Cód maidir le Dea-Chleachtas chun Astaíochtaí Amóinia ó Thalmhaíochta Laghdú seolta ag an Aire
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. an Cód maidir le Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Astaíochtaí Amóinia ó Thalmhaíocht a Laghdú inniu.
Dúirt an tAire "Tugadh faoi phróiseas comhchomhairliúcháin ag tús na bliana agus anois táim sásta an Cód maidir le Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Astaíochtaí Amóinia ó Thalmhaíocht a Laghdú a sheoladh inniu". Dúirt an tAire freisin, "Tá spriocanna soiléir ag Éirinn maidir le astaíochtaí amóinia a laghdú agus na bearta deonacha seo a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm mar atá leagtha amach sa gCód seo agus déanfar an baol atá ann go sáróidh Éirinn a cuid uasteorainneacha astaíochtaí amach anseo a laghdú dá bharr.
Is treoircháipéis atá sa Chód do Dhea-Chleachtas Talmhaíochta ina leagtar amach na bearta dea-chleachtais chun cuidiú le hastaíochtaí amóinia a laghdú ar fheirmeacha na tíre. Tarlaíonn astaíochtaí amóinia mar thoradh ar leasú nó aoileach a scaradh, straitéisí beathaithe ainmhithe, tithíocht ainmhithe agus aoileach a stóráil agus is féidir leo drochthionchair a imirt ar shláinte agus ar bhithéagsúlacht.
Tá an Roinn ag tacú le gníomhartha atá sa treoircháipéis seo a bhaint amach cheana féin trí thacaíochtaí a chur ar fáil d'infheistíochtaí sa teicneolaíocht ar nós teicneolaíochtaí scartha sciodair Astaíochtaí Ísle mar an píobán sraoilleach agus an ar nós an bhróg shraoilleach agus an píobán sraoilleach. Tá 2,000 iarratais faoi scéim TAMS II ceadaithe ag an Roinn go dtí seo agus tá tuairim is €19 milliún i gcúnamh deontais íoctha ag an Roinn don teicneolaíocht seo cheana féin.
Tá sé fíorthábhachtach go leanfadh an earnáil agraibhia leis an obair mhór atá déanta go dtí seo ó tharla gur de bharr talmhaíochta a tharlaíonn 99% de na astaíochtaí amóinia. Trí na 4 phrionsabail seo a leanas: úsáid a bhaint as an bhfoinse cothaitheach cheart, ag an ráta ceart, ag an am ceart agus san áit cheart beidh sé ar chumas na hearnála éifeachtacht níos fearr a bhaint as úsáid cothaitheach. Tá sé tábhachtach go bhfanfadh an fhoinse nítrigine luachmhar seo sa gcóras táirgthe. Beidh sábháil shuntasach ar an úsáid a bhaintear as leasachán ceimiceán mar thoradh air seo. Ní raibh sé chomh tábhachtach riamh go mbeadh an éifeachtacht is fearr á baint as ábhair cothaithe.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire, "Tá deá-cháil iontach go hidirnáisiúnta orainn de bharr ár gcuid táirgeoirí bia agus feirmeoirí maidir le hinbhuanaitheacht an bhia agus an óil a tháirgeann muid agus is cúis mhór bhróid dúinn é seo. Chun an cháil seo atá ar ár dtír, mar thír ghlas, a choinneáil ní mór dúinn dul i ngleic leis na caillteanais amóinia seo sna deich mbliana seo amach romhainn. Níl dabht ar bith faoi ach go gceapaim go nglacfaidh feirmeoirí na hÉireann leis an dúshlán seo."
Nótaí don eagarthóir
Tá uasteorainn éigeantach amóinia 116kt i bhfeidhm in Éirinn ó 2010. Faoin mbliain 2020, ní mór astaíochtaí amóinia a laghdú 1% faoi bhun na leibhéil a bhí ann in 2005 agus 5% faoi bhun leibhéil 2005 ó 2030 ar aghaidh. Léiríonn an fhaisnéis is déanaí ón EPA gur tháinig ardú 2% ar astaíochtaí amóinia in 2017 agus tá sé á thuar go leanfaidh an treocht seo suas go dtí 2030.
Ag-Climatise:
Tá an comhairliúchán poiblí maidir le Ag-Climatise, Plean Oibre Náisiúnta Aeráide & Aeir don Earnáil Talmhaíochta go dtí an bhliain 2030 agus ina dhiaidh ar siúl faoi láthair agus beidh go dtí an 10 Eanáir 2020.
Tá dhá ghné ag baint leis an gcomhairliúchán:
ina leagtar amach an bealach chun cinn agus ina gcuirtear roinnt ceisteanna
thart ar 35 nóiméad an suirbhé a líonadh amach.
Cuirtear fáilte chomh maith roimh thuairimí i scríbhinn chuig agclimatise@agriculture.gov.ie agus sa phost chuig:
Comhairliúchán maidir le Plean Oibre Aeráide & Aeir
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
An Rannán Beartas um Athrú Aeráide & Bithfhuinneamh
Ionad Gnó Grattan
Bóthar Bhaile Átha Cliath
Port Laoise
Laoise
Éire
R32 K857
Is féidir an Plean Gníomhaithe Uile-Rialtais ar son na hAeráide a fháil anseo
Chomh maith leis sin, tá an tionscnamh Ag-Climatise ag teacht le cuspóirí Future Jobs Ireland – Bonn a Chur Inniu faoi Gheilleagar na Todhchaí, go háirithe Colún 5 – Ag Triall ar Gheilleagar Ísealcharbóin.
CRÍOCH