríú leibhéal, eagraíochtaí ETIM, ionaduithe pearsanta agus an Roinn Oideachais.
”Is mian liom buíochas a ghabháil le gach ball den ghrúpa as an obair go léir atá déanta acu agus go háirithe obair an chathaoirligh Margie McCarthy (ÚFIÉ agus FEÉ roimhe seo). Tá a dtiomantas maidir le cothromaíocht inscne a chur chun cinn in ETIM agus maidir le forbairt na moltaí le moladh.”
Leanann na moltaí ón Léirbhreithniú Litríochta chun Sraith Idirghabhálacha Éifeachtacha a Aithint chun Aghaidh a Thabhairt ar Chothromaíocht Inscne in ETIM i Suíomhanna Luathbhlianta, Bunscoile agus Iar-Bhunscoile , a choimisiúnaigh an grúpa comhairleach in 2019 agus a foilsíodh i mí na Samhna 2020.
Dúirt an Cathaoirleach ar an nGrúpa Comhairleach um Chothromaíocht Inscne in Oideachas ETIM, Margie McCarthy: ‘Bhí sé ríthábhachtach go mbeadh an bonn fianaise seo ar fáil mar bhonn eolais do na moltaí. Ba é an sprioc a bhí againn ná gníomhaíochtaí náisiúnta a threorú chun oideachas cuimsitheach ETIM den scoth a chinntiú in Éirinn dár ndaoine óga. Bhí an t-athbhreithniú mar bhunús le sainaithint gur gá, chun difríocht a dhéanamh, cur chuige agus gníomhartha comhordaithe ar fud na gcomhpháirteanna lena n-áirítear scoileanna, múinteoirí, teaghlaigh agus an tsochaí.’
Leagann an t-athbhreithniú litríochta amach an méid atá ar eolas faoi bhacainní ríthábhachtacha ar rannpháirtíocht cailíní in oideachas ETIM agus i bhfoghlaim ETIM, agus ag an am céanna suntas a thabhairt d’idirghabhálacha éifeachtacha chun rannpháirtíocht cailíní in ETIM a mhéadú. Tugann sé le fios nach bhfuil aon idirghabháil amháin ann a bhainfidh cothromas inscne amach, ach gur gá tacú le hiliomad idirghabhálacha chun an t-athrú atá de dhíth a chur i gcrích.
Tá ceithre phríomhréimse gníomhaíochta a thógann agus atá sa bhreis ar na gníomhaíochtaí fairsinge a sainaithníodh sa Phlean Forfheidhmithe um Oideachas ETIM 2017-2019:
• Cothromas rannpháirtíochta a fheabhsú ar fud gach réimse curaclaim/rogha ábhar ETIM trí athrú cultúir scoile uile a chothú, lena n-áirítear ceannairí agus oideachasóirí luathbhlianta, ceannairí scoile, múinteoirí, foghlaimeoirí agus tuismitheoirí/caomhnóirí
• Tacaíocht éifeachtach a sholáthar maidir le cleachtas in ETIM d’oideachas oiliúnóirí agus múinteoirí
• Tacú le rochtain agus eispéiris chothrom ETIM don fhoghlaimeoir chun foghlaim a spreagadh, cruthaitheacht a chothú agus ullmhú do rannpháirtíocht agus rathúlacht ina dhiaidh sin
• Tacú le haistriú sochaíoch agus cultúrtha chun dul i ngleic leis na bacainní reatha ar chothromaíocht inscne in ETIM.
Tabharfaidh na 16 mholadh atá leagtha amach san fhoilseachán inniu aghaidh ar na príomhréimsí seo. Rinneadh na moltaí seo a fhorbairt ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar shaincheaiteanna cothromais rochtana agus cuimsithe, seachas ar chothromaíocht inscne amháin. Trí aghaidh a thabhairt ar shaincheist níos leithne na héagsúlachta in ETIM, beidh tairbhe ann do chothromaíocht inscne in ETIM.
Tá an foilseachán Moltaí ar Chothromaíocht Inscne in ETIM ar fáil anseo
Aithnítear i Ráiteas Polasaí Oideachas ETIM na láidreachtaí sa soláthar oideachais ETIM in Éirinn agus aithnítear go bhfuil roinnt dúshlán ann freisin. I measc na ndúshlán a aithníodh tá an gá atá le rannpháirtíocht na mban in oideachas agus i ngairmeacha beatha ETIM a mhéadú, líon na ndaltaí a roghnaíonn ábhair ETIM in iar-bhunscoileanna a mhéadú agus spéis i, agus feasacht ar, an raon gairmeacha spreagúla ETIM a mhúscailt.
Cúlra leis na Moltaí
Mar chuid dá shainchúram chuir Grúpa Comhairleach Forfheidhmithe Oideachais ETIM na Roinne Oideachais de chúram ar an nGrúpa Comhairleach moltaí a fhorbairt chun cothromaíocht inscne a chur chun cinn in oideachas ETIM, ó leibhéal na luathbhlianta go dtí an iar-bhunleibhéal. Agus na moltaí á bhforbairt, chuir an grúpa san áireamh an obair shuntasach, idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, atá ag tarlú cheana féin ar fud an oideachais ETIM.
Thosaigh an Grúpa Comhairleach an obair trí Léirbhreithniú Litríochta a choimisiúnú d’fhonn sraith idirghabhálacha éifeachtacha a aithint chun aghaidh a thabhairt ar Chothromaíocht Inscne san ETIM i suíomhanna luathbhlianta, bunscoile agus iar-bhunscoile. Aontaíodh, cé go raibh go leor idirghabhálacha ag tarlú in Éirinn, gur beag tuiscint a bhí ann faoi na tionchair ar athruithe. Tar éis anailís a dhéanamh ar an tuarascáil d’aontaigh an grúpa nach mbainfidh aon idirghabháil amháin cothromas inscne amach, ach gur gá tacú le hiliomad idirghabhálacha a thugann aghaidh ar chodanna éagsúla den éiceachóras chun an t-athrú atá de dhíth a chur i gcrích. Chun spéis, rannpháirtíocht, féin-dearcthaí agus taitneamh na bhfoghlaimeoirí go léir a fheabhsú, beidh gá le hidirghabhálacha comhlántacha in aon straitéis chuimsitheach inscne a théann i ngleic le bacainní a eascraíonn sa bhaile, sa suíomh oideachais agus sa tsochaí i gcoitinne.
Is léir don Ghrúpa Comhairleach go bhfuil dea-iarracht ag tarlú ar fud na hÉireann chun dul i ngleic le scileanna ETIM, ach go bhfuil neart spáis don fheabhsúchán, le bearnaí sa ghníomhaíocht agus gá na hiarrachtaí go léir a mheas le chéile lena chinntiú go bhfuil an toradh inmhianaithe á bhaint amach.
**An Grúpa Comhairleach um Cothromaíocht Inscne in Oideachas ETIM (an Grúpa Comhairleach:
Is iad seo a leanas téarmaí tagartha an ghrúpa:**
• Cabhrú leis an Roinn Oideachais príomhdhúshláin a aithint, agus deiseanna a chur chun cinn, do ghlacadh ábhair ETIM ag an iar-bhunleibhéal (Gníomh 1.1.1 den ráiteas polasaí)
• Modhanna dea-chleachtais a mheas chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin agus na deiseanna seo a uasmhéadú chun an glacadh le hábhair ETIM ag leibhéal na hiar-bhunscoile a chur chun cinn.
• Moltaí a dhéanamh do fhreagairt chomhordaithe ar na dúshláin agus na deiseanna sainaitheanta seo lena n-áirítear straitéisí ar nós cláir phíolótacha (Gníomh 1.1.2 den ráiteas polasaí)
• Bealaí féideartha a mheas le fáil réidh le bacainní ar ábhair ETIM a sholáthraíonn iar-bhunscoileanna agus moltaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní seo (Gníomh 1.1.8 den ráiteas polasaí)
Déanfaidh an Grúpa Comhairleach aithint gníomhartha a éileamh do Phlean Forfheidhmithe Chéim 2 agus do mhaoirseacht, forbairt agus seachadadh na ngníomhartha sin.
Tá obair an Ghrúpa Chomhairligh bunaithe ar, agus cuireann le, obair eile a bhaineann le cur i bhfeidhm na ngníomhartha sa Ráiteas Polasaí Oideachais agus in Plean Forfheidhmithe ETIM.
Is mar seo atá ballraíocht an Ghrúpa Comhairleach a d’fhorbair na moltaí:
• Margie McCarthy (Cathaoirleach), Fondúireacht Eolaíochta Éireann cheana,
anois Údarás Fuinnimh Inmharthana na
hÉireann (ÚFIÉ) (an grúpa fágtha anois)
• Catrina Carrigan, Teen Turn
• Mary Cunneen, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
(thosaigh Meán Fómhair 2020, mar ionadaí do
Aoibhinn Ní Shúilleabháin le linn saoire máithreachais)
• Merrilyn Goos, Ollscoil Luimnigh (ballraíocht sa ghrúpa tar éis
fhoilsiú an léirbhreithnithe ar an litríocht i Samhain 2020 agus d’fhág an grúpa i mBealtaine 2021)
• Shalini Hollingum, CWIT (Connecting Women In Technology)
• Dee Kehoe, Innealtóirí Éireann
• Áine Lynch, Comhairle na dTuismitheoirí – Bunscoil
• Eilish McLoughlin, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
• Karen Murtagh, An Roinn Oideachais
• Aoibhinn Ní Shúilleabháin, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
• Paul Nugent, Coláiste San Doiminic Santa Sabina
• Niall O’Connor, Coláiste Ard Giolláin (d’fhág an grúpa
Deireadh Fómhair 2020)
• Caroline O’Driscoll, iWISH
• Marion Palmer, WITS
• Maeve Price, An Roinn Oideachais
• Charles Tracy, An Institiúid Fisice (thosaigh Deireadh Fómhair
2020)
Socrú na Moltaí:
Tharla sraith cruinnithe den ghrúpa idir Eanáir 2020 agus Iúil 2021. Le linn an ama seo mhoilligh an dul chun cinn ar feadh tréimhse mar thoradh ar thionchar srianta Covid-19 ar an Roinn Oideachais agus ar bhaill an ghrúpa chomhairligh.
Ráiteas Polasaí Oideachas ETIM
Leagtar amach i Ráiteas Polasaí Oideachais ETIM 2017–2026 na Roinne Oideachais, a foilsíodh i mí na Samhna 2017, na spriocanna agus na gníomhaíochtaí uaillmhianacha is gá chun taithí agus torthaí oideachais ETIM a ghnóthú agus a fheabhsú do gach foghlaimeoir.
Aithnítear sa ráiteas polasaí oideachais, cé go bhfuil a lán láidreachtaí sa soláthar oideachas ETIM in Éirinn, go bhfuil roinnt dúshlán ann freisin. Ina measc sin tá an gá
• Feabhsú leanúnach i bhfoghlaim daltaí na hÉireann i ndisiplíní ETIM, lena n-áirítear forbairt bhreise scileanna ar nós réiteach-fadhbanna, foghlaim fiosrú-bhunaithe agus obair bhuíne chun aghaidh a thabhairt ar na héilimh ón saol oibre
• Líon na ndaltaí a roghnaíonn ábhair ETIM in iar-bhunscoileanna, iad siúd a théann ar aghaidh chuig conair ETIM sa bhreisoideachas nó san ardoideachas agus iad siúd a théann isteach i ngairmeacha ETIM, a mhéadú
• Rannpháirtíocht na mban in oideachas agus i ngairmeacha beatha ETIM a mhéadú
• Spéis i, agus feasacht ar, an raon gairmeacha spreagúla ETIM a mhúscailt
An suíomh reatha
Thóg plean forfheidhmithe ETIM 2017-2019 ar raon athchóirithe agus tionscnamh a bhí ar bun cheana féin in ETIM, i réimsí amhail athchóiriú curaclaim agus measúnaithe, forbairt ghairmiúil múinteoirí, teicneolaíochtaí digiteacha a leabú agus forbairtí in oideachas tosaigh múinteoirí. Clúdaíonn na réimsí forbairt pholasaí agus gníomhaíocht ó thaobh oideachas ETIM 4 cholún mar seo a leanas:
• Rannpháirtíocht agus rannpháirteachas an fhoghlaimeora a chothú;
• Cur le hinniúlacht an mhúinteora agus an chleachtóra luathbhlianta;
• Tacaíocht a thabhairt do chleachtas oideachais ETIM; agus
• Fianaise a úsáid chun tacú le hoideachas ETIM.
Áirítear i measc na nithe a baineadh amach go dtí seo:
• Treoirlínte a seoladh maidir le comhpháirtíochtaí gnó/tionscail-scoile a chruthú
• Bolscaireacht feasachta leanúnach don ETIM i gcomhpháirt le Fondúireacht Eolaíochta Éireann.
• Creat um Fhorbairt Ghairmiúil a forbraíodh chun tacú le dearadh agus seachadadh tras-earnála d’fhorbairt ghairmiúil ETIM. Tá an Creat um Fhorbairt Ghairmiúil mar bhonn eolais do gach dearadh don fhorbairt ghairmiúil ETIM ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí.
• Athchóiriú curaclaim ETIM ábhartha lena n-áirítear Eolaíocht Ríomhaireachta a tugadh isteach don Ardteistiméireacht.
• Athbhreithniú Litríochta chun Sraith Idirghabhálacha Éifeachtacha a Aithint chun Aghaidh a Thabhairt ar Chothromaíocht Inscne in ETIM i Suíomhanna Luathbhlianta, Bunscoile agus Iar-Bhunscoile – léirbhreithniú ar an litríocht agus measúnú ar idirghabhálacha reatha maidir le haghaidh a thabhairt ar bhacainní inscne-bhunaithe ar oideachas ETIM, a foilsíodh i mí na Samhna 2020.
• Foilsiú na Moltaí ar Chothromaíocht Inscne in ETIM.
• Léirbhreithniú ar an Litríocht ETIM agus na hEalaíona atá le foilsiú láithreach
• Tacaíocht go leanúnach d’oideachas neamhfhoirmiúil ETIM ar nós BTYSTE
• Comhpháirtíocht na Roinne Oideachais le FEÉ ar a ghlao um Clár Fionnachtana chun deiseanna a chruthú do rannpháirtíocht agus gafacht mhéadaithe le ETIM.
Na chéad chéimeanna eile
Díreoidh an chéad chéim eile den chur chun feidhme ar ‘Leabú’ – tar éis moill a bheith air mar gheall ar COVID-19 tá tús curtha leis an bplean 2022-2026 seo. Áirítear leis an bhforbairt roinnt comhairliúchán oideachas ETIM chun dearcthaí agus tuairimí príomhpháirtithe leasmhara a bhailiú lena n-áirítear daltaí/scoláirí, scoileanna, suíomhanna luathbhlianta, institiúidí ardoideachais agus breisoideachais, múinteoirí, cleachtóirí luathbhlianta, tuismitheoirí, gnó agus tionscadal, comhpháirtithe oideachais, eagraíochtaí/comhlachais ETIM ábhartha agus soláthraithe ETIM lasmuigh den scoil.