Tabhairt chun críche na gcomhaontuithe idir an Fhrainc agus Éire ar an Idirnascaire Ceilteach
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig an Taoiseach Micheál Martin, an tAire Francach Agnès Pannier-Runacher agus an tAire Eamon Ryan le chéile i bPáras inniu (an 25 Samhain) le haghaidh shíniú chomhaontuithe teicniúla agus mhaoiniú an Idirnascaire Cheiltigh.
Síníodh na comhaontuithe sin i láthair Agnès Pannier-Runacher, an tAire Francach um an Aistriú Fuinnimh, agus Eamon Ryan, Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide na hÉireann, Xavier Piechacyzk, Uachtarán bhord bainistíochta RTE, agus Mark Foley, Ard-Stiúrthóir EirGrid, arb é oibritheoir Éireannach an chórais tarchurtha leictreachais é.
Agus é forbartha ag EirGrid agus ag RTE, an Fhrainc, is é atá san Idirnascaire Ceilteach ná cábla fomhuirí cumhachta ardvoltais 700 meigeavata (700 MW) lena nascfar cósta theas na hÉireann chuig tuaisceart na Fraince. Beidh sé ar an gcéad idirnasc riamh de chuid na hÉireann chuig mórthír na hEorpa.
Síníodh comhaontuithe le haghaidh na tógála le Siemens Energy agus le Nexans, an monaróir cáblaí Francach, agus síníodh comhaontuithe le haghaidh an mhaoinithe, atá cothrom le €800 milliún, leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, le Danske Bank, le Barclays agus le BNP.
Mar thoradh ar na comhaontuithe sin, beifear in ann an tionscadal a thabhairt isteach sa chéim oibríochtúil, a dtosóidh na hoibreacha ina leith sa bhliain 2023. Sínfidh an cábla 575 chiliméadar ó chósta theas na hÉireann go cósta thiar thuaidh na Briotáine, agus beidh sé in ann go leor leictreachais a allmhairiú agus a onnmhairiú chun 450,000 teach a chumhachtú. Táthar ag súil go mbeidh an tionscadal tógtha agus i mbun oibre faoin mbliain 2026.
Leis an idirnascaire, nascfar común La Martyre sa Bhriotáin chuig sráidbhaile Chnoc Rátha i gContae Chorcaí, Éire. Sainaithníodh iad a bheith ar na láithreacha is fearr le haghaidh ceangal eangaí sa dá thír.
D’aithin an tAontas Eorpach cineál straitéiseach an tionscadail seo. Chistigh an tAontas Eorpach é go páirteach agus d’ainmnigh sé é mar Thionscadal Leasa Choitinn. Is é is Tionscadal Leasa Choitinn ann ná tionscadal bonneagair lena nasctar córais fuinnimh stáit an Aontais Eorpaigh agus lena dtugtar rochtain ar thacaíocht airgeadais trí ionstraim iasachta an tSásra Idirnasctha Eorpaigh. Is ciste é sin le haghaidh gréasáin fuinnimh, iompair agus teileachumarsáide na hEorpa a fhorbairt.
Sa bhliain 2019, fuair RTE agus EirGrid cistiú ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ab fhiú €530.7 milliún le haghaidh an tionscadail.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
"Cabhróidh an tIdirnascaire Ceilteach le costais a ísliú agus le slándáil an tsoláthair a chinntiú do thomhaltóirí fuinnimh in Éirinn agus sa Fhrainc. Cabhróidh sé le húsáid mhéadaithe a bhaint as fuinneamh inathnuaite, feabhsóidh sé slándáil teileachumarsáide agus comhtháthóidh sé margaí Eorpacha leictreachais ar bhealach níos fearr. Is garsprioc thábhachtach í seo i gcomhar na hÉireann lena comhpháirtithe Aontais Eorpaigh chun aistriú chuig fuinneamh ísealcharbóin a chinntiú."
Dúirt Agnès Pannier-Runacher, Aire na Fraince um an Aistriú Fuinnimh:
"Céim mhór ar aghaidh is ea an tIdirnascaire Ceilteach: neartóidh sé an chomhpháirtíocht fuinnimh idir an Fhrainc agus Éire, agus neart ár gcaidrimh dhéthaobhaigh á léiriú. Cabhróidh an t-idirnascaire seo le soláthar leictreachais na Fraince agus na hEorpa a chinntiú, agus cuirfidh sé dlús le húsáid an fhuinnimh inathnuaite ar fud na hEorpa."
Dúirt Eamon Ryan, Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide na hÉireann:
"Is é atá sna comhaontuithe teicniúla agus maoiniúcháin a deimhníodh inniu don Idirnascaire Ceilteach ná an pointe tosaithe le haghaidh an cábla fomhuirí stairiúil seo idir Corcaigh Thoir agus an Bhriotáin a thógáil. Nascfaidh an tIdirnascaire Ceilteach gréasáin leictreachais na hÉireann agus na Fraince, cuirfidh sé feabhas ar shlándáil ár soláthair leictreachais, cabhróidh sé linn ár gcuspóirí aeráide a bhaint amach agus laghdóidh sé costas an leictreachais. Fágann sé go mbeimid in ann fuinneamh a allmhairiú ón Eoraip nuair a theastaíonn sé uainn agus, rud tábhachtach, fágann sé go mbeimid in ann fuinneamh a onnmhairiú freisin, go háirithe nuair a thosaímid ag réadú acmhainneacht ollmhór ár n-acmhainne fuinnimh gaoithe amach ón gcósta."
Dúirt Paschal Donohoe, Aire Airgeadais na hÉireann agus comhalta de Bhord Gobharnóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta:
"Is gá infheistíocht mhórscála i dtarchur fuinnimh a chumasú chun go mbeifear in ann leas a bhaint as an acmhainneacht fuinnimh inathnuaite, spriocanna aeráide a bhaint amach agus billí leictreachais a laghdú. Fáiltím roimh na comhaontuithe maoiniúcháin agus teicniúla a síníodh inniu, arb é an toradh a bheidh orthu go mbeidh an tIdirnascaire Ceilteach in ann Éire a nascadh chuig margadh leictreachais an Aontais Eorpaigh, agus déanaim comhghairdeas leis an mBanc Eorpach Infheistíochta as tacaíocht a thabhairt don tionscadal seo."
Dúirt Kadri Simson, Coimisinéir Fuinnimh:
"Is é an toradh atá ar fhuinneamh a bheith á úsáid ag an Rúis mar arm ná go bhfuil ag treisiú leis an ngá le córas fuinnimh an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos idirnasctha, níos iontaofa agus níos éifeachtúla. Sa bhliain 2019, fuair RTE agus EirGrid cistiú ab fhiú €530.7 milliún ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le haghaidh an tionscadail. Cabhróidh an tIdirnascaire Ceilteach linn déanamh amhlaidh, agus feabhas á chur ar shlándáil an tsoláthair leictreachais in Éirinn agus tacaíocht á tabhairt d’fhorbairt an fhuinnimh inathnuaite in Éirinn agus sa Fhrainc araon. Sa lá atá inniu ann, tá Éire, an Fhrainc agus an tAontas Eorpach ina iomláine á thaispeáint don domhan conas a oibríonn an dlúthpháirtíocht Eorpach san earnáil fuinnimh."
CRÍOCH