Uimhreacha OTI deiridh don bhliain 2020, ina ndearbhaítear dé-thionchar eacnamaíoch na paindéime tugtha dá aire ag an Aire Donohoe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (14 Iúil), d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh uimhreacha deiridh na gcuntas náisiúnta don bhliain 2020 agus rinneadh iontu meastacháin na chéad ráithe a nuashonrú don bhliain seo. Ag trácht dó ar na figiúirí, dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe T, D:
“Tugaim faoi deara an t-athbhreithniú mór atá déanta maidir leis an bhfás OTI anuraidh, beag beann ar an uimhir a bhí i gceist cheanna féin a bheith an-láidir cibé scéal. Meastar anois gur fhás OTI píosa beag faoi 6 faoin gcéad, níos mó ná an fás a bhí measta, ag 2½ pointe céatadáin. Athbhreithnithe aníos ar onnmhairí, a shroich beagnach €500 billiún don bhliain, suas beagnach 15 faoin gcéad ar an mbliain roimhe sin, is cúis leis an ngluaiseacht seo, den chuid is mó. Tháinig an fás seo i líon an-bheag earnálacha le fostaíocht intíre teoranta. Tá sé ráite agam ó bhí tosach na paindéime ann nach tomhas cruinn é an OTI ar a bhfuil ag tarlú i ngeilleagar na hÉireann, agus tá sé sin le brath go soiléir sna huimhreacha atá againn inniu.
“Cuireann mé féin agus an Roinn i bhfad níos mó beime ar thomhais eile, leithéidí an tÉileamh Intíre Modhnaithe agus OIN*, chun críche an geilleagar bunúsach in Éirinn a mheas. Tháinig laghdú 5 faoin gcéad ar an Éileamh Intíre Modhnaithe anuraidh, agus laghdú 3 ½ faoin gcéad sa chéad ráithe i mbliana, figiúr atá ar aon dul leis an figiúr a bhí tuartha agus a léiríonn an tionchar a raibh ag na srianta Leibhéal 5 sa chéad ráithe.
“Mar a dúirt mé cheana, is ábhar misnigh dom go raibh tionchar na dianghlasála sa chéad ráithe i mbliana i bhfad níos déine ná mar a bhí le linn an chéad dianghlasála anuraidh, in ainneoin na leibhéil srianta a bheith mar an gcéanna, a bheag nó a mhór. Níos déanaí, mar thoradh ar athoscailt an gheilleagair, tháinig athshlánú láidir ar ghníomhaíochtaí sa dara ráithe mar atá cruthaithe i dtáscairí muiníne gnó agus tomhaltóirí, i sonraí maidir le híocaíochtaí cárta, chomh maith le hadmhálacha cánach i mí an Mheithimh. I margadh an tsaothair, tá an líon daoine atá ag fáil an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime tar éis titim beagnach trí chúigiú síos ó 485,000, an bhuaicphointe go luath i mí Feabhra, go díreach os cionn 210,000 an tseachtain seo. Tá laghduithe breise le teacht sna seachtainí amach romhainn. Ó thaobh na foirgníochta de, bhí gar do 10,000 tioncadail tithíochta tosaithe i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine, fianaise ar an athshlánú tapa i ngníomhaíocht agus méadú sa riar a bhfuil géarghá leis.
“Ag teacht sna sála ar Phlean Téarnaimh Eacnamaíoch an Rialtais a tháinig amach an mhí seo caite, agus inar leagadh amach céim nua tacaíochtaí agus beartas chun téarnamh post láidir a chur i gníomh, leagadh amach plean meántéarmach a Ráiteas Eacnamaíoch Samhraidh chun an cóimheas idir fiachas agus ioncam a chobhsú, nó fiú a laghdú beagán, sna blianta beaga amach romhainn agus muid ag leanúint ar aghaidh ag infheistiú ar mhaithe le riachtanais fhadtéarmacha an gheilleagair agus an tsochaí araon. Nuair a léitear na beartais atá leagtha amach sna pleananna seo mar aon, tá sé mar aidhm acu an téarnamh a dhaingniú agus caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú sna blianta beaga amach romhainn."
Críoch, Déardaoin, 15 Iúil 2021
Nóta d'Eagarthóirí:
Is éard is éileamh intíre modhnaithe (deiridh) ann, ar thoscaire don gheilleagar intíre atá ann, ná iomlán na dtomhaltas agus infheistíochtaí pearsanta agus rialtais, gan an infheistíocht in IP allmhairithe agus an léasú aerárthaí a áireamh. Ní chuimsíonn sé athruithe ar luach stoic freisin.
Is éard is ollioncam náisiúnta modhnaithe (OIN *) ann ná an t-ollioncam náisiúnta - OTI go bunúsach lúide glanmhéid na n-ioncam a chuirtear chuig nó a fhaightear ó thíortha eachtracha - lúide an dímheas ar shócmhainní maoine intleachtúla faoi úinéireacht eachtrach, lúide an dímheas ar an léasú aerárthaí, lúide ioncam PLCanna athshanchónaithe.