Oscailt 3 mhol nua i lár na cathrach chun tacú le teaghlaigh na hÚcráine fógartha ag an Aire Humphreys
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys go bhfuil 3 mhol nua bunaithe i lár na cathrach chun tacú le náisiúnaigh de chuid na hÚcráine a theith ó ionradh na Rúise.
Cabhróidh ‘Ionaid Tacaíochta na Úcráine‘ i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach le hÚcránaigh Uimhreacha PSP a fháil, leas a bhaint as tacaíochtaí ioncaim Leasa Shóisialaigh, agus atreoruithe a fháil chuig seirbhísí Stáit eile.
Dheimhnigh an tAire Humphreys go bhfuil na hionaid ar Shráid Chorcaí i mBaile Átha Cliath 8 agus ar Ché Hanover i gCathair Chorcaí oscailte anois chun tacú le teaghlaigh agus le daoine aonair a tháinig go hÉirinn.
Beidh na hionaid seo ar oscailt Dé hAoine, an 18 Márta agus Dé Sathairn, an 19 Márta ó 9.15am go 3pm. Ón Luan, 21 Márta, beidh siad ar oscailt ó 9.15am go dtí 5pm.
Osclófar an tríú mol i Luimneach an tseachtain seo chugainn. Tagann oscailt na mol nua seo sna sála ar sheoladh ‘ionad ilfhreastail‘ in Aerfort Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite ag an Aire Humphreys agus an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee.
Tairgeann na hionaid seo cruinnithe pearsanta le daoine díláithrithe chun:
Tá ionadaithe ón tSeirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh ar fáil freisin sna moil seo chun cabhrú le daoine ón Úcráin a bhfuil fiosruithe níos ginearálta acu. Tá Oifigigh Leasa Pobail i láthair freisin chun cabhrú le hiarratais ar thacaíocht airgeadais. Tá seirbhísí ateangaireachta ar fáil sna hIonaid.
Is féidir le náisiúnaigh na hÚcráine leas a bhaint as na tacaíochtaí sin óna nIonad Intreo áitiúil freisin.
Ag fógairt di gur osclaíodh Ionaid Tacaíochta nua na hÚcránach, dúirt an tAire Humphreys:
“Cinnteoidh na moil thiomnaithe seo i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach gur féidir le teaghlaigh na hÚcráine agus daoine aonair a theith an cogadh uafásach seo na tacaíochtaí a theastaíonn uathu a fháil chomh tapa agus is féidir.
“Tá m'oifigigh sna hionaid nua seo, chomh maith lenár nIonaid Intreo, chun cabhrú le muintir na hÚcráine Uimhir PSP a fháil – rud atá ina chéad chéim ríthábhachtach chun rochtain a fháil ar sheirbhísí éagsúla a thairgeann an Stát.
“Tá os cionn 5,000 Uimhir PSP eisithe againn cheana féin do dhaoine a tháinig ón Úcráin ó thús an ionraidh ón Rúis.
“Chomh maith leis sin, chuireamar tacaíochtaí ioncaim ar fáil do go leor teaghlach agus daoine aonair mar Liúntas Leasa Forlíontach (SWA).
“Ba mhaith liom go mbeadh a fhios ag muintir na hÚcráine go bhfuil mo roinn anseo chun cabhrú leat agus tacú leat i ngach slí is féidir linn.
“Beidh foirne ó mo Roinnse agus ón Roinn Dlí agus Cirt ag obair thar thréimhse na Saoire Bainc - Dé hAoine agus Dé Sathairn - chun cabhrú le daoine ón Úcráin a thagann isteach go hÉirinn lena riachtanais láithreacha."
Dúirt an tAire McEntee:
“Ó chuir mé deireadh leis na riachtanais víosa do shaoránaigh na hÚcráine atá ag taisteal go hÉirinn an 25 Feabhra, tá beagnach 7,300 duine atá ag lorg sábháilteachta in Éirinn tar éis teacht agus tá tacaíocht á tabhairt dóibh de réir mar is gá.
“Tá an Treoir um Chosaint Shealadach curtha i ngníomh ar leibhéal an AE, den chéad uair, chun cosaint shealadach a dheonú do dhaoine díláithrithe ón Úcráin. Tá cosaint shealadach tugtha againn cheana féin do bhreis agus 3,000 duine, go príomha trínár saoráid fáiltithe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá baill foirne ó mo roinnse ar an láthair ag an aerfort ó 8am go 3am gach lá chun a chinntiú go bhfuil muid ag bualadh le gach duine a thagann.
“Cuireann na moil nua atá á bhfógairt ag an Aire Humphreys agus mé féin inniu áiteanna tiomnaithe nua ar fáil inar féidir linn a chinntiú go mbeidh deis ag gach duine a thagann isteach sa Stát, is cuma cén calafort iontrála a dtagann siad tríd, a litir cheada shealadach, a nUimhir PSP agus a dtacaíochtaí ioncaim a fháil.
“Leanfaidh mé ag obair le mo chontrapháirtithe AE ar aon bhearta breise ar fud AE a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil chun cabhrú leo siúd atá ag teitheadh ón Úcráin. I bhfianaise an bhrú mhóir atá ar an Moldóiv i láthair na huaire, chomhaontaíomar freisin, mar chuid d'fhreagairt ón Aontas, go nglacfadh muid le suas le 500 duine ón Moldóiv a theith ón gcogadh san Úcráin."
Agus í ag obair leis an Roinn Dlí agus Cirt agus leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, tá Mol fáiltithe bunaithe ag an Roinn in Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá an mol seo ar oscailt 7 lá na seachtaine agus é i bhfeidhm gach lá go dtí go dtiocfaidh an eitilt dheireanach. Meastar go dtagann thart ar 90% de na daoine atá ag teitheadh go hÉirinn ón gcogadh san Úcráin chuig Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Chomh maith leis an mol fáiltithe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, tá socrú déanta ag an Roinn bualadh le daoine a thagann ar gach bád farantóireachta chuig calafort Ros Láir, lena n-áirítear i rith an deireadh seachtaine agus ar Lá Fhéile Pádraig, agus cabhróidh sí leo iarratais a dhéanamh ar Uimhreacha PSP agus ar thacaíochtaí eile.
Ní thiocfaidh gach duine a thagann ón Úcráin trí na hionaid seo. Tá roinnt beart eile á ndéanamh ag an roinn chun tacú le daoine.
Is féidir le duine ar bith a thagann ón Úcráin freastal ar aon cheann d'ionaid Intreo na Roinne, atá lonnaithe ar fud na tíre, chun clárú d'Uimhir PSP agus iarratas a dhéanamh ar thacaíochtaí ioncaim.
Tá 2 Ionad Tacaíochta breise curtha ar bun ag an roinn, i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Tá sé beartaithe go n-osclófar mol eile i Luimneach an tseachtain seo chugainn.
Tá Ionaid Tacaíochta na nÚcránach atá lonnaithe ar Shráid Chorcaí, Baile Átha Cliath 8 agus ar Ché Hanover, Cathair Chorcaí ar oscailt ó mhaidin agus cuireann siad cruinnithe pearsanta ar fáil le daoine díláithrithe chun:
Tá ionadaithe ón tSeirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh ar fáil freisin sna moil seo chun cabhrú le daoine ón Úcráin a bhfuil fiosruithe níos ginearálta acu. Tá Oifigigh Leasa Pobail i láthair freisin chun cabhrú le hiarratais ar thacaíocht airgeadais. Tá seirbhísí ateangaireachta ar fáil sna hIonaid.
Tá teagmháil á déanamh ag foireann na roinne freisin le daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus atá á gcur futhú i gcóiríocht ostáin ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Tabharfaidh baill foirne ón roinn cuairt ar na hóstáin seo chun cónaitheoirí a chur ar an eolas agus chun aon iarratais ar Uimhreacha PSP nó ar thacaíochtaí airgeadais a phróiseáil.
Ba chóir d'aon duine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus a tháinig go hÉirinn cheana féin agus atá ag fanacht i gcóiríocht phríobháideach ach nár eisíodh Uimhir PSP orthu fós cuairt a thabhairt ar cheann de na hIonaid Tacaíochta don Úcráin nó ar an Ionad Intreo is gaire dóibh. Beidh orthu aitheantas amhail Cárta Aitheantais Náisiúnta na hÚcráine, a bPas Úcránach nó foirm aitheantais eile a thabhairt leo.
D'fhonn an próiseas do dhaoine a thagann ón Úcráin a shimpliú tá foirm aonair forbartha ag an roinn i gcomhpháirt leis an Roinn Dlí agus Cirt.
Bailítear san fhoirm seo an tsraith íosta faisnéise is gá chun deimhniú cosanta sealadaí agus Uimhir PSP a eisiúint agus chun rochtain a fháil ar thacaíochtaí leasa shóisialaigh.
Nuair a thagann daoine ar an láthair, deimhníonn an Roinn Dlí agus Cirt ar dtús gur bronnadh Cosaint Shealadach orthu faoi Threoir an AE. Tugann sé seo cead dlíthiúil dóibh cónaí in Éirinn ar feadh tréimhse bliana, agus féadfar an cead a shíneadh ar feadh tréimhsí breise ina dhiaidh sin.
Socraíonn foireann na Roinne Coimirce Sóisialaí ansin go n-eiseofar Uimhreacha PSP agus go soláthrófar tacaíochtaí airgeadais.
Tá socrú déanta ag an Roinn Coimirce Sóisialaí freisin go ndéanfar íocaíochtaí ar nós Sochar Linbh laistigh de thréimhse an-ghearr. Ina dhiaidh sin, déanfar socruithe chun na príomhíocaíochtaí leasa shóisialaigh cuí a cheadú.
Cuirtear in iúl freisin do dhaoine a thagann ón Úcráin go bhfuil Íocaíochtaí ar Riachtanais Eisceachtúla ar fáil faoin scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh. Is féidir leis na híocaíochtaí seo tacaíocht a sholáthar le costais a bhaineann le taisteal, éadaí agus mar sin de. Tá Oifigigh Leasa Pobail lonnaithe i Mol Aerfort Bhaile Átha Cliath, Ionaid Tacaíochta na hÚcráine agus Ionaid Intreo na Roinne.