Ráiteas ón bPríomhoifigeach Leighis an Dochtúir Tony Holohan
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Go traidisiúnta, is tréimhse ghnóthach spreagúil é an t-am seo den bhliain i saol ár leanaí agus ár ndaoine óga de réir mar a dhéantar ullmhúcháin chun filleadh ar oideachas i ngach cineál suímh. Tá an t-oideachas i gcroílár ár sochaí agus tá ról bunúsach aige i bhforbairt agus i bhfolláine ár leanaí agus ár ndaoine óga; tá sé seo fíor go háirithe i gcás leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, atá faoi mhíbhuntáiste nó a bhféadfadh an phaindéim a bheith tar éis tionchar díréireach a bheith aici orthu.
I mbliana, tá na hullmhúcháin seo á ndéanamh ag am nuair atá minicíocht an-ard COVID-19 inár dtír. Tá sé tábhachtach a mheabhrú gurb é an t-eispéireas atá againn go dtí seo nár foinse mhór traschuir galair í timpeallacht na scoile agus nach raibh éifeacht shuntasach ag athoscailt na scoileanna ar mhinicíocht COVID-19 i leanaí. Déanta na fírinne, is minic a bhíonn aon mhéadú ar mhinicíocht i measc leanaí nasctha leis na himeachtaí a tharlaíonn lasmuigh den scoil féin an oiread leis na himeachtaí a tharlaíonn laistigh den scoil.
Tuigim na hiarrachtaí suntasacha atá déanta ag go leor teaghlach, tuismitheoirí agus foireann scoile cheana féin ionas gur féidir le scoileanna athoscailt. Tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag bualadh le chéile go sábháilte agus ag cloí leis na bearta sláinte poiblí a bhfuil an-chur amach againn go léir orthu agus atá curtha i bhfeidhm go rathúil ag ár scoileanna….nigh do lámha nó bain úsáid as díghalrán láimhe, caith masc más é seo a mholtar i do thimpeallacht scoile, coinnigh siar ó dhaoine agus seachain sluaite.
Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoi na siomptóim de COVID-19 le bheith ar an eolas fúthu agus gan do pháiste a chur ar scoil má léiríonn siad aon cheann. Is iad seo casacht, fiabhras, tinneas cinn, scornach tinn agus srón phlúchta nó srón ag sileadh. Má léiríonn do pháiste aon cheann de na siomptóim seo, tabhair tacaíocht dóibh chun féin-aonrú agus déan teagmháil le do dhoctúir ginearálta chun comhairle a fháil agus tástáil a eagrú más cuí. Cuirfidh na bearta seo cosc ar thraschur an víris chuig daoine eile.
Críoch